Top Issue 1-2024

1 July 2014 Edition

Resize: A A A Print

Filleann Feall Mheiriceá ar na Meiriceánaigh san Iaráic

Ar ndóigh, ní raibh aon airm ollscriosta ann, is ní raibh aon Al Qaeda ann ach an oiread. Ach tá anois

TH’ÉIS DONA Meiriceánaigh na milliún a thabhairt do reibiliúnaithe san tSír, nach bhfuil se íorónta go bhfuil an t-airgead agus an t-armas sin dha n-úsáid ina aghaidh na Stát Aontaithe san Iaráic.

Sea, nuair a thug na Stáit Aontaithe agus Sasana faoin ionradh sin isteach san Iaráic, thug siad mar leithscéal an bréag gur nead don Al Qaeda ab ea an Iaráic faoi Saddam Hussein is go raibh airm ollscriosta acu a bhí le cur i bhféidhm in aghaidh an Iarthair.

Ar ndóigh, ní raibh aon airm ollscriosta ann, is ní raibh aon Al Qaeda ann ach an oiread.  Ach tá anois.

Bréag eile a scaip an t-iarthar ná gur rialtas frith-Shí’ach ab ea rialtas Hussein.  Mar a léirigh Michael Jansen san Irish Times an mhí seo caite, ba Shí’igh moramh an rialtais sin.

Bhain feall go leór le Saddam, ach ní raibh an seicteicheas ar na fealla sin.

Mar a gcéanna sa tSír.  Is Sunni’igh moramh an rialtais ansin cé gur Alauach an t-uachtarán Bashar Assad is a mhuintir.

Sé an pointe a bhí ag Jansen ná gur bhain na rialtaisí seo le náisiúnach saolta na nArabach: sé sin nach raibh siad bunaithe ar chreideamh nó ar sheict.

Sé an t-iarthar a spreag na bunchreidmhigh mar uirlis in aghaidh an náisiúnachais sin a thóig maoin ar ais ó na tíortha impiriúlacha. Sin a tharla san Iarán nuair a cuireadh Mossadeq faoi chois is gur fágadh an talamh ag na hAyatollaí; agus anois san Afganastáin, san Iaráic agus, da n-eireódh leó, san tSír.

Ní hé go bhfuil rialtas Assad na Síre gan smál, ach is gnó e sin do mhuintir na Síre.  Siad na Stáit Aontaithe a thug na milliún dona dreamanna Jihad seo a mhair na mílte go brúidiúil san tSír agus atá anois ag déanamh an rud céanna san Iaráic.

Ach fós bíonn lucht cosanta an Iarthair ag rá gur chóir ionradh eile a dhéanamh!

Cinnte is ábhar grinn é go gcaithfidh na Meiriceánaigh dul chun cainte anois leis an Iaráin agus b’fhéidir leis an tSír.  Ach cé mhéad atá básaithe mar gheall ar a gcuid sainte, a gcuid sotail is a gcuid húbrais.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland