Top Issue 1-2024

19 July 2001 Edition

Resize: A A A Print

Comhrac faoin Chóras Sláinte

Tá sé feicthe againn cheana féin go bhfuil Fianna Fáil agus Fine Gael i ngleic lena chéile le vótaí a mhealladh ó phobal na sé chontae is fiche. Ar ndóigh, tá siad de shíor ag iarraidh pointí polaitiúla a bhuachaint i gcoinne a chéile i rith an ama. Creidim féin, áfach, go mbeidh an comhrac is mó idir an dá dream seo ná faoin chóras sláinte.

Níl amhras ar bith ann ná go bhfuil praiseach ceart déanta den chóras sláinte sna sé chontae is fiche. Ba chóir go mbeadh sé de cheart ag gach saoránach úsáid a bhaint as seirbhísí sláinte. Ní ceart atá ann ar ndóigh, ach is léir go bhfuil sé de phribhléid ag duine cúraim leighis a fháil nuair atá sé de dhíth práinneach.



De réir staitisticí a foilsíodh i Mí an Mhárta, tá 26,382 duine ag fanacht le dul faoi scian ar chúiseanna éagsúla
Caithfidh a admháil gur ábhar magaidh atá sa chóras sláinte seo atá i gcónaí ag déanamh a dhícheall freastal ar othair faoi choimirce árachais phríobháidigh. Sa am céanna, feictear gur beag an aird atá tugtha d'othair poiblí. Níl cothromas dá laghad ann.

Mar aon leis an mhéid thuasluaite, tá neart deacrachtaí agus fadhbanna eile ag an Roinn Sláinte; ganntanas altraí, dochtúirí, leapacha... De réir mar atá ganntanas ag teacht orthu siúd, tá liosta feithimh ag dul i méid i dtólamh. De réir staitisticí a foilsíodh i Mí an Mhárta, tá 26,382 duine ag fanacht le dul faoi scian ar chúiseanna éagsúla. Tá laghdú ar na seirbhísí riachtanacha agus gach otharlann lán go doras. Seá, tá easpa spáis chomh holc sin go bhfuil ar neart othair oícheanta a chaitheamh ar thrálaithe.

Is mór an trua é, ach ní bheadh an córas sláinte ina ábhar cainte ag polaiteoirí ach ab é gur tháinig ardú chostas VHI dhá uair i mbliana. Tuigtear gur cuma le lucht an mhéan-aicme faoin drochbhaoil atá ar an chóras sláinte go dtí go gcuireann sé isteach ar a bpócaí féin. Fógraíodh i Mí Feabhra go raibh ardú 6.5 fán gcéad le teacht ar an fhréamh bhliaintiúil. Tá sé fógraithe arís acu go mbeidh árdú eile de 9 fán gcéad ag teacht i bhfeidhm i Mí Meán Fómhair.

Ós rud é go bhfuil drochbhail ar an chóras sláinte féin, níl oibrithe ar dhóigh ar bith sásta fá na coinníollacha oibre atá orthu. Ní amháin sin, ach is beag féinmheas atá ar oibrithe páirt-aimseartha is sealadacha. Feictear d'altraí agus eile go dtig leo i bhfad níos mó airgid a dhéanamh agus iad thar lear. Cad chuige ar chóir dóibh fanacht in Éirinn nuair nach gcuirtear iarracht éifeachtach leis an chóras sláinte a leigheas?

Tá mé chor a bheith cinnte go mbeidh gealltanais móra ag Micheál Ó Nuanáin i dtaobh an córas sláinte agus an toghacháin anuas orainn. Cuimhnítear nach ndearna sé an oiread sin forbairt agus é féin mar Aire Sláinte. Deir an tAire Sláinte, Micheál Ó Máirtín, go bhfuil sé ar tí plean seachta mbliana a fhógairt. Cad chuige ar fhan sé chomh fada sin lena leithéid de phlean a fhógairt?

Is cuma cén dream a thagann i gcumhacht, ach ba chóir go mbeadh sé mar phríomhchuspóir náisiúnta córas sláinte éifeachtach a bhunadh láithreach. Tá sé sin i bhfad níos tábhachtaí ná pointí polaitiúla buaite ag scaifte bréagadóirí. Ba cheart go mbeadh an t-airgead curtha at fáil don chóras sláinte in ionad baint dá laghad a bheith le Fórsa Freagartha Gasta, ná le Páirtnéireacht um Síocháin.

Níl de dhíth ach an toil ceart le deireadh a chur le árachais príobháideach agus seirbhís sláinte saor in aisce do chách a bhunadh. Déarfainn go mbeadh muintir na tíre i bhfad níos fearr as dá mbeadh a thuilleadh leapacha curtha ar fáil sna otharlanna, in ionad breis gunnaí ceannaithe don arm. Nár chóir níos mó altraí a fhostú ná saighdiúirí a chur ar feail do NATO?

An Draoi Rua

Seanfhocal na Seachtaine


`Níl leigheas ar bith ar an ghrá ach an pósadh.'

Bhuel, roghnaigh mé an seanfhocal áirithe seo toisc gur seo tréimhse na bliana ina bhfuil neart lanúineacha pósta. Is minic a deirtear gur galar é an grá ach an é nach maireann an grá i ndiaidh an pósadh?


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland