Top Issue 1-2024

15 February 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint le Seán ó Donaile

Ar Son an Ghrá

N’fheadar cad a dhéanfaidh mé amárach ar Lá Vailintín leis an triúr bhean I mo shaol, agus ribeacha gruaige ar beirt daoibh; Máire rua gan fiacla a chas mé léi I ‘CopperFace Jacks’ ach í iontach mar lánchúlaí sa chamógaíocht, Verona galánta agus liathróid gailf ina béal agus a BMW agus Nijole ón Phólainn agus í ag fanacht ar an visa uaim, faraor chaill mé a seoladh agus níl go leor airgid nó coupe agam I gcomhair Verona;

Beidh orm smidiú a fháil do Máire agus mála Ferrero Rosheriní.

Tá an chathair lán le fir I chulaith ag rith thart le balúin agus seacláid agus níl bláthanna gorm ar bith fágtha sna garáistí- beidh leath na tíre ag tabhairt a ngrá ag skiáil go dtí na hAlps nó Paras , agus iad faoi bhrú ag an galar caiteachais; agus an leath eile I dtrioblóid mar rinne siad dearmad agus iad I detach na madraí.

D’inis sean shaighdiúr liom inniu gur an ólachan agus an grá an dhá rud is mó a chur isteach ar  streachailt na saoirse - bhí Emmett gafa le beirt- Ann Devlin agus Sarah Curran a bhí “far from the land” agus Pluincéad agus é ar leaba an bháis ag smaoineamh ar Grace Gifford - “Oh Grace just hold me in your arms and let the moment linger..”

Bhí Wolfe Tone tugtha do chúis nah Éireannaigh Aontaithe go dtí gur chonaic sé Matilda Witherington   “...agus I ag suí sa fuinneog”  agus í cúig mbliain déag d’aois- phós sé Matilda sa deireadh ach is maith an rud é dó nach raibh an dlí mar atá sé anois.

Bhí Bagnal Harvey mar cheannaire I Loch Garman I 1798 agus deirtear gur cheann de na fáthanna gur chaill siad Cath ‘Ross’ mar go raibh Harvey sa leaba le bean don oíche.

Tá leaba Diarmaid agus Gráinne I ngach chondae sa tír, é a déalaigh le iníon Chormac Sean Rí Éirinn go dtí gur maraíodh é le torc ag Beann Bulbain agus é le cos san uaigh gur phós Gráinne Fionn MacCumhaill mar bhí an BMW aige!

Ar a laghad le Cúchulainn agus é leis an iomarca leannáin, ní bhfuair sé bás de dheasca an galar grá- bhí scuaini banlaoich ar a thóir; d’fhág sé Uladh agus d’éalaigh sé go hailltreacha an Chláir agus beanlaoch ar na sáilí ar a chúl, léim sé thar na leannáin agus thit an bean bocht ó na hailltreacha ag ‘Léim an Leannáin’.

Bhris go leor Poblachtánnaigh croí a leannáin agus iad tugtha don chúis - is iomaí duine sa tír a aithníonn línte Ellen O’ Leary...”I  sit beside my darling’s grave...” , a chaill Pádraig Ó Dufaigh a fuair bás i ngéibheann i Sasana le linn ré na bhFiníní; agus thóg bean chéile Tomás MacDonncha lámh ina báis féin i ndiaidh Éirí Amach 1916.

Ach a mhalairt de seo a rinne Máire Rua I gCondae an Chláir, nuair a mharaigh saighdiúirí Croimeil a fear chéile, agus í fágtha le chaisleán agus 12 páistí.

Phós sí saighdiúr Chroimeil, darbh ainm Cooper agus nuair fuair sí an deis chaith sé an fear bhocht ó bharr an chaisleán.

Chas mé le fear nuair a bhí mé i mo bhall de Militant Socialist agus muid ag fanacht ar an réabhlóid - ní raibh se sásta siúl amach le bean go dtí go raibh an reabhlóid thart , ach tá an fear bocht fós ag fanacht!

Tá go leor dínn in ann an dá thra a fhreastal - chuala mé go bhfuil iar-óglaigh ag freastal ar thaispeantas an ‘Ideal Homes’ agus ag caint faoi páipéar falla agus Ricki Lake.

Buíochas le Dia tá an gluaiseacht lán le Romeos agus Juliets, duine daoibh, Séamas Ó Conghaile, a chas thart lena bhean chéile Lily ar maidin a bháis I 1916 agus dúirt sé  “nach aoibhinn an saol a bhí againn”.

 

Foclóir

  • Galar caitheachais          consumerism
  • Ribeacha gruaige           facial hair
  • Smidiú  make-up
  • Streachailt         struggle
  • Ceannaire          leader
  • Torc      wild boar
  • Ailltreacha         cliffs
  • Leannáin            lovers
  • Beanlaoch         warrior
  • Aoibhinn            sweet

 

 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland