Top Issue 1-2024

23 April 1998 Edition

Resize: A A A Print

Céim ar aghaidh, dhá chéim siar?

D'éirigh ceist maidir leis an Ghaeilge as Ard Fheis na bliana seo, agus ceist í nár chóir a bheith ann ar chor ar bith. Cad a tharla don Ghaeilge?

Bliain ina dhiaidh bliana, íocann an Páirtí suim mhór airgid as chostas corais aistriúcháin. Glacadh leis an rúin seo, go mbeadh coras aistriúchain ann seacht nó ocht mbliain ó shin agus ó shin amach tá seirbhís comhuaineach ann ag cuidiú le teachtaí agus cuairteoirí nach bhfuil an Gaeilge acu. Agus ag cuidiú leis an beagan, an fíor bheagan, de dhaoine a labhraíonn as Gaeilge i rith na hArd Fheise, lena dteachtaireachtaí agus pointí a chur i bhfeidhm ar na baill eile. Ach go praicticiúil, is cur amú ama agus airgid atá ann mura bhfuil níos mó daoine sasta labhairt as Gaeilge.

Beagnach deich mbliain ó shoin ceapadh go raibh an cath buaite ag Gaeil na gluaiseachta, nó aontaíodh go mbeadh coras aistriúchán chomhuaineach ann feasta, agus go mbeadh polasaí dhátheangach in aon abhar oifigiúil ón pháirtí. De bharr an pholasaí sin, thosaigh an páirtí ag foilsiú an clár sna dá theanga agus rinneadh aistriúchán de cháipéisí oifigiúla an pháirtí, Ag Bogadh ar Aghaidh/Moving On, agus Póilínteacht in aistriú / Policing in Transition ina measc.

Dhéanfadh Ard Oifig a seacht ndícheall cainteoirí an pháirtí a ullmhú le cuid Ghaeilge a úsáid ina n-oráidí agus cuireadh le Roinn an Chultúir, í ag fáil cabhair agus tacaíochta ó Ard Oifig ina hiarrachtaí i dtreo gluaiseachta dhátheangaí.

Eagraíodh imeachtaí amhail an Slógadh, bhogfadh na Gaeil timpeall na tíre ag freastal ar na Gaeltachtaí agus ag freastal ar lucht foghlamtha na Gaeilge agus ag freastal, ar ndóigh ar na Gaeil istigh sa Ghluaiseacht. Tugadh sampla chomh maith nuair a chuidigh na cimí sna Blocanna H agus i gCarcair Phortlaoise leis an tsreachailt chultúrtha, agus ba mhór an bród ar dhaoine nuair a bunaíodh an `Jailtacht' Gaeltacht na Fuiseoige trí bhliain ó shin i mBloc H7.

Ach má bhí dul chun chinn á dhéanamh ar lámh amháin, bhí trá agus dísciú ag tarlú ar an lámh eile. Bhí an bhéim imithe ó cath na mball ar son na teangan go pointe nuair a nár aithin siad go raibh cath ann a thuilleadh. Agus, faraoir, cé gur bhuaigh na Gaeil bothan aistriúcháin le linn Ard Fheise, ní hionann sin agus Gaelú na heagraíochta. Stop an cath ró-luath, threig siad an pháirc chatha agus tháinig biseach ar an sean-namhaid.

Cé hé an sean-namhaid? Leisciúlacht. `Sé an namhad is measa atá ann ná glacadh leis go mbeidh an Ghaeilge maith go leor gan tú féin, nach bhfuil ort-sa aon rud a dhéanamh faoi, go bhfuil go leor leor daoine eile a seasfaidh an fod.

Agus tá namhaid eile ann, an namhad nach gcuireann muinín sa Ghaeilge mar theanga chumarsáide cheart. Bhí an dhá shaghas namhad i láthair ag an Ard Fheis i mbliana.

Níor `ghaelaigh' na gníomhaithe ár ngluaiseacht cé gur cheap siad go raibh cuid mhaith den obair déanta. Chomh luath agus a thiontaigh siad ar postanna eile nó ar chuspóirí eile, shleamhnaigh bunsraitheanna na Gaeilge. Ní raibh Gaeilge le feiceáil ar mhana na hArd Fheise i mbliana agus b'é an jab is mó a bhí ann do na haistritheoirí bochta, pluchta ina mbothan cúng te, ná `treoracha' cathaoirligh na seisiún a aistriú: Rún 34, i bhfabhar; in aghaidh; go raibh maith agat... Ó ham go ham bheadh sruth coinsiasach d'abairtí Gaeilge le cluinsint, agus bhí teachtaí áirithe a labhair as Gaeilge uair ar bith gur bhain siad an t-ardán amach. Ach bhí daoine eile, daoine le Gaeilge nár labhair, nó nár labhair as Gaeilge. Cá raibh siad, cá raibh a ndíogras?

Bhí go leor díospóireachta i rith na hArd Fheise faoinchaipéis a thíaning as na cainteanna i Stormont, agus faoi na buntáistí agus míbhuntáistí atá inti. Luaigh níos mó ná duine amháin forbairt na Gaeilge agus leasaithe agsu athraithe atá i ndán dí, agus is maith an rud é sin. Ach cad chuige brú a chur ar rialtas na Breataine nuair a nach bhfuil go leor daoine - le Gaeilge - sa Ghluaiseacht féin sasta í a labhairt? Nach mbeadh sé níos éascaí ár ndaoine féin a thiontú i dtreo na Gaeilge ná rialtas na Breataine agus na haondtachtóirí a thiontú? Mar a deir seanfhocal na Síneach, tosaíonn an turas is faide le céim bheag amháin. Thóg daoine áirithe an chéim sin tráth, ach san idirlinn faraor, thóg daoine eile dhá chéim siar.


Tugaimis lámh chúnta trasna Shruth na Maoile



Tháinig an t-athrach ar an athrach san Eoraip le deich mbliana anuas. Fad agus a bhí na saoithe ag rá linn go raibh an náisiúnachas marbh d'fhógair náisiún Eorpach i ndiaidh náisiúin Eorpaigh a neamhspleáchas. Feicimid ar gach léarscáil den mhór-roinn anois tíortha a bhí scuabtha leis an stair, mar a ceapadh: an Liotuáin, an Eastóin, an Laitvia, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Chróit, an Ucráin.

Fuair na pobail sin cúnamh morálta agus ábhartha, os ard agus faoi choim ó chumhachtaí an Iarthair. Ar an taobh eile is constaicí a chuir na cumhachtaí céanna sa mbealach ar náisiúin in iarthar na mór-roinne a bhí ag cur in éadan na daorsmachta náisiúnta. Féach mar atá stáit iarthar na hEorpa sásta comhoibriú le rialtas na Spáinne in éadan trodairí saoirse Bascacha in ainneoin staraíocht ghránna fhórsaí Mhaidrid maidir le feallmharú agus céasadh príosúnach.

Is díol spéise iad na meáin a thacaigh go fíochmhar le bunú stáit Bhoisniaigh ach a mhíníonn dúinn nach ionann an cás sin agus ceist na Briotáine. (B'fhéidir go bhfuil an ceart acu: tá comharthaí sóirt na náisiúnachta daingnithe leis na cianta sa Bhriotáin, rud nach féidir a rá faoin Bhoisnia.)

Bíonn sé de locht orainne go minic go mbreathnaímid ar ghleic na saoirse in Éirinn mar fheiniméan inti féin beag beann ar phróisis idirnáisiúnta. Cuireann sé ionadh orm de shíor teacht ar náisiúnaithe Éireannacha atá dall ar thitim ó chéile na Ríochta Aontaithe ar oileán na Breataine agus ar an ndlús atá faoin bpróiseas sin tar éis na reifreann in Albain agus sa Bhreatain Bheag anuraidh.

An mhí seo caite bhí 47% de fhreagróirí i bpobalbhreith Albanach ar son neamhspleáchais, le hais 40% a dúirt go mbeidis sásta leis an bparlaimint atá le bunú de thoradh an reifrinn. Ba bhotún é a cheapadh gur lucht tacaíochta Pháirtí Náisiúnta na hAlban amháin atá ar son neamhspleáchais sa tír sin. Léiríonn pobalbhreitheanna agus fianaise starógach go bhfuil an dréim chun saoirse ag leathnú i measc vótóirí Pháirtí an Lucht Oibre in Albain. Agus is páirtí é sin nach bhfuil tar éis géilleadh don Bhlárachas mar atá a chomhpháirtí i Sasana. Is fórsa coimhthíoch in Albain an Tóraíochas, go háirithe an ghné Thatcherach de, ach ní réitíonn an Blárachas mórán níos fearr le dúchas na tíre.

Ní ceart dúinn a bheith inár n-iománaithe ar an gclaí agus saoirse na hAlban i gceist. Is lenár leas an lá sin a bhrostú. Tá go leor poblachtach in Éirinn nach n-aithníonn a dhíscaoilte is atá an Ríocht Aontaithe sa Bhreatain féin. Bímid gafa le seanbhéarlagair a thagraíonn do ``phobal an dá oileán'' amhail is gur náisún amháin a bhí ar an oileán béal dorais. Go deimhin tá sé thar am dúinn uile athbhreithniú a dhéanamh ar an úsáid sheanchaite a bhainimid as an téarma ``Briotánach.''

Tá traidisiún láidir i ngluaiseacht an Lucht Oibre i Sasana a thacaíonn le cúis na hÉireann. Téann fréamhacha an mheoin sin siar go dtí an 17ú haois. Tá sé i gcónaí ar cheann de na réalta is loinnrí i ndaonlathas Shasana. Tá meas gach daonlathaí tuillte ag an traidisún sin. Ach nach aisteach an rud é go bhfuil cuid mhór Sasanach ann atá ar son na féinchinniúna in Éirinn ach atá sásta í a shéanadh ar Albain!

Ar ndóigh tá cúlra leis sin, an seáivineachas ``Briotánach'' a cothaíodh le tógáil na himpireachta, le linn cogaí agus go háirithe tríd na meáin phobalda. Níl an seáivineachas sin marbh go fóill. Go deimhin tá teacht air go forleathan i measc na mBlárach. Ach tá sé lagaithe go mór. Comhartha sóirt den lagú sin an ghéarchéim ina bhfuil an mhonarcacht Shasanach.

Creidtear fós in áiteanna áirithe go mbeadh Albain, gan trácht ar an mBreatain Bheag, róbheag le bheith neamhspleách. Dúradh é sin faoin Eastóin agus faoin tSlóivéin. Dúradh é tráth faoi Éirinn. Tá an Bhreatain Bheag deich n-oiread níos mó ná Lucsamburg i dtéarmaí daonra agus achair araon. Tá Albain a bheag nó a mhór ar chomhdhaonra leis an Danmhairg agus roinnt mhaith níos mó ná í i dtéarmaí achair de.

Agus é ag labhairt ag an bhFéile Phan-Cheilteach i dTrá Lí an tseachtain seo caite dúirt Aire na Gaidhlig in Oifig na hAlban, Brian Wilson, go raibh an t-am tagtha le caidreamh ilghnéitheach idir Éirinn agus Albain a threisiú. Tagaim go hiomlán leis sin go háirithe má fhágtar Londain as an gcothromóid. Rachadh ceangail pholaitiúla, eacnamaíocha agus chultúir go mór le leas an dá thír. Ar ndóigh ní thiocfaidh bláthú ceart ar an gcaidreamh sin go dtí go mbeidh Éire agus Albain saor ó smacht phlúchtach na Ríochta Aontaithe. Ach anois an t-am leis an síol a chur.

Colm de Faoite

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland