New side advert

1 July 2014 Edition

Resize: A A A Print

Go hIfreann nó go Connacht!

Dul chun cinn maith déanta ag Sinn Féin ach obair le déanamh fós taobh thiar den Sionainn

• Trá Lí: Pad Daly, Liadh Ní Riada, Martin Ferris agus Toiréasa Ferris

Caithfidh muid déanamh cinnte go mbeidh muid feiceáileach sna pobail seo agus glórmhar ar na ceisteanna tuaithe

THUIG CROMAILL féin go raibh an dream a bhí taobh thiar d’abhann na Sionna difriúil. Is léir ó thorthaí na dtoghcháin áitiúla go bhfuil difríocht suntasach sna pátrúin vótála i gConnacht seachas an chuid eile den tír agus cé go bhfuil dul chun cinn maith déanta ar fud na tíre, is léir go bhfuil neartú le déanamh fós i gcontaetha an Iarthar ag Sinn Féin agus go gcaithfidh muid díriú ar na h-ábhair is mó atá ag dó na geirbe do na pobail sin sna blianta atá romhainn leis an dul chun cinn atá déanta againn a chuimsiú.

Tá cuid mhaith anailíse déanta ag an Dr. Adrian Kavanagh ó Ollscoil na hÉireann Magh Nuad, ar thorthaí na dtoghcháin Eorpacha agus áitiúla ar a shuíomh idirlíon Irish Elections, a léiríonn go neamhbhalbh an dul chun cinn atá déanta ag Sinn Féin le blianta beaga anuas. Tá fíricí nach feidir a shéanadh ann – an ardú faoi thrí a tháinig ar líon na suíocháin sna comhairlí áitiúla, mar shampla. D’ardaigh líon iomlán na vótai don pháirtí ó 138,405 i 2009 go dtí 259,309 i mbliana freisin. Is ionann sin agus 15.3% den vóta iomlán i gcomparáid le 7.4% i 2009.

Ach, ta sé soiléir freisin óna chuid anailíse go bhfuil an fás is mó in oirthear na tire againn agus go bhfuil dul chun cinn mhaith déanta thiar agus ó dheas, ach ní ag an ráta céanna fáis. Ní nach ionadh is imeasc an lucht oibre is mó a rinneadh dul chun cinn san ardchathair ach léiríonn na staitisticí freisin go bhfuil cuid mhaith den dream a dtugann seisean daoine ‘meánaicmeacha’ orthu ag teacht inár dtreo anois freisin.

De réir réigiúin, léiríonn Kavanagh gur tháinig méadú 10% ar vóta Shinn Féin i mBaile Átha Cliath, ach ní raibh an t-ardú chomh dramatúil sna réigiuin eile – Laighean (8.9%), Mumhan (7.8%) agus Connacht-Uladh (4.5%).

Tá scagadh déanta freisin aige ar vóta na neamhspleáigh sna toghcháin céanna. Tá sé soiléir uaidh sin go bhfuil siadsan ag déanamh go maith i gcontaetha an Iarthar ach go h-áirithe.

Cén teachtaireacht atá ansin dúinne mar sin? Bhuel, tá fhios againn gur iomaí cineál iarrthóir neamhspleách atá ann - ó chomh fada ar dheis leis na hIar- PDanna atá faoi cheannas Noel Grealish i gcathair agus contae na Gaillimhe, chomh fada ar chlé le h-iarrthóirí ‘aon chúis’ a bhí ag feachtasaíocht air árdán faoi leith agus idir eatarthu sin tá meascán mearaí d’iarrthóirí agus cuid mhaith acu ag taobhú le Fianna Fáil, Fine Gael, nó an Lucht Oibre, ach iad in éide bréige.

Tá gá againne mar sin fócas difriúil a bheith againn san Iarthar más fúinn an dul chun cinn a dhéanamh atá i ndán dúinn. Caithfidh muid aird faoi leith a tharraingt ar an obair iontach atá ar siúl againn ar fud na 32 contae maidir le cur chun cinn na tuaithe. Caithfidh ár gcomhairleoirí agus ionadaithe tofa eile obair a dhéanamh leis na h-eagrais pobail, deonacha, talmhaíochta, iascaireachta agus eile, chun tacú leis na riachtanais atá acu agus chun tacaíocht dá réir a fháil do pholasaithe s’againne sna réimsí seo.

Caithfidh muid déanamh cinnte go mbeidh muid feiceáileach sna pobail seo agus glórmhar ar na ceisteanna tuaithe. Is buntáiste an-mhór dúinn cheithre fheisire Eorpach a bheith againn agus is cinnte gur gá do Mhatt Carthy agus Liadh Ní Riada ach go h-áirithe díriú ar cheisteanna tuaithe sa gclár oibre atá acu féin.

Ní mhór dúinn léiriú don phobal gur fiúntaí i bhfad dóibh vóta a chaitheamh do Shinn Féin ná d’iarrthóir neamhspleácha. Is cosúil go n-úsáideann cuid mhaith de na h-iarrthóirí seo an ‘branda’ áirithe seo le vótaí a charnadh trasna an speictream pholaitiúil agus caithfidh muidne a bheith gníomhach ag léiriú céard dó a sheasann siad i ndáíríre agus céard dó a mbíonn siad ag vótáil ar na comhairlí áitiúla.

An láidreacht mór eile atá againne thar na neamhspleáigh gan dabht, ná go bhfuil fíor cur chuige comhtháite againne. Oibríonn muid mar fhoireann 32 chontae chun sin a bhaint amach ag an leibhéal áitiúil, go náisiúnta agus san Eoraip. Níl neamhspleáigh chun aon athrú a chur ar treo geilleagrach na tíre mar shampla, agus is iad Sinn Féin an t-aon dream a bhainfidh sin amach ach an deis a fháil.

Neart ábhar ceiliúradh agus machnamh i dtorthaí na dtoghcháin againn mar sin. Tá buíon neartaithe d’ionadaithe chumasacha, poblachtacha anois againn le tógáil ar an obair iontach atá déanta roimhe seo. Ach, ní anois an t-am le luí siar ar na maidí. Caithfidh muid aghaidh a thabhairt thar Sionainn siar chun freastal ar an gcosmhuintir sin mar is cóir, lena muinin i Sinn Féin a láidriú agus as sin deis a fháil na polasaithe a thiocfaidh chun tairbhe dóibh a chuir i gcrích

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland
 

Powered by Phoenix Media Group