Top Issue 1-2024

1 April 2015 Edition

Resize: A A A Print

Liadh ag ceann na feadhna

TÁ feachtas láidir ar siúl ag an bhfeisire Eorpach Liadh Ní Riada le ceart lucht labhartha na Gaeilge san Aontas Eorpach a chinntiú. Ábhar náire don rialtas go bhfágtar ag Sinn Féin é an feachtas seo a dhéanamh.

Tá an Ghaeilge ina teanga Chonradh ó chuamar isteach sa gCómhphobal eorpach i 1973, ach ce go raibh lucht idirbheartaíochta thar ceann na hEorpa sásta aitheantas atbhairt don Ghaeilge an t-am sin mar theanga oifigiúil den Chomhphobal dúirt rialtas na linne – rialtas Jack Lynch, agus rialtas Fhine Gael/Labour ina dhiaidh – nár theastaigh uatha an stádas sin a bheith ag an teanga.

Deich mblian ó shoin thosaigh feachtas eile ag lucht labhartha na Gaeilge le stád oifigiúil a bhaint amach don teanga, mar a bhí ag mionteangacha eile ar nós na Maltaíse.

Ar ndóigh bíonn feachtaisí ar siúl i dtaobh teangacha eile ar ndóigh, eadhon an Chatalóinís agus an Bhascais. Is líonmhaire a lucht labhartha ar ndóigh, ach tá stát na Spáinne meáite ar gan aitheantas a cheadú dona teangacha seo.

Is ní thugann an Laitbh nó an Eastóin aon aitheantas don Rúisís ina stáit féin, cé go bhfuil na milliúin ina gcónaí ann nach bhfuil ach Rúisís acu.

I gcás na Gaeilge, ámh, de réir Bhunreacht an stáit, is í an Ghaeilge príomhtheanga an stáit í.  Agus rinneadh feachtas láidir ó 2002 is ar aghaidh i dtaobh stádas na Gaeilge san AE.

Faoi bhrú ón bhfeachtas seo ghéill an rialtas agus tuig an tAontas Eorpach stádas don Ghaeilge mar theanga oifigiúil – a chiallaíonn go gcaithfidh caipeisí a aistriú go Gaeilge agus go bhfuil cead ag feisirí is airí Gaeilge a labhairt ag institiúidí an Aontais.

Ach – sea ach – chinn an rialtas nach gcuirfí an t-aitheantas seo i bhféidhm go dtí 2016 agus go bhféadfaí an treimhse gan aitheantas a mheadú a thuilleadh.

Mar a tharelaíonn d’fhéadfadh 180 postanna breise a chinntiu do aistritheóirí da mbeadh an t-aitheantas seo ann.

Ach, nuair a labhair an feisire Liadh Ní Riada i bParlaimint na hEorpa ina teanga dúchais féin, cuireadh isteach uirthi, á rá léí nach raibh cead aici an Ghaeilge a úsáid.

Cainteóir dhúchais Ghaeilge is ea Liadh ar ndóigh, a d’fhoghlaim Béarla ar scoil.  Ach ní ar an bparlaimint ata an locht ach ar rialtas na hÉireann a dhiultaíonn lán cheart don Ghaeilge a chinntiú.

Tá Liadh ag diúltú aon teanga ach Gaeilge a labhairt, ag iarraidh brú a chur ar an bparlaimint agus naire a chur ar an rialtas se’aghainne.

Ach sí an cheist ata le cur na céard ta lucht na Gaeilge ag deanamh faoi seo.  An bhfanaimid ciúin ar nós cuma linn, nó an ndéanfadh muid raic faoi?

Déanfaimis raic.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland