Top Issue 1-2024

20 November 1997 Edition

Resize: A A A Print

Fíorlaochra an Chéad Chogadh Domhanda

Léiriú maith é ar bhanchbhristeacht mhorálta nua-aontachtaithe Thriantán Dhomhnach Broc na himeachtaí atá ar bun acu rómánsaíocht a athchruthú faoin Chéad Chogadh Domhanda agus páirt na nEireannach ann. Tá sé mímhacánta amach is amach a bheith ag teacht i dtír ar na hainniseoirí bochta a fuair bás sa chogadh sin le hiar-Bhriotanachas a chur chun cinn.

Níor gháirsiúlacht go dtí é an Cogadh Mór mar a thugtaí air. Daoradh na milliúin saighdiúirí chun báis ghránna ar mahithe le ahtroinnt choilíneach ar an domhan. ``Your country needs you,'' a dúirt na póstaeir earcaícohta. Dulce et decorum est pro patria mori. Abair é sin leis na teaghlaigh a scriosadh agus leis na pobail a bánaíodh. Níor chuir sé le milseacht an bháis nach raibh sa patria ach cumadh impiriúil ar nós na Ríochta Aontaithe.

Lá i ndiaidh lae tiománadh na mílte buachaillí óga trasna na machairí fola le go bhféadfadh na ginearáil marc a chur orlach nó dhó chun tosaigh ar léarscáil. Iad siúd a raibh sé de chiall acu rith sa treo eile chuir a n-ofigigh féin chun báis iad.

Níorbh iad na ginearáil amháin a bhí ciontach ina mbás. Cruthaíodh histéire chun cogaidh i ngach tír chomhpáirteach. I Sasana cuireadh an cogadh chun cinn mar chrosáid in aghaidh na ``Huns'' barbartha agus na dTurcach neamhn-Chríostaí. In Eirinn bhí blas ``náisiúnaíoch'' ar an mbolscaireacht - `the real Irish spirit.'' Baisteadh ``na Géanna Fiáine'' orthusan a ghlac scilling an rí amhail is go raibh cosúilacht idir iad agus na hEireannaigh a liostáil in airm na mór-roinne sa 17ú haois.

Ghlac polaiteoirí, fostóirí agus eaglaisigh páirt ghníomhach i gcur le chéile an inneall búistéireachta. Bhris comhlachtaí móra ar nós Guinness cuid mhór dá bhfoireann le hiallach a chur orthu dul isteach in arm Shasana. An té nár liostáil ní riabh post i ndán dó ag deireadh an chogaidh, nó go bráth, in Guinness.

Ar fhaitís go raibh aon amhras ann faoin scéal bhí an Cairdinéal Logue agus an chléir idir Chaitliceach agus Protastúnach in ann a chur ina luí ar dhaoine go raibh Dia ar thaobh mhuintir Saxe-Coburg agus go raibh lorg Shátain ar a gcol ceathracha Hohenzollern.

Bhí Irish Independent William Martin Murphy agus an chuid is mó de na nuachtáin áitiíula chomh lán céanna leis an masmas impiriúil agus a bhí an Irish Times.

Ghlac sé misneach thar na bearta seasamh in aghaidh na histéire sin. Ba iad fíorlaochra an Chéad Chogadh Domhanda iadsan ar fud na hEorpa a d'fhógair ``Non serviam!'' Bhí dornán beag síochánaitghe i ngach tír a dhiúltaigh dul isteach sna hairm agus caitheadh go dona leo. Bheifí ag súil le seasamh frithchogaidh ón ngluaiseacht idirnáisiúnta shóisialach ach nuair a tháinig an crú ar an tairne ghéill sí sin don táirísleacht. Ní riabh ach beagán de cheannairí sóisialacha a sheas an fód, Léinín, Trotsky, Luxemburg, Liebknecht, Maclean agus an Conghaileach.

Bhí páirt cheannasach Uí Chonghaile in Eirí Amach 1916 ag teacht go himlán lena sheasamh idirnáisiúnaíoch in éadan an chogaidh impiriúil. Iarracht a bhí san éirí amach an cogadh impiriúil sin a thiontú ina chogadh chun fuascailte náiisúnta. Ní riabh sárú san Eoraip diir 1914 agus 1918 ar lochas, misneach morálta agus uaisleacht lucht an éirí amach sin.

I 1918 ghlac pobal náisiúnaíoch na hEireann seasamh aontaithe in aghaidh na Coinscríbhe. Níor ghlac aon náisiún eile san Eoraip seasamh dá leithéid ar scála náisiúnta. Ní miste smaoineamh air sin agus iarrachtaí ar bhun ag tiarnaí cogaidh na linne seo neodracht na hEireann a chur ar ceal agus muide a tharraingt isteach i gcogaí acmhainne na 21ú haoise.

Abhar trua iadsan a chuir éide an rí orthu féin sa Chéad Chogadh Domhanda. Is féidir comhthuiscint a bheith againn dóibh. Ach bímis soiléir nach raibh an ceart acu.

Colm de Faoite

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland