Top Issue 1-2024

16 December 1999 Edition

Resize: A A A Print

Lá an Dreoilín

Ina dhiaidh fór-itheacháin Lá Nollag féin nach maith an seans aclaíocht de shaghas eigin a fháil fiú má's chun éinín beag a mharú? Smaoineann an Draoi Rua faoi nósanna agus pisreog a bhaineann leis an am seo den bhliain.


Agus lá an dreoilín beagnach anuas orainn ar 26 Nollaig, shíl mé gur chóir dom roinnt focail a rá faoin bhéaloideas agus nósanna a bhaineann leis an éan céanna.

Cé go bhfuil an dreoilín ar cheann des na héanacha is lú, cuirtear `Rí na nÉan' air anois. De réir an bhéaloidis, tharla go raibh argóint ar siul idir na héanacha fadó agus iad ag iarraidh a chur ina luí ar chéile cerbh é an t-éan is cumhachtaí eadarthu. Shocraigh siad go mbeadh comórtas ann agus go nglacfadh siad mar rí leis an éan a dtiocfadh leis gabháil níos faide in airde ná ceann ar bith eile. Thuigfea nach mbeadh mórán seans ag an dreoilín ach, sular thosaigh an comórtas chuaigh an t-éinín i bhfolach in eiteoga an iolair.

De reir a chéile, d'éirigh na héanacha tuirseach agus d'fhill siad go talamh go dtí nach raibh fágtha ach an t-iolar, dar leis. Gan aon fhreasúra le feiceáil, chreid an t-iolar go raibh an bua aige agus thosaigh sé ag teacht anuas arís. Díreach ag an phointe seo, leim an dreoilín as an áit ina raibh sé i bhfolach agus scairt sé amach, `Is mise rí na n-éan'.

Is éan iontach bródúl é mar sin agus glacann sé go dairire leis an stadas ríoga atá air. Fadó, nuair a bhí cúis achrainn idir é fein agus luchóg, fuair sé tacaíocht ó na héanacha uilig agus thug na hainmhithe ceithre chos tacaíocht don luchóg. Bhí cath millteanach idir an dhá dhream agus bhí sionnach mar bhreitheamh acu. Ionas go mbeadh a fhios ag lucht na troda cé a bhádh ag buachaint, rinne an sionnach amach go mbeadh a ruball sios aige nuair a bheadh an bua ag gabhail i dtreo na héanacha is agus a mhalairt nuair a bheadh a ruball suas aige.

Ar aon nós, thug beach cealg don tsionnach ina thóin agus choinnigh an sionnach a ruball thíos lena thóin a chosaint. Cé nach raibh na héanacha ag baint, thug comhartha an tsionnaigh misneach dóibh agus lean siad ar aghaidh ag troid go cróga go dtígo raibh an bua acu.

De thairbhe an chatha seo, glacadh leis an breithiúnas go bhfuil an t-aer agus an talamh i reim na n-éan ach go gcaithfidh na ainmhithe fanacht ar an talamh.

Tá scéal eile fan dreoilín a cuireann síos ar an dóigh a rinne sé iarracht bob a bhualadh ar fheirmeoir fadó. Tharla go raibh an dreoilín i gcruachas i rith geimhridh ghairbh agus go ndeachaigh sé chuig an fheirmeoir ag iarraidh roinnt coirce a fháil ar iasacht uaidh. Bhí an feirmeoir sásta go leor an coirce a thabhairt dó a fhad is go bhfaighfeadh sé a chuid ar ais sa tsamhradh.

Nuair a tháinig an feirmeoir ar ais ag iarraidh a choda, chuaigh an dreoilín i bhfolach i measc a mhac. Bhí daré ag mac ag an dreoilín céanna agus ní raibh an feirmeoir in ann an t-athair a aithint. Dúirt an feirmeoir, afách, gurb e an t-athair an t-oibrí is fearr a bhí ina measc.

Mar a dúirt me, s ean bródúil an dreoilín agus nuair a chuala sé focail an fheirmeora, sheas an t-athair amach ós comhair a mhac le glacadh leis an mholadh. Leoga, bhí an feirmeoir abalta a chuid a iarraidh uaidh anois.

Lá an dreoilín, tá áiteanna sa tír seo ina dtéann daoine amach sa tóir ar an éan bheag bhideach seo agus maraíonn siad é chomh maith. Is cinnte go bhfuil an t-amhrán `Barr na Sraide' cloiste ag leitheoirí An Phoblacht, agus an líne `the Boys from Barr na Sraide, went hunting for the wren...' Creidim gur nós coitianta go leor é sna Cúigí Connachta agus Muimhneacha.

Tá cúpla fath/Ieithsceal taobh thiar den traidisiún seo, cuid a bhaineann le ré réamhChríostaíocht agus cuid a thosaigh le linn do Chríostaíocht bheith ag iarraidh paganachas agus cumhacht na ndraoithe a bhriseadh in Éirinn.

Deirtear mar shampla gur threig an dreoilín Íosa ar dhóigh eigin, gur sceith sé - de thaisme - an áit go raibh Íosa ina bhfolach.

In aiteanna éile, creidtear gur threig sé arm na hÉireann i gcoinne saighdiúrí Cromwell. Oíche roimh chath idir an dhá arm, thosaigh an dreoilín ag damhsa ar dhrumaí na Éireannaigh, rud a thug le fios d'arm Cromwell cá háit a raibh siad ag campáil agus d'ionsaigh siad ar an toirt agus maraíodh arm na hÉireann ar fad.

Nuair atá an dreoilín marbh téann daoine thart ó theach go teach leis an dreoilín a thaispeaint do mhuintir na háite ar fad. Is nós é seo a dtéann siar chuig na draoithe óir chreid siad gur éan naofa a bhí ann agus gur féidir cuid dá chumhacht agus dá ádh a bhronnadh ar dhaoine le cuairt a thabhairt orthu. Dá bhrí sin, tugann muintir na dtithe bronntanais beaga don dream a thagann ar cuairt orthu.

In áiteanna eile, ní bhacann paistí le dreoilín a mharú ach téann siad thart ar lorg a thuilleadh bronntanais 26 Nollaig cibé. Bígí ag dual le cuairteoirí, slí amháin nó slí eile Lá an Dreoilín seo agus fiú má tá tú traochta leis an fhéile, cuimhnigh an mana: ná déa nós agus ná bris nós...


Vinyl Gesture




Tá an corr duine fágtha a chuireann cuireadh chuig Eoghan Mac Cormaic teacht go coisir, ach ní bhíonn a fhios acu cad a tá i ndán dóibh. I mbliana tá ticéad aige do Choisir Vinyl...


Timpeall an trath seo den bhliain faighim cuireadh, ó am go ham, dul go dtí coisir. Fiú ina dhiaidh an drocheiseamláir a rinne mé díom féin ag coisireacha eile, fiú ina dhiaidh ceap magaidh a dhéanamh as aoí eile, nó d'osta na hoíche, tá daoine ann a sheolann cuireadh chugam go fóill. De ghnáth bím buíoch dóibh ach uaireanta, is measa an cuireadh ná an neamhaird.

Níl a fhios agam cén uair a tháinig an t-athrú isteach sa tsaol, ach ní bhíonn coisir gnáthach ag daoine a thuilleadh. Na laethanta seo, is coisireacha téama a bhíonn ann. Fuair mé cuireadh an tseachtain seo caite teacht go coisir ina mbeadh gach duine gléasta mar pholaiteoirí cáiliúla! In ainm Dé. Oíche ar fad de dhaoine ag iarraidh blas Paisley nó Gerry Adams a chleachtadh? Ní raibh mé ar fáil don cheann sin, bhí orm mo ghruaige a ní.

Ansin, seoladh cuireadh do choisir téama eile chugam.

`Beidh fáilte romhat' a dúirt an cuireadh `go hoíche Vinyl. Tabhair leat do rogha féin a chuirfidh an tréimhse is fearr leat i gcuimhne dúinn'.

Oíche Vinyl? Ar feadh cupla bomaite shíl mé go raibh claontóir eigin ag iarraidh mé a mhealladh agus go mbeadh gach duine gléasta sna héadaí sin a dhíolann Ann Summers as a siopa ar Sraid Uí Chonaill. Pádraig bocht Mac Piarais. Níor chreid sé riamh gur fiadh a bheadh ann nuair a scríobh sé a dhán cháiliúil `Fornocht do chonaic mé thú' ach ó tháinig Áine Nic an tSamhraidh don sraid is iomaí duine a fheicfear fornocht feasta. Cibé scéal, níorbh é an saghas sin coisir ach an oiread a bhí i gceist. Chuir mé glaoch ar mo chara agus míníodh domh nach ionann Vinyl agus PVC, agus gurb é an vinyl a bhí i gceist ná ceirníní vinyl. Bheadh ar gach aoí seancheirnín vinyl a thabhairt don choisir agus casfaí na ceirníní sin mar cheol na hoíche.

Vinyl. Smaoin mé siar ar an aois neamhúrchoideach sin. An ré órga úd sular chualathas faoi CD nó dluthdhiosca nó DVD nó Miondiosca. Ré na réalta móra, briste tanaí, briste leathna, gansaithe le G mór orthu, snathaidí briste agus ceirníní scriosta. Bhí a fhios agam go raibh bosca ceirníní i bhfolach áit eigin sa teach, bosca a chuir mé ar leataobh lá nuair a bhí mé ag smaoineadh faoin bailiúchán iomlán a thabhairt go Car Boot sale (nós eile nach raibh ann sna seachtoidí) agus rinne mé m'intinn suas an rogha agus togha de cheirníní a thabhairt liom don choisir.

Suas liom san áiléar, nó bhí mé cinnte go raibh an bosca ann, agus go deimhin, bhí. Ach níorbh é an rogha `popcheol' agus rac a chreid mé a bheith ann a fuarthas, ach vinyl eile ar fad. Lipeadaí buithe, Outlet Records, lipeadaí dubha, Dolphin Records, lipeadaí dubha agus dearga, Major Minor Records. Bhí mé i ndiaidh teacht ar armlón amhránaíochta poblachtanaigh, armlón neamh-dhíchoimisiúnaithe, armlón vinyl.

Cá ndeachaidh na hamhráin seo, cad a tháinig ina n-áit le himeacht na mblianta? Sa bhosca, bhí stair agus cúrsa staire ar aon. D'amharc mé ar na teideil, The Derry Civil Rights Song, We Shall Overcome, Bernadette in Command, Behind the Barricades... agus ansin ag bogadh ar aghaidh le Free the People, Men Behind the Wire, Snipers Promise, Say Hello to the Provos; bhí amhráin eile ann, faoi éalaithe as príosún. Magnificent Seven, Over the Wall, Blast It agus Provie Birdie. Agus amhráin faoi thragóidí, faoi Domhnach na Fola nó faoi Billy Reid, Eamonn Lafferty agus go leor leor eile. Bhí tréimhse ann nuair a taifeadadh amhráin nua gach ré seachtain, de reir leis an cnuasacht amhrán a bhí sa bhosca sin ach chríochnaigh mo bhailiúchán le hamhrán Francie Brolly faoin agóid phlúide as a thagann an líne iontach `Nor meekly serve my time'.

Shuigh mé agus bhreathnaigh mé tríd an carn de cheirníní a bhí spréite os mo chomhair, ag cuimhneamh siar ar na laethanta bhí ann nuair a chloisfea iad gach uile áit, ag ceolchoirmeacha, i ndamhsaí, ag coisir. Ní raibh ach aon téama sna laethanta sin, ní raibh gá do dhaoine bheith gléasta a la seachtóidí nó bhí muid i lár na seachtóidí agus i lár reabhlóide. Bhí na hamhráin sin mar cheiliúradh ar an reabhlóid sin, streachailt chultúrtha a rithfeadh taobh le taobh leis an reabhlóid polaitiúil agus armtha. Cronaím na hamhráin sin.

Tá sé deacair amhráin a shamhlú ag ceiliúradh an Lae Stairiúil in Ard Macha an tseachtain seo. Tá sé deacair samhlú amhráin a chuirfeadh tine sa chroí faoi cheapadh Martin agus Bairbre ina nAirí. Ach caithfimid smaoineadh faoi sin i dtéarmaí reabhlóide, gur gníomh agus imeacht fíor radacach atá ann, agus nach mbeidh an talamh polaitiúil riamh ar ais mar a bhí roimhe. Ní bheadh imeachtaí na seachtaine seo ann, an Comhairle Áireach Uile Éireannach sin agus meath agus briseadh ar an teorann, ní bheadh a leithéid ann murach na rudaí reabhlóideacha uile a chuaigh roimhe seo, na gníomhanna agus na hamhráin a chéiliúraigh na ngníomhanna sin san áireamh. Ach nach maith an rud é amhrán amháin eile a chuirfeadh gliondar ar an chroí, a chuirfeadh i gcuimhne duinn go bhfuil an reabhlóid beo fós?

D'amharc mé arís ar an carn ceirníní agus an cuireadh. `Do rogha féin a chuirfidh an tréimhse is fearr leat i gcuimhne duinn' . Rogha, rogha. Chruinnigh mé slam mór acu le chéile agus chuir i mála iad, ag geallúint domh féin go gcuirfeadh an tréimhse i gcuimhne do chách. Anois, na héadaí a rachadh leis an rogha ceoil. Meas tú an mbeinn abalta na `skinners' agus an Ben Sherman a ironáil roimh a hocht a chloig...?

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland