New side advert

25 October 2007 Edition

Resize: A A A Print

Slógadh 'O7 - suimiúil, spreagúil agus tábhachtach

Gradam na Poblachta á bhronnadh ar Labhrás Ó Donnghaile ag Gerry Adams

Gradam na Poblachta á bhronnadh ar Labhrás Ó Donnghaile ag Gerry Adams

LE hÉAMANNMac MÁNAIS
 
Tharla Slógadh Shinn Féin 2007 i mbliana i mBinn Éadair, Baile Átha Cliath ar an deireadh seachtaine 19-21 Samhain.
Bhí scoth an chraic agus plé ag an ócáid le daoine ón tuaisceart agus ón deisceart agus fearadh na fáilte romhainn ón phobal  áitiúil.
Bhí go leor iarrthóirí Shinn Féin i láthair idir dhaoine atá tófa agus chuid eile ag súil go mbeidh roimh i bhfad! Ina measc siúd bhí Gerry Adams BT, BP, Bairbre de Brún FPE, Aengus Ó Snodaigh TD, an Seanadóir Piaras Ó Dochairthigh, Francie Brolly BT, Gráinne Mhic Géidigh (Ionadaí SF Údarás na Gaeltachta) agus Críona Ní Dhaláigh. Chomh maith leosan bhí Séanna Breathnach ann mar chathaoirleach Roinn an Chultúir.
 
Oscailt oifigiúil
D’oscail Piaras, ár Seanadóir nua, an Slógadh go hoifigiúil agus dúirt sé,
“Is mór an onóir dom Slógadh Shinn Féin 2007 a oscailt go hoifigiúil. Cuirim fáilte mhór romhaibh go léir chun an tSlógaidh agus tá súil agam go mbainfidh sibh sult as an deireadh seachtaine.   
“Tá Slógadh Shinn Féin ag dul ar aghaidh ó 1986 nuair a bhí an chéad Slógadh san Uaimh i gContae na Mí. Bhí an Slógadh le bheith i halla an Chomharchumainn i nGaeltacht na Mí, Rath Chairn, an bhliain sin ach fuair an Comharchumann bagairt ó Aire Rialtais Fhine Gael go gcuirfeadh sé deireadh lena ndeontais dá leanfadh siad ar aghaidh leis an Slógadh sa halla.
“Mar sin bhí an Slógadh in óstán san Uaimh agus d’eirigh thar barr leis. Ó shin i leith bhí an Slógadh i nGaeltacht Dhún na nGall, i mBéal Feirste, in Ard Mhacha Theas, i gCluain Eois i gContae Mhuineacháin, ar ais i gContae na Mí i gComharchumann Ráth Chairn an uair sin, agus sna Gaeltachtaí i gCorcaigh, Ciarraí, Conamara agus Maigh Eo.    
“Seo é an chéad uair don Slógadh bheith lonnaithe sa phríomhchathair, Baile Átha Cliath. Cé go raibh Baile Átha Clitath mar phríomhchathair agus garastún ag na Sasanaigh leis na céadta bliain bhí an Ghaeilge anseo i gcónaí.”
Ar na príomhimeachtaí den Slógadh bhí léacht faoi feachtas Shell Chun Sáile le Michael Ó Seighin, turas áitiúil thart ar Bhinn Éadair, díospóireacht (‘Ag Cosaint Seirbhísí Poiblí’) le Máire Ní Chonchúir (Grúpa Gníomhartha Seirbhísí Sláinte), cruinniú urgnách faoi Acht na Gaeilge, poc fada, ceol den scoth agus séisiún thar a bheith maith faoi Ghaelú Shinn Féin agus gradam na poblachta. Labhair Bláthnaid Ní Ghréacháin ar son Gaelscoileanna ar an ghéarchéim faoi láthair agus Rialtas Átha Cliath ionsaí a dhéanamh ar an tumoideachas.
Le linn phlé ‘Ghaelú Shinn Féin’, bhí díospóireacht úsáideach agus dearfach againn le moltaí chun Gaelú an pháirtí a chur i bhfeidhm. Thuig achan duine a bhí i láthair go raibh tábhacht lárnach ag baint leis an Ghaeilge agus dúirt siad go ndéanfaidh siad iarracht í a chur chun cinn ag gach leibhéal gur féidir linn.
 
Gradam na Poblachta
Fuair Labhras Ó Donnghaile Gradam na Poblachta i mbliana, bronnaithe ag Gerry Adams.
Dúirt an tUasal Mac Adaim:
“Rugadh Labhrás Ó Donnghaile i Loch Garman i 1937. Bhí Labhrás ina óglach agus é an-óg; bhí sé ar an chéad duine a chur a ainm síos i gcóir an fheachtais sna caogaidí, cé go raibh sé an-óg ag an am.
“Tar éis traenála chuaigh sé go dtí an teorainn i 1957 leis an ‘Vinegar Hill Column’.   Maraíodh cúigear díobh in Edentubber, a chairde Paddy Parle agus George Keegan ina measc, nuair a phléasc buama i dteach beag ar an teorainn.
“Tá se caoga bliain ó maraíodh na fir seo agus caithfimid bheith buíoch díobh agus de dhaoine cosúil le Labhrás i gcóir a n-íobartha ar son na hÉireann. Choinnigh siad loinnir na saoirse beo san ám sin.
“Is féidir leis an pheann bheith chomh láidir leis an ghunna agus scríobh Labhrás an-chuid ina shaol - tá leabhar bunaithe ar logainmneacha ina ‘bestseller’; tá sé fós ag scríobh do An Phoblacht agus tá leabhar faoin fheachtas sna caogaidí á fhoilsiú aige go luath.”
Ina dhiaidh sin tharla Léacht an tSlógaidh le Mícheál Ó Seighin ó Cúigear Ros Dumhach.  Dúirt Caitríona Ruane go raibh sí go han-bhródúil bheith ag Slógadh le duine de na laochra ó Mhaigh Eo agus ó Éirinn.
Dúirt sí,
“Tar éis dhá bhliain ag agóidíocht i gcoinne phíblíne Shell i Maigh Eo, tar éis an tréimhse i bpríosún a chaith cúigear Ros Dumhach, tar éis príosúnú triúir iascairí áitiúla ar na mallaibh, agus tar éis ionsaithe ón Gharda ar na hagóidithe táimid anseo anocht i gcuideachta duine de na laochra is mó ón fheachtas sin.
“Bunaíodh an campa i mí an Mheithimh 2005, nuair a bhí cúigear fear as Ros Dumhach sa phríosún i gCnoc na Seimre cionn is gur dhiúltaigh siad gealltanas a thabhairt nach gcuirfeadh siad bac ar oibrithe Shell dul ar a gcuid talaimh. Chaith an Cúigear Ros Dumhach sin, baill Shell chun Sáile, trí mhí i bpríosún as díspeagadh cúirte.
“Tá athas orm a rá go bhfuil Micheál Ó Seighin linn anocht. Taispeánann Micheál go bhfuil ár bhfeachtas beo go fóill, taispeánann sé go bhfuil daoine ábalta ‘níl’ a rá os comhair ‘bully boy’ tactics.”
Agus Dé Domhnaigh, chríochnaigh an Slógadh le Comóradh ar phoblachtánach áitiúil ó Bhinn Éadair - Pearse McLoughlin le Clr. Larry O’Toole mar chathaoirleach agus Mary Lou McDonald mar aoichainteoir.
Is soiléir go raibh deireadh seachtaine den chéad scoth ann agus sin de thairbhe an méid oibre a chuir Roinn an Chultúir Bhaile Átha Cliath isteach, go háirithe Éimear Ní Mhurchadha.
Go dtí an chéad uair eile! An Ghaeilge Abú!
GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland
 

Powered by Phoenix Media Group