Top Issue 1-2024

2 November 2015 Edition

Resize: A A A Print

Sea – Cothromaíocht!

Fáilte mhór roimh an Bille um Pósadh, ach cath na cothromaíochta fós ar le buachan

Ach, an scannal is mó faoin tine sin ná go bhféadfadh a leithéad a bheith tárlaithe ar bheagnach aon láthair ina a bhfuil baill den phobal lucht siúil ag cur futhú ar fud na tíre

BHÍ RÍMEÁD agus cathréimeachas le brath sa tSeanad le déanaí nuair a glacadh leis an mBille um Pósadh, a thugann feidhm reachtúil do chinneadh na cosmhuintire cothromaíocht pósadh a bhronnadh ar ghach saoránach.

Bhí Seanadóirí ó gach aicme polaitiúil moltach ar a chéile agus moltach ar an arm sibhialach a chuaigh i mbun an fheachtais le cothromaíocht inscne a bhuachan ó thaobh cearta pósta di. Ach, léiríonn an méid atá ag titim amach ó thaobh ionad sealadach a fháil do bhaill den lucht siúil, i ndiaidh tubaist Charraig Mhaighin, gur fada muid ón bhfís a shamhlaigh sínitheoirí Forógra na Cásca agus go bhfuil bóthar fada le siúl fós againn chuige sin.

Níl aon amhras ach go mbeidh an 22ú agus 23ú Bealtaine 2015 greannta i leabhra staire na hÉireann mar laethanta ina dtáinig muid chun aibíochta mar phobal agus an reifreann um Chomhionannas Pósta dhá reáchtáil agus móramh mór de phobal na tíre ag vótáil ina fhábhar. Bhí an fhaoiseamh agus an dearfacht a bhí le brath ón bpobal ‘LADT’ agus daoine eile nach iad, iontach suntasach agus moladh mór dhá fháil ag an ngluaiseacht pobail a bhí taobh thiar den fheachtas buacach. Is ceart moladh a thabhairt dóibh as ucht an obair a rinne siad – agus as an gcaoi a spreag siad daoine óga agus aosta chun vóta a chaitheamh ar son an reifreann úd.

Tugadh an píosa reachtaíocht seo chun cinn go tapaidh – rud nach dtarlaionn le píosaí eile reachtaíochta a bhfuil muid ag fanacht uathu le fada – ach fágfaidh muid sin go dti lá eile! Dhírigh páirtithe an rialtais ach go h-áirithe orthu féin sa diospoireacht Seanaid – ag searradh guaillí, ag moladh a chéile agus ag iarraidh teacht i dtír ar dheá-thoil an ghlúin ‘Sea-Cothromaíocht’ gan aon náire. Ach, seachas mé féin agus an Seanadóir Jillian Van Turnhout – is beag duine a d’ardaigh ceisteanna faoi cé chomh cothrom is atá Éire an lae inniu i ndáiríre.

Ábhar íoróin gan dabht atá ann go raibh muid ag plé na ceiste seo agus cúigear de phobal an lucht siúil dhá chur i gcré na cille i ndiaidh tubaist Charraig Mhaighin. Bhí cúigear eile fós dhá thórramh. Muna raibh sin sách dona mar scéal, tá an chaoi a bhfuiltear ag trácht agus ag caitheamh leis an dream eile a bhí ag cónaí ar an láthair sin ó shoin, náireach amach is amach.

Ach, an scannal is mó faoin tine sin ná go bhféadfadh a leithéad a bheith tárlaithe ar bheagnach aon láthair ina a bhfuil baill den phobal lucht siúil ag cur futhú ar fud na tíre. Tá cás i nGaillimh ina bhfuil cónaí ar chlanna den lucht siúil díreach in aice le h-ionad dramhaíola agus boladh bréan san áit an chuid is mo den am. 

Suntasach sa chomhthéacs sin nach dtarraingíonn na h-údáráis áitiúla mórán den mhaoiniú anuas atá ar fáil dóibh go náisiúnta le cóiríocht a chur ar fáil don lucht siúil. Deacrachtaí áiteanna a fháil an bhfuil na pobail áitiúil sásta glacadh leo, an bhundeacracht má tá muid firinneach faoi. Ciníochas córasach a thabharfadh daoine áirithe air.

Ach, ní h-iad pobal an lucht siuil an t-aon dream a mhothaíonn an éagcothromaíocht córachas ach an oiread. Bheadh clabhsán den chineál céanna ag daoine le míchumas, ag an dream atá anseo ar thóir dídine – go h-áirithe iad sin atá ag cur futhu sa chóras soláthar díreach. Níl comhionannas ag na pobail  tuaithe, ag ár n-imirceoirí, ag dreamanna o chúlraí dúshlánacha agus cuid mhaith eile.

Agus vótáil Seanadóirí an Rialtais agus iad siud a thacaionn leo go rialta, ar son reachtaíocht agus buiséid a chinntíonn go leanann an éagcothromaiocht sin. Sea – Cothromaíocht – do chuid do na daoine!

Deireann Forógra na Poblachta: ‘Ráthaíonn an Phoblacht saoirse chreidimh agus saoirse shibhialta, cearta cothroma agus deiseanna cothroma don uile shaoránach’. Ní mhor don ghluin ‘Seo – Cothromaiocht’ anois an fhuinneamh cathréimeach úd a dhíriú ar an bhfís sin a bhaint amach do na dreamanna eile in Éirinn a bhfuil sin dlite acu.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland