Top Issue 1-2024

5 March 1998 Edition

Resize: A A A Print

The Pope's Brass Band rides again!

Le Colm de Faoite

NI MOR dom Gradam De Faoite le haghaidh baothráiteas na míosa a bhronnadh ar Peter Sutherland ó Goldman Sachs agus BP.

Ag labhairt dó le comhthionól eaglasta sa Bhruiséil mhaígh sé gur eascair an t-imeascadh/integration ``Eorpach'' agus an t-airgeadra aonair as na traidisiúin eitice Ghiúda-Chríostaí ``that imbue successive European Community treaties.''

Munar leor an tseafóid sin lean iardhalta Choláiste Chluain Ghamhna leis ag tabhairt ``haven of peace'' ar an Aontas Eorpach.

Níor luaigh sé go raibh an ``haven of peace'' seo ag iarraidh fórsa núicléach a dhéanamh de féin, go raibh sé tosaithe ar eachtraíocht mhíleata taobh amuigh dá chríocha (sa Bhoisnia, mar shampla) agus go raibh sé ag imirt cos ar bolg i gcúrsaí trádála ar thíortha an deiscirt.

Deir Peter go mba chóir don Eaglais Chaitliceach Rómhánach a bheith ``activist'' ina tacaíocht don Aontas. Ní dheachaigh sé chomh fada lena iarraidh go mbeadh fiúntas ollphéist na Bruiséile ina dhogma do-earráideach ach ba léir céard a bhí uaidh, go ruaigfí easaontóirí go fearann an damnaithe shíoraí. 1922 arís!

Nach mbriseann an dóchas trí shúile an chait ar na Léinte Gorma!

Is cinnte go mbeidh go leor de na fíréin maslaithe leis an iarracht seo ar theacht i dtír ar a gcreideamh agus ar a n-eaglais.

Daoine iadsan a bhfuil léamh eile acu ar shoíscéal na Críostaíochta seachas Peter Sutherland. Níl spás i luachanna Giúda-Chríostaí na ndaoine sin don saint, don fhorlámhas ná don chogaíocht chreachach.

Ar ndóigh beidh daoine in oifigí tábhachtacha san eaglais Rómhánach a chuirfidh fáilte roimh chaint Sutherland mar chrios tarrthála dá n-institiúid chumhachta. Bhí a leithéid ann ó aimsir Chonstaintín i leith, pápaí agus easpaig a bhí sásta striapach a dhéanamh de Chathaoir Pheadair.

Ní hionann a nDia siúd agus Dia an tsóláis a ndearna Marx cur síos air (uirthi?): ``the sigh of the oppressed creature, the sentiment of a heartless world and the soul of soulless conditions.''

Ba é an Dia a cheap lucht an striapachais pholaitiúil sna heaglaisí ``Dia an údaráis is an chumhachta `s an phoimp/ seachas Dia an láimh chúnta.'' (Nath ón dán ``As Agreed At X'' le Pádraig O Snodaigh, Carn 100).

Má leanann Peter Sutherland ar an téad seo beidh sé i mbaol a bheith ina ridire pápúil. Féach ar a tharla le déanaí do Rupert Murdoch!

Dhá mhí ó shin insealbhaíodh eisean ina Ridire Ceannasaí d'Ord Marcach Ghréagóir Naofa. Ní léir cén cineál marcaíochta a rinne sé leis an ardghradam sin a bhaint amach ach bhí an Cairdinéal Roger M. Mahoney (as Alabama) i láthair thar ceann an Phápa le fáilte a chur roimhe sa mharcshlua.

Ceithre bliana ó shin dúirt an drámadóir Dennis Potter: ``There is no one person more responsible for the pollution of what was already a fairly polluted press. And the pollution of the press is an important part of the pollution of British political life...''

Rud eile a dúirt Potter: ``Commercialisation of everything means you're putting a commercial value upon everything and you turn yourself from a citizen into a consumer.''

Níl mórán de thraidisiúin eitice Ghiúda-Chríostaí le haithint sa tomhaltóireacht chéanna ach sin an bhéascna a mórann Peter Sutherland agus soíscéalaithe eile an tsaormhargaidh gan laincis.

An bhfaighidh an bhéascna sin beannacht na Róimhe? Tá an stocaireacht tosaithe le haghaidh an chéad toghchán pápúil eile.


Biogóideachas i mBaile Meánach



Le Marcas Mac Ruairí

DAORADH cúigear fear ó Baile Meánach as ionsaí seicteach ar clann Caitliceach ar an chúirt i mBéal Feirste Dé hAoine.

Agus á gcur go priosúin dúirt an breitheadh gur eachtra biogóideacht dall a bhí ann.

Chuala an chúirt gur scrios siad a mbealach isteach baile na ban a chónaigh lena hiníon 18 mbliana d'aois agus a mac 11 bhliana san eastát dílseach Bhaile Chaoil.

Rug siad greim ar an chailín leis an ghruaig chaith siad chuig an leaba í aguis iad á ciceadh ar an cheann agus sna heasnaí.

Creachadh an teach agus i rith an eachtra rinneadh damáiste £6,000 don arás féin agus do shealúchas na clainne. Cuireadh bagairtí báis orthu siúd istigh ann.

As an chúigear daoradh priosúntachta sé bhiana ar cheathrar agus ceitre bhliana go leath ar an duine eile.

Tharla an ionsaí ar 6ú Mí na Nollag 1996.

Is léiriú é seo ar an fáilte a chuirtear roimh Chaitlicigh i gceantracha dílseacha a sheasann go lom i gcompáiráid leis an chaoi a ligtear do Phrotastúnaigh páirt iomlán a ghlacadh i saol sna háiteanna siúd ina bhfuil tromlach náisiúntóirí.


Seachtain na Gaeilge



Le Eoghan Mac Cormaic

TA Nollaig ag na Críostaithe, an 12ú Lá ag na hOraistigh, an 4ú Lá d'Iúil ag na Poncanaigh ... agus ar ndóigh Seachtain na Gaeilge ag na Gaeilgeoirí.

Bliain ina dhiaidh bliana tagann an imeacht mhór seo timpeall agus aidhm agus cuspóir ag an tseachtain ná líon na nGaeilgeoirí a mhéadú.

`Sí an rud is fearr faoin seachtain, de ghnáth, nach mbíonn ar dhaoine bheith líofa sa Ghaeilge bheith páirteach sna himeachtaí, cé go sasaíonn eagraitheoirí na seachtaine dúil na gcainteoirí líofa agus spéis na bhfoghlamthóirí ar aon i réimse an chláir.

`Sí Cathair na Gaillimhe an t-ionad is mó d'imeachtaí Gaelacha an t-am seo den bhliain agus lucht Chonradh na Gaeilge a ghlacann curaim de stiúr na n-imeachtaí. D'fhoilsigh siad Clár na Seachtaine Dé hAoine seo chuaigh thart agus mar a bheifeá ag dual tá go leor leor rudaí difriúla ar siúl.

Mar a deir Eibhlín Ní Clochartaigh faoin cheiliúradh náisiúnta bliantúil seo, tugann sé deis do dhaoine féile spraoiúil a bheith acu agus an Ghaeilge a labhairt agus a chraobhscaoileadh ar fud na tíre. `Is deis chun ár gcairde ar bheagán Gaeilge a spreagadh agus an saibhreas a bhaineann leis an Ghaeilge a léiriú dóibh.'

I mbliana tá dhá chomórtas ann do scoileanna, comórtas aistí agus comórtas postaeirí.

In aois seo na teicneolaíochta is trathúil agus oiriúnach go bhfuil comhlacht áitiúil, Galmac, ag bronnadh duais d'ríomhairí ar scoileanna na mbuaiteoirí. Naomh Pádraig agus an 20ú Aois an téama i mbliana dona comórtais, agus le duais chomh mór le ríomhaire ar thairiscint nár chóir do Gaelscoileanna ar fud na tíre dul san iomaíocht.

Tá réimse imeachtaí do dhaoine fásta chomh maith. Seolfar idir leabhair agus dluthdhioscaí ag imeachtaí in Aras na Gaeilge, Sráid Doiminic ag tús na Seachtaine: `Affairs of the Harp' leabhar agus dlúthdhiosca le Kathleen Loughnane, ag 8.00 Dé Domhnaigh 8 Márta, agus dhá oíche ina dhiaidh sin seolfar `Drioball na Fainleoige' le Johnny Connolly, `An Chéad Chló' - cnuasacht le seisear de nuafhilí ár linne, agus `I mBéal na Farraige' - scéalta béaloideas faoin fharraige.

Ach ní bhíonn na himeachtaí go léir chomh dairíre le seoladh oifigiúil. Beidh seisiúin ceoil sa Chlub gach oíche agus in áiteanna eile sa chathair, ach beidh an craic is fearr b'fhéidir, ar an Chéadaoin nuair a chruinníonn na mic léinn le chéile le haghaidh oíche Karaoke An bhfuil Báidín Fheidhlime nó Péigí Leitir Mór ar eolas agat?

Tá gach eolas faoi imeachtaí na seachtaine ar fáil ó Chonradh na Gaeilge ag 45 Sráid Doiminic, Gaillimh nó glaoch a chur ar (091) 567824. Má tá sibh ar chuairt san Iarthar i rith na seachtaine táim cinnte go gcuirfear fáilte Gaelach is fiche romhat bheith páirteach insan spraoi.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland