Top Issue 1-2024

27 March 2003 Edition

Resize: A A A Print

Ag Marú ar son Buamaí

According to some military experts, the war against the people of Iraq is really a testing ground for newly developed superweapons, payback time for the arms' industry support for George Bush, argues AN DRAOI RUA




Is iomaí cúis atá fógraithe ag na Meiriceánaigh is ag na Sasanaigh le feachtais cogaíochta a thoiseacht ar mhuintir na hIaráice. Is é an leithscéal is coitianta a bhí le cloisteáil uathu ná gur déachtóir gan aon mhaith a bhí i Saddem Hussein a raibh airm ollscriosta aige. Bhí an bhréag chéanna seo scaoilte sna meain chomh minic sin gur thosaigh daoine ag tabhairt cluas le éisteacht don bholscaireacht.

Ar an taobh eile den scéal, tuigtear do neart go bhfuil 'Bush is Blair ag doirteadh fola ar son na ola'. Ní amháin sin ach is cosúil go bhfuil an cogadh tosaithe ar son buamaí chomh maith.

Tuigimid go raibh na comhlachtaí ola ag tacú go mór le feachtas toghacháin Bush agus go raibh aisíocaíocht geallta dóibh, rud a fuair siad le seasamh Bush i dtaobh Chonradh Kyoto. Mar aon leis sin, is cinnte go bhfuil na comhlachtaí céanna ag dúil go mór le greim agus smacht a fháil ar ola na hIaráice chomh luath is atá an cogadh seo thart.

Maidir leis an tionsclaíocht airm, bhí tuairimí suimiúla nochtaithe ag Vladimir Slipchenko, saineolaí míleata Rúiseach, in agallamh a rinneadh leis roinnt seachtaine ó shin.

Tá neamhaird ar fad déanta ag na meáin fá fhíorchuspóirí an chogaidh, dar an t-Uasal Slipchenko. Tá sé den bharúil gurb é an rud atá ins san fheachtas 'Shock and Awe' ná triallacha ar airm ollchumhachta nua.

Tugann Slipchenko le fios nach gceannaíonn an Pentagon ach airm a raibh in úsáid i fíorshuíomh cogaíochta agus a bhfuair teastas cailíochta dá bharr. Má éiríonn leis na comhlachtaí airm a chruthú go bhfuil na hairm úrnua ollchumhachta seo iontach éifeachtach i bhfeachtas cogaíochta, beidh conradh tugtha dóibh arbh fhiú idir $50 agus $60 billiún gach bliain.

Leis na hairm ollchumhachta seo atá in úsáid ag SAM, ní gá dóibh a bheith ar an talamh ar chor ar bith. Is féidir leis na Meiriceánaigh na háiseanna is tábhachtaí ag fórsaí míleata na hIaráice a scriosadh i bhfad sula dtéann siad isteach ar thalamh. Cuireann Slipchenko síos ar chuid de na buamaí nua atá faoi thriall ag fórsaí SAM san Iaráic:

1. Tá buama 'folúsach' in úsáid atá ábalta dul faoi thalamh agus cibe foirgnimh faoi a mhilleadh go hiomlán.

2. Tá buamaí 'crobhaingeach' in úsáid atá treoraithe ar airm na hIaráice. Beireann an 'máthair'-bhuama breith do 'leanaí'-bhuamaí agus tá gach 'leanbh' treoraithe ar thargáid ar leith. [Caithfidh mé a admháil go gcuireann an téarmaíocht seo isteach orm nuair a thuigtear go mbíonn neart máithreacha agus leanaí maraithe de thairbhe na buamaí céanna.]

3. Lena chois sin, tá buamaí 'microwave' in úsáid atá treoraithe i dtreo rud ar bith leictreach. Faraor thiocfadh lena leithéid neart damáiste a dhéanamh fosta.

4. Tá diúracáin úrnua faoi thriall chomh maith.

Anois, cluintear a lán ráiméis fán doigh a bhfuil na buamaí seo iontach 'cruinn', 'beacht' agus 'glan', ach ní dóigh liom go gcuireann a leithéid pobal na hIaráice ar a suaimhneas.

Maidir le fórsaí míleata na hIaráice, níl seans dá laghad acu. Is dócha go dtiocfadh leo an fód a sheasamh dá mbeadh an cogadh ar fad ag dul ar aghaidh fiche bliain ó shin agus é ar thalamh na hIaráice. Creideann Slipchenko go mbeidh suas le $100 billiún caite ar an fheachtas cogaíochta seo, go mbeidh breis agus 500,000 duine maraithe taobh istigh de sé seachtaine ach níl barúil faoin spéir aige cad a thitfidh amach ina dhiaidh sin. Ar ndóigh dá mbeadh $100 billiún caite ar bhochtanas na tíre, b'fhearr i bhfad muintir na hIaráice.



Gluais




Déachtóir    dictator

Bolscaireacht    propaganda

Comhlachtaí    companies

feachtas toghacháin    election campaign

tionsclaíocht airm    arms industry

saineolaí    expert

fíorchuspóirí    real objectives

airm ollchumhachta    very powerful weapons

fíorshuíomh chogaíochta    real situation of war

teastas cailíochta    certificate of quality

áiseanna    facilities

folúsach    vacuum-like

crobhaingeach    cluster-like

diúracáin    missiles

suaimhneas    at peace

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland