Top Issue 1-2024

20 March 2008 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

I nGrá

Creid é nó ná creid, tá mé fós ar mo chuid taistil agus níl mé ag iarraidh filleadh ar Éirinn agus ar an Tíogar Ceilteach gránna lena Cabernet Sauvignon agus Plank Kenny agus na bómáin ar an Late Late agus na daoine ramhra ar chlár Gerry Ryan agus é ag bladaráil amach trí thóin a bhríste.
Cronaím an bháisteach agus na scamaill liatha agus mé i mo shuí anseo i mo Speedo’s cois trá faoi chrann cnó cocó agus na mná ina mbikinis thart orm ag bronnadh fíonchaora agus sú oráiste orm.
Cronaím na sceallóga agus burgair bhrúite ó Rimini’s agus muintir na gcultacha spóirt ag crochadh thart le fonn troda orthu agus iad ag caitheamh seile ar an choincréid os mo chomhair; agus muintir Celtic ag taisteal ar feadh fiche uair ionas go bhfeicfidh siad Motherwell, ag éisteacht leis an Irish Brigade ar an mbus agus ag pléascadh don leithreas i ndiaidh fiche canna Ór na hÍsiltíre!
Tá mé geallta le bean ó Iamáice agus ceathrar páistí aici cheana féin - mar sin ní bheidh aon bhrú orm crochadh thart an Rotunda agus mol piontaí a ól in Conways ag fanacht ar an snapper beag; agus ní bheidh aon dualgas orm éirí i lár na hoíche chun buidéal bainne a chur le chéile.
Pósfaimid cois trá anseo agus beidh cóisir mhór againn i gclub oíche ‘Tamango’s’ i Rann
na Feirste um Nollaig; le ceapairí uibheacha brúite agus ceol ó ‘Bullóg Feoil’  agus an t-aos óg ag eagrú ‘tarraingt na dtarracóir’ ag an fhéile áitiúil, agus é urraithe ag Údarás na Gaeltachta, ar son an Ghaeilge.
Osclóimid ‘síbín’ ar Shráid Dorsait agus beidh poitín agus Máire-Siobhán le ceannach ann.
Chuala mé gur imir Roibeard Ó Mairthile agus na Wailers ar thalamh Dalymount i 1977, mar sin beidh orainn tacú leis na Bohemians, cé go bhfuil siad níos measa ná foireann Oilimpeach Gheimhridh Iamáice. Cosúil le gach cumann sacair, níl mórán prionsabal acu agus chuala mé gur dhíol siad an áit i gcóir tríocha píosa airgid, agus iad ag bogadh go dtí an tuath, áit nach mbeidh aon lucht leanúna acu ach amháin na cimí ón phríosún nua i dtuaisceart Chontae Átha Chliath.
Tá mé ag eitilt go Cúba amárach, áit a mbíonn ceannaire na tíre ag crochadh thart i gculaith spóirt. Beidh mé ag lorg cúpla suíomh agus árasáin ar leathphraghas, sula bhfaigheann Fidel bás agus filleann na Poncánaigh agus beidh an tír lán le Casaíní agus stiapaigh agus páistí sráide agus daonlathas.
Ar aghaidh liom ansin go Meicsiceo agus tequila agus mná ramhra agus fir atá cosúil le Rab C Nesbitt agus an tUasal Gonzalez agus é ag canadh “Ondolé” agus ag rith ar nós na gaoithe ó na gardaí agus iad ag goid airgid ón chosmhuintir.
Tá mé ag smaoineamh cuairt a thabhairt ar bhaile dúchais George W. agus suíochán a fháil ón bhásaire agus é ag cur stócach éigin chun báis le hinstealladh nó rópa, cosúil leis na Talabanaigh – tá níos mó cosúlachtaí eatartha ná mar a cheaptar.

Ar ais liom ansin go Baile na Rí  chun mo ghrá a iompar ar ais go Tamhlacht agus an karaoke oíche Shathairn, oíche Dhomhnaigh agus leigheas ar an Luan agus an Premiership ar an Mháirt agus Céadaoin agus an deireadh seachtaine arís ar an Déardaoin agus ar an Aoine.
Gheobhaimid mála cannaí Lá ‘le Pádraig agus gruaig ghlas agus tosóimíd troid leis na heachtrannaigh ar fhaiche Stiofáin agus goidfimid a spáráin ar lá ólachán náisiúnta na tíre.
Adios – Más tardé!

 

Foclóir

Fíonchaora...grapes
Fonn troda...fighting mood
Ag pléascadh...exploding
Ór na hÍsiltíre...Dutch Gold
Bullóg Feoil...Meatloaf
Lucht leanúna...fans
Cimí...prisoners
Básaire...executioner
Cosúlachtaí...similarities
Ólachán...drinking


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland