Top Issue 1-2024

23 August 2001 Edition

Resize: A A A Print

Raifteirí agus an Euro

`Mise Raifteirí an file

Lean Dóchas agus grá,

Le súile gan solas,

Le ciúnas gan chrá.'

Níl amhras ar bith ann gurb iad seo ar na línte filíochta is cluití ag Raifteirí. Bhí sé mar dhualgas ar neart daltaí scoile na focail seo a chur de ghlanmheabhair, fiú munar thuigeadh can a bhí á rá acu. Cinnte, is iomaí daoine in Éirinn atá in ann na línte fílíochta seo a aithris gan stró go fóill. Seans maith nach féidir le roinnt acu siúd comhrá Gaeilge a leanstan ach tá cúpla focail Raifteirí ach cibé.

Rugadh Raifteirí i gCill Aodáin in aice na Coillte Mach i gCo Mhaigh Eo sa bhliain 1784. Fuair sé bás i 1835 agus é curtha taobh amuigh de Chreachmhaoil i gCo na Gaillimhe. Maireann a chlú is a cháil i gcuimhne mhuintir na hÉireann ar fad. Tá aithne ag pobal na tíre ar a chuid filíochta, ní amháin i gCúige Connachta ach ar fud na tíre leis. Chaith sé féin neart ama ag taisteal, ar an drábhlas is ag cumadh dánta idir an dhá linn. Mar aon leis sin, tá a fhios againn go raibh bua an cheoil aige chomh maith:

`Féach anois mé

Agus m'aghaidh ar bhalla,

Ag seinm ceoil

Do phócaí folamh.'

Tuigtear go raibh sé féin dall ó bhí sé óg ach is léir go ndeachaigh an méid a bhí le rea aige i bhfeidhm go mór ar an phobal thart air. Ós rud é go raibh sé dall, ní raibh deis aige a chuid dánta féin a bhreacadh síos ar phár. Caithfidh muid ár mbuíochas a ghabháil le Dughlas De hÍde a chaith an t-am leis na píosaí filíochta is béaloideasa faoin Raiftéireach a scríobh síos. Is íontach an tionchar a bhí ag Raifteirí nuair a chuimhnítear gur saolaíodh De hÍde glún i ndiaidh bhás an fhile.

Ar aon nós, tharla go raibh mé in oirthear na Gaillimhe ar na mallaibh agus gur bhuail mé isteach ar theach tábhairne i mBaile Locha Riach. De réir mar a chuaigh an oíche ar aghaidh, tháinig mé ar an eolas go raibh Raifteirí féin sa phub céanna blianta ó shin. Ní amháin sin, ach chum sé dán i dtaobh an oíche céanna a chaith sé ann.

Is é cúlra an dán áirithe seo ná gur tháinig beirt fhear ar Raifteirí i lár na sráide i mBaile Locha Riach agus gur thug siad cuireadh dó theacht isteach agus an oíche a chaitheamh ag ól. D'éalaigh a chuideachrta roimh dheireadh na hoíche agus fágadh Raifteirí ós comhair Fhear an Tí gan oiread is pingin rua ina phócaí folamh. D'iarr Fear an Tí ar Raifteirí a hata a thabhairt dó mar íocaíocht óir ní raibh sé sásta fanacht lá eile ar a chuid airgid. Níor thuig sé go raibh a fhidil níos luachmhaire ná a hata. Cibé ar bith, ciceadh Raifteirí amach ar an sráid. Is cosúil gur réitíodh an achrann eadarthu sula ndeachaigh sé i mbun pinn óir níl mallacht Raifteirí an fhear an tí chomh searbh sin.

Anois, is dócha go bhfuil sé tugtha fá deara go bhfuil línte clúiteacha Raifteirí le léamh ar chúl an nóta chúig phunt, pictiúir a chruthaigh Robert Ballagh. Ar ndóigh, nuair a thagann an Euro i bhfeidhm I Mí Eanair 2002, ní bheidh na nótaí seo in úsáid a thuilleadh. Is íorónta an rud é ach is é Baile Locha Riach i gCo na Gaillimhe Euro-bhaile na hÉireann. Ciceadh Raifteirí amach as Baile Locha Riach ag tús an 19ú haois agus tá sé le ciceadh amach arís ag tús an 21ú haois.

Seanfhocal na Seachtaine

`Dán de dhánta an tsaoil'

Is dócha gur seo dóigh eile le `tarlaíonn na rudaí seo' a rá. Óir tá neart rudaí i ndán dúinn uilig sa domhan seo.

AN DRAOI RUA

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland