25 October 2007 Edition

Resize: A A A Print

Easpa suime an Rialtais i leith chur chun cinn na Gaeilge san Eoraip

LE PEADAR de BLUIT

Tá a fhios agam go bhfuil mé tar éis dearcadh an rialtais i leith na Gaeilge a chur faoi scian sa cholún seo le déanaí, ach i ndáiríre bhí sé tuillte acu. Ina ainneoin seo áfach, tháinig mé ar phíosa ar an idirlíon le linn na seachtaine agus b’éigean dom solas níos láidre a lonrú air. Go bunúsach an fhadhb an tráth seo ná go bhfuil rialtas na 26 contae ag iarraidh tábhacht agus úsáid na Gaeilge san Aontas na hEorapa (AE) a ídiú go mór. De réir na tuairisce, ar Bhlog na Gaeilge, na príomhfhadhbanna atá ann faoi láthair ná gramadach neamhoiriúnach agus easpa infheistíochta d’aistritheoirí. Tá mo thuairim féin ag neartú nach bhfuil suim ar bith i gcur chun cinn agus fás na Gaeilge ar an oileán seo.
De réir dealraimh luíonn an chuid is mó de na fadhbanna ó thaobh na gramadaí de le míthuiscintí sa chaighdeán. Anois, is oth liom a rá libh nach tacaí mór an chaighdeáin mé. I ndáiríre, caithfidh mé a rá go bhfuil fadhb ollmhór agam le prionsabail an chaighdeáin fein, tuigim, áfach, gur díospóireacht fhíochmhar mhór é sin agus mar sin scaoilfidh mé leis go fóill. Léiríonn na míthuiscintí atá á bhfulaingt ag rialtas na 26 contae san Eoraip nach bhfuil siad in aon chor i ndáiríre faoi chur chun cinn na Gaeilge mar theanga bheo labhartha.
Cuirtear cosa leis an argóint seo leis an dara cuid den ghiota. Cáintear an rialtas as easpa airgid a infheistiú in aistritheoirí cumasacha. Ní ionsaí atá anseo in aon chor ar na haistritheoirí féin. Táim cinnte go hiomlán go bhfuil siad ag déanamh a naoi ndícheall sna coinníollacha ina bhfuil siad. Ag deireadh an lae, tá fréamh na faidhbe siar sa bhaile againn. Níl traenáil cheart ar fáil d’aistritheoirí proifisiúnta. Níl seo sásúil ar chor ar bith. Tá an rialtas seo ag ceapadh gur féidir le daoine dul amach go dtí an Eoraip agus cumas a bheith acu Gaeilge ó gach carn den tír a aistriú gan fadhb ar bith; is léir nach bhfuil cur amach ar bith acu ar chomh deacair is atá sé teanga a aistriú, gan tógaint san áireamh in aon chor an réimse canúintí éagsúla atá againn anseo in Éirinn. Dar le go leor daoine gur aistritheoirí nádúrtha iad Gaeilgeoirí líofa. Is cuma más Gaeilgeoir ó dhúchas atá ann, ní chiallaíonn sé sin go bhfuil siad ina n-aistritheoir. Is post deacair é agus tá gá le traenáil chuimsitheach chun dul i dtaithí air.
I ndeireadh na dála tá freagra simplí ar an gceist is déanaí seo. Tá an Ghaeilge anois ina teanga oifigiúil san AE. Ní haon mhaitheas sin a bheith ann mura bhfuil an méid is mó tairbhe is féidir a bhaint as. An dualgas atá anois ar an rialtas ná infheistiú cuimsitheach a chur isteach i dtraenáil agus tacaíocht aistritheoirí amuigh san Eoraip, ionas nach mbeimid inár gceap magaidh os comhair na ballstát eile. Tá stádas ag an Ghaeilge anois nach raibh ann cheana, agus níl sin ann ach amháin toisc iarrachtaí leanúnacha ó ghrúpa diongbháilte. Mura gcuireann an rialtas an infheistíocht atá riachtanach sa togra seo is masla den scoth é ar dhaoine a d’oibrigh chomh crua an pointe seo a scriosadh agus masla ar an náisiún féin. Mar a deir an seanfhocal faoi dhaoine óga, mol an óige agus tiocfaidh sí. Is dócha má dhéantar an rud céanna leis an Ghaeilge chomh maith tiocfaidh sise leis.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland
 

Powered by Phoenix Media Group