Top Issue 1-2024

23 August 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Sailéad Gréigeach

Tá mé ag suí anseo ag ithe mo mhéara, le salann, agus ag amharc ar Gnéas sa Chathair (níl sé le fáil faoin tuath) agus ag crith le teacht an Sathairn agus an Triathlon ag teacht, agus mé i ndiaidh an Samhradh a chaitheamh ag ithe burgair agus ag ól  Cheap ashínó – tá an dath agam tar éis cúpla seachtain thar lear ach níl an bolg ró-shláintiúil.
Bhí rí ra agus ruáille buáille thíos ar chósta Iarthar an Chlair le linn Seachtain Cheoil Wille Clancy; i lár stoirm ghaoithe agus an puball ag séideadh mar bhrat – scata mór hippies (níl an focal i gcomhair ‘hippy’ sa foclóir – caithfidh gur scríobhadh é le linn ré De Valera) ag crochadh thart an chrosbhealaigh ag díol muinclí agus pancógaí, ach níor lig m’iníon dom snámh sna feachtaí aegéin Atlantaic de bharr mo Speedo’s galanta agus iad cniotáilte ag m’aintín agus í i dteach na nGeailt ar a laethanta saoire de dheasca na daoine beaga ina cloigín agus an Domestos a chuireadh sa phoitín.
Chaitheamar seachtain ag rothaíocht timpeall ‘fáinne Chiarraí’ agus ag casadh leis na Poncánaigh agus iad ag caitheamh cuirtíní mar bhrístí agus ag lorg Darby O’Gill agus deireadh an tuar cheatha.
Chloímar leis na ponairí agus an leite go dtí an triú lá go dtí gur thosaíomar an diabhal deoch agus na taibléidí draíochta a lig dúinn na leipreacháin a fheiceáil agus codladh leis na Poncánaigh.
Bhí sé ró the in Éirinn agus bhí orm éalú go dtí na hoileáin Gréagach agus maireachtail ar sailéad agus ochtapas. D’fhoghlaim me go leor faoi na Dia agus na Bandia agus conas a d’ith Zeus a bhean chéile nuair a dhóigh sí an bhricfeasta.
Bhí coinsias ciontach aige ina dhiaidh agus d’iarr sé ar na h-óglaigh a cheann a oscailt le tua agus léim an bheanchéile agus iníon, Athena, amach.
Phlandáil Athena an chéad crann ológa sa domhan ar bharr chnoc san Ataen agus phós sí Aristotle Onasis sular tháinig Jackie K. ar an saol.
Is daoine ré-chúiseach muintir na Gréige ach n’fheadar cad a cheapfadh Achilles agus na sean laochra faoi fir an t-aois nua, a chaitheann an Samhradh ag imirt leadóige cois trá i spéaclaí gréine agus ag ól caife agus ag caitheamh slabhra tobaic lasmuigh de na mbialainn, in ionad bheith ag ól agus ag troid, ag féachaint ar Celtic agus Falkirk agus ag titim ina luí ar bharr mhála sceallóga curaí ar thaobh an mbóthair.
Ar aghaidh go dtí na hAilp ar mo rothar agus na Francaigh ag dul aluí ag ocht a chlog agus athann baile marbh san oíche – n’fheadar bhfuil muintir na tíre an thógtha leis na clár sobail nó ar an idirlíon ag stanadh ar Bríd Nic an Bardút, mar níl duine nó madra le feiceáil ar na sráideanna.
Tá an bia lofa – leitís agus sceallóga agus sceallóga agus leitís ach na sléibhte do-chreidthe álainn agus bhí orm mo EPO agus mo thaibléidí draíochta a shlogadfh siar sular rinne mé ionsaí ar na chnoic le mo velo.
Chríochnaigh mo saoire le bainis mo dheartháir in Inis, ait a mhol me dó go mbeidh air a airgead agus a shaol a chaitheamh ar phaipéir falla, dallóga nua aimsire agus saoire i Lanzarote ach tá sé sásta leis an fiche clog a fuair sé mar bhronntannais.
Caithfidh mé míle shnámh a chríochnú sa Life ar an Satharn agus mé buartha faoi na trallaí ó Tesco agus capaill mairbh, gan trácht ar  na galair ó na Francaigh – nach bhfuil sé iontach bheith arais in Éirinn.
Tá sé in am dúinn filleadh don Choróin Mhuire

Foclóir
feachtaí aegéin...ocean currents
cloigín...head
hippy...someone who takes drugs and is usually a Communist
leite...porridge
tuarceatha...rainbow
Darby O’Gill...TD for Kerry South
ochtapas...octopus
bandia...goddess (like Twink)
idirlíon...internet
dallóga...blinds
an Choróin Mhuire...the Rosary


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland