Top Issue 1-2024

27 November 2017 Edition

Resize: A A A Print

Cath na Catalóine

Cogadh na faisnéise faoi lán tseoil cheana féin

Is léir go bhfuil Rialtas na Spáinne ag iarraidh smacht iomlán a bheith acu ar na teachtaireachtaí atá ag teacht amach maidir lena bhfuil ar bun sa Chatalóin agus is fíor dhroch lá don daonlathas idirnáisiúnta atá ansin

IS LÉIR go bhfuil Cogadh na Faisnéise idir an Chatalóin agus Rialtas na Spáinne faoi lán tseoil cheana féin. Agus mé dhá scríobh seo, tá rudaí ag athrú in aghaidh an lae agus in amanna in aghaidh an uair a chloig sa gceantar. 

Tá gné eile den scéal seo nach bhfuil an oiread aird faighte aige, dár ndóigh. Sin go bhfuil bat agus bóthar tugtha don fhoireann ar fad a oibríonn le Diplocat agus na h-oifigí toscaireachta a bhunaigh Rialtas na Catalóine ar fud an domhan. 

Is comhfhiontar poiblí-príobháideach atá in Diplocat, a chuireann eolas ar fáil faoin Chatalóin agus a chothaíonn caidreamh leis an chuid eile den domhan.

Bhí roinnt toscaireachtaí ar bun freisin faoi scáth na Roinne Trédhearcachta & Gnóthaí Eachtracha agus Caidreamh Institiúideach agus iadsan ag feidhmiú thar ceann Rialtas na Catalóine ar fud an domhain agus tá siad sin dúnta síos ag Rialtas na Spáinne anois  freisin.

Sa bhreis ar sin, tá smacht glactha ar an Agència Catalana de Notícies – Áisíneacht Nuachta na Catalóine, atá ag iarraidh cothromaíocht a thabhairt ó thaobh feasacháin nuachta maidir lena bhfuil ag tarlú sa réigiúin chomh maith.

Is léir dá bhrí sin, go bhfuil Rialtas na Spáinne ag iarraidh smacht iomlán a bheith acu ar na teachtaireachtaí atá ag teacht amach maidir lena bhfuil ar bun sa Chatalóin agus is fíor dhroch lá don daonlathas idirnáisiúnta atá ansin.

Dár ndóigh, rinne Rialtas na Spáinne iarrachtaí an nuacht agus saoirse cainte a chuir faoi chois sa gCatalóin roimh reifreann an 1ú Deireadh Fómhair chomh maith. Baineadh anuas suíomhanna idirlíon a bhain leis na céadta eagraíocht pobail agus cultúrtha, gan dlí na tíre a leanúint, in ainneoin gan eolas ar bith faoin reifreann a bheith luaite orthu.

Rinneadh cibear-ionsaí chomh maith ar lá an reifrinn ar an suíomh idirlíon a raibh liosta na dtoghthóirí air, in iarracht cur isteach ar an saoirse vótála.  Sin gan trácht ar na h-ionsaithe fisiciúla a rinne an Guardia Civil, le beannacht agus spreagadh Rialtas na Spáinne, ar ghnáth dhaoine a bhí ag iarraidh a gcearta faoin dlí idirnáisiúnta a chleachtadh.

Tá cuid mhaith leithscéalta tugtha ag ceannairí na hEorpa, rialtas na hÉireann san áireamh ansin, maidir le reifreann a bhí, dar leo, ‘mídhleathach’. Ach, is beag cainte atá acu maidir ar na dlíthe atá briste ag Rialtas Rajoy. Is cosúil go bhfuil dlí amháin ann do mhuintir na Catalóine agus dlí eile do Rialtas Mhadrid.

Tá an ceart um féinchinntiúchán sealbhaithe i roinnt comhaontaithe idirnáisiúnta atá glactha mar dhlí ag an Spáinn ó 1977 ar aghaidh. Dearbhaíonn bunreacht na Spáinne in Alt 96 go bhfuil na dlíthe idirnáisiúnta mar chuid de dhlí na tíre sin agus deimhníonn Alt 10.2 go ndéanfar bunchearta agus saoirse pobail a chuir i bhfeidhm faoi threoir dlíthe áirithe idirnáisiúnta chomh maith. Is beag aird atá ag lucht cáinte na Catalóine ar sin.

Ach, gan amhras, tá gné iontach polaitiúil lena bhfuil ag tarlú ar fad chomh maith. Tá sé spéisiúil chomh daingean is atá an Taoiseach Varadkar agus a chuid Airí, Mícheál Martin agus ceannairí polaitiúla eile ag seasamh le Príomhaire Rajoy na Spáinne, i bhfianaise an chaimiléireacht ar fad atá ar bun ag baill dá pháirtí sin, an Partido Popular.

Tá suas le 835 ball den pháirtí sin luaite le ós cionn 60 cás caimiléireachta atá ós comhair na gcúirteanna faoi láthair. 

An réiteach a bhí ag Rajoy agus a chomhghleacaithe ar seo, ná na h-eagrais agus áisíneachtaí a bhí I mbun fiosrúcháin a lagú agus cumhachtaí a bhaint díbh. An-chosúil leis an straitéis ceanna atá ar bun acu anois arís sa Chatalóin le Diplocat agus na Toscaireachtaí Idirnáisiúnta.

Agus, is cosúil go bhfuil an Aontas Eorpach agus formhór ceannairí na hEorpa sásta seasamh le Rajoy agus an cur chuige frith-dhaonlathach seo. Seans go n-insíonn sin níos mó faoi na ceannairí céanna sin, ná a deir sé faoi muintir na Catalóine. Cogadh salach atá agus a bheidh ann.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland