Top Issue 1-2024

6 September 2001 Edition

Resize: A A A Print

Seachtaine Oidhreachta

Is dócha nár thug an oiread sin daoine faoi deara ach tá Seachtaine Oidreachta Náisúnta in ainm is a bhieth ar siúl 2-8 Meán Fómhar. Ar ndóigh, ba cheart go mbeidh gach duine in Éirinn ag tabhairt níos mó airde agus cúram do shuíomhanna oidreachta ar fud na tire cibé. Le fírinne, ní chóir go mbeadh `Seachtain Oidreachta'de dhíth orainn ar chor ar bith ach is léir go bhfuil neart daoine tuillteanach ár gcúltúr a mhilleadh ar mhaithe le foirgnimh agus eile a thógáil.

Is é seo an tríú bhliain a raibh Seachtain Oidreachta ar siúl in Éirinn ach is cosúil go bhfuil suíomhanna oidreachta níos mó i gcontúirt anois ná riamh. Feictear go bhfuil obair tógála ar siúl i ngach aon baile mór is beag ar fud na tire agus níl cuma ar bith ar an scéal go bhfuil údarás sa tír ag iarraidh smacht dá laghad a choinneáil ar an obair atá ar siúl. Ligtear do na tógálaithe leanstan ar aghaidh lena gcuid oibre gan ceist.

Is dócha gurb iad na seanfhoirgnimh ar na suíomhanna is soiléire atá scriosta ar mhaithe le `forbairt' ach scriostar tírdhreach agus timpeallacht na tíre gan smaoineamh ar bith. Glactar leis go bhfuil bóithre móra de dhith ag muintir na tire agus cuirtear pleananna móra le chéile leis na príomhbóithre a thógáil ar chosta £6 milliún punt ar gach ciliméadar caithfidh a thuigbhéail go bhfuil cnoic leagtha le bóthar a chur síos agus leagtar cnioc ar an bhealach chomh maith.

Is beag cosaint atá ann do shuíomhanna oidreachta sa tír seo ar chor ar bith. Tá gach cosúlacht gur féidir le úinéir nó tógálaí a rogha rud a dhéanamh a fhad is a bhfuil an t-airgead is an tochailteoir aige.

Mar institiúid stáit, is náireach an dream iad `dúchas'. Tá siad sásta go leor bolscaireacht a dhéanamh le turasóiri ag teacht I dtír ach is beag iarracht a dhéanann siad lenár suíomhanna seandálaíocht is saibhre a chosaint.

Cluintear go minic fá chás ar leith ar na mallaibh ina raibh muintir na háite eagraithe leis an lios a chosaint. D'iarr Dúchas leo nár chréid siad go raibh an oiread sin tábhacht ag baint leis an lios toisc nach raibh fáisnéis seandálaíochta riamh tógtha ón suíomh ná nach ndearna tochailt seandálaíochta ag an aít. Nuair a iarradh ar dúchas tochailt a eagrú ag an suíomh, dúirt siad nár shíl siad gurb fhiú mar níor chreid siad go raibh an méid sin tábhacht leis an lios. Bhuel, ní raibh dóigh ar bith go mbeadh muintir na háite ábalta argóint mar sin a bhuachaint.

Cad é mar a dtiocfadh leo tábhacht seandálaíochta na háite a mheas gan tochailt a eagrú.

Tá gach cuma go bhfuil Dúchas tuillteanach glacadh le dearcadh an rachmais ar mhaithe le fobairt bréagach a dhéanamh. I ndáiríre, tá muintir na hÉireann tréigthe go minic an dream céanna agus tuairim acu nár chóir dúinn a bheith beo san aimsir chaite nuair is féidir brabús a dhéanamh. Leantar leis an cur I gcéill ag Dúchas agus scriostar na suíomhanna arsa I rith an ama. De réir na seaneolaithe, má leantar ar aghaidh ar an ráta céanna scrios beidh suíomh arsa scriosta in Éirinn taobh istigh de chéad bliain.

AN DRAOI RUA


Seanfhocal na Seachtaine


``Is dóigh le fear na díchéille gurb é féin fear na céille.''

Nach bhfuil táithí againn ar fad a bheith ag éisteacht l'amadáin agus iad lán gaoth. Ar an drochuair, ní féidir linn iad a sheachaint i gcónaí.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland