Top Issue 1-2024

4 May 2015 Edition

Resize: A A A Print

Dóchas do na hImircigh Éireannacha sna Stáit Aontaithe

Éileamh don Ambasádóir córas tarscaoileadh víosa a thabhairt isteach

D’fhéadfadh Ambasadóir na Stáit Aontaithe in Éirinn, scéim tarscaoileadh a thabhairt isteach a thabharfadh deis taisteal d’inimircigh Éireannacha

TÁ DÓCHAS nua ann go mb’fhéidir go bhféadfadh faoiseamh a bheith ann d’imircigh Éireannacha atá sna Stáit Aontaithe gan a gcuid páipéír mar is ceart acu. Tá éileamh dhá dhéanamh ag an mBrúghrúpa Éireannach um Athchóiríú Inimirce (the Irish Lobby for Immigration Reform) go mbainfí úsáid as córas tarscaoileadh, no ‘waiver’, a d’árdódh an cosc ar thaisteal trí agus deich mbliana atá ar inimiricigh I Meiriceá nach bhfuil cáipéisí cuí acu.

Tá sé léirithe ag ILIR go bhfuil a leithéad de chóras i bhfeidhm cheana féin i dtíortha eile, faoi scáth na hAmbasáidí éagsúla de chuid na Stáit Aontaithe, ar fud an domhain. Tá Ciarán Staunton, Uachtarán ILIR, ag impí ar an Ambasadóir in Éirinn, Kevin O’Malley cothrom na féinne a thabhairt d’inimircigh Éireannacha agus scéim dá leithéad a chur ar bun anseo chomh maith. Tá Sinn Féin ag tacú leis an éileamh seo agus ta sé ardaithe ag Gerry Adams leis an Ambasadóir O’Malley chomh maith, ag súil le faoiseamh a thabhairt dóibh siúd atá i gcruachás thall.

Meastar go bhfuil tuairim is caoga míle Éireannach ag cónaí i Meiriceá ar bhealach neamhrialaithe. Tá cuid mhór acu seo ann le blianta fada agus gan deis acu filleadh abhaile le cuairt a thabhairt ar chlann, ná cairde, ar shochraid, ar cheiliúradh nó ar aon chúis eile acu. Tá cuid mhór acu ag obair, ag íoc cánacha, pósta agus clann orthu. Ach, maireann siad i gcónaí faoi scáth an eagla go dtiocfaidh an cnag ar an doras agus go n-ordófar dóibh imeacht as an tir.

Tá iarrachtai ar bun ag an Uachtarán Obama, leis an gceart a thabhairt dó, chun scéim faoisimh a thabhairt isteach d’inimircigh atá ag cónai i Meiriceá ós cionn trí bliana, a bhfuil páiste acu atá mar  shaoránach ann, nó ansin go dleathach go buan. Ach, tá dúshlán cúirte dhá thabhairt don Rialú Uachtaránachta seo atá beartaithe. Meastar freisin, nach leigheas é seo ar chruachás na n-inimircigh Éireannacha ar fad, ach go mba chuidiú é do chuid mhaith díobh da dtabharfaí isteach é.

Ach, idir an dá linn d’fhéadfadh Ambasadóir na Stáit Aontaithe in Éirinn, scéim tarscaoileadh a thabhairt isteach a thabharfadh deis taisteal d’inimircigh Éireannacha. Tá an scéim seo i bhfeidhm cheana féin i gcuid mhaith tíortha eile agus luann an ILIR Meicsiceó ach go h-áirithe. mar shampla de sin. I 2011, tugadh cead do 58,000 de mhuintir na tíre sin a d’fhan thar an trí nó deich mbliain a bhí ceadaithe dóibh, cead chun fanacht sna Stáit. Meastar go dtabharfadh an scéim seo seans do suas le 25% do na mílte inimirceach ón tír seo, chun caighdeánú a dhéanamh ar an stádas atá acu, dá dtabharfadh an Ambasadóir an seans sin dóibh.

Tá an cheist ardaithe ag Gerry Adams agus an pháirtí leis an Ambasadóir agus tuigtear dúinn go bhfuil seisean ag déanamh iniúchadh ar an gceist I láthair na h-uaire. Go dtí seo, áfach is beag brú atá tagtha ó Rialtas na tíre seo ar an Ambasadóir faoin ábhar.

Is léir ón obair stocaireachta atá ar siul ag ILIR agus eagraíochtaí eile, go bhfuil tacaíocht sna h-aicmí polaitiúla éagsúla chun leasú dlithe inimirce a chuir i bhfeidhm i Meiriceá. Tá sé soiléir áfach go bhféadfadh seo a bheith tarraingthe amach mar phroiséis agus gur céim thábhachtach, eatramhach a bheadh sa scéim tarscaoileadh atá molta, chun normalú a dhéanamh ar shaol na scórtha mílte Éireannach a chónaíonn sna Stáit, gan trácht ar a gcairde is a gaolta anseo nach mbíonn ábalta caidreamh mar is ceart a bheith acu lena gcomradaithe ansiúd thall.

Beidh muidne i Sinn Féin ag leanúint leis an stocaireacht leis na h-údaráis ar an gceist seo agus ag iarraidh ar an rialtas anseo a gcuid féin a dhéanamh dar bpobal inimirceach i Meiriceá. 

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland