Top Issue 1-2024

10 August 2006 Edition

Resize: A A A Print

Comhoibreoirí Chos ar Bolg

Gan amhras, bhí faitíos ar an lucht maoine céanna seo go rachaidh an réabhlóid ró-fhada agus tugtar léargas ar seo sa scannán The Wind that Shakes the Barley.

Mar a tharlaíonn sé, tá an tír seo againne timpeallaithe ag impiriúlachtaí éagsúla - an Bhreataine a bhfuil spionta mar impireacht cheart ach a choimeádann seilbh fós ar na Sé Chontae, na Stáit Aontaithe a bhfuil ar an cumhacht is láidre ar domhan agus an t-Aontas Eorpach ar mhian leo sampla na Méiriceánach a leanacht. D'fhéadfaí, b'fhéidir, an Vatacáin a chaitheamh isteach mar impireacht chultúrtha, go háirithe nuair a bhí siad in uasal réim ar thuairimí an stáit agus ar mheon an phobail tráth úd.

Dóibh siúd atá tiomnaithe go foirfe i gcoinne impiriúlachais, ní leor na Breatanaigh a dhíbirt ó na Sé Chontae. Beidh siad fós ann lena chumhacht eacnaimiúil agus a ngnóthais thráchtála scaipithe ar fud an oileáin seo. Ní gá ach siúl isteach in aon ionaid shiopadóireachta chun féachaint cé leo na siopaí agus na hearraí a dhíoltar. Tá cultúr na n-impiriúluithe sáite go domhan i meon na tíre seo, leis an mBéarla a labhraítear, foirne ar nós manchester United a leantar, cainéil theilifíse a fhéachtar orthu ar nós BBC, ITV, SKY agus roinnt eile.

Tá cultúr na nAngla-Meiriceánach sáite go dlúth sa tír seo chomh maith. Tagann tuairim breis is 75% de chláracha a chraoltar ar an teilifís ó na Stáit Aontaithe agus ní féidir a shéanadh an tionchar ollmhór cultúrtha a eascraíonn ó seo. Ach seachas cumhacht chultúrtha, tá cumhacht eacnaimiúil acu ar an tír seo chomh maith nuair a thugtar isteach san áireamh infheistíocht na comhlachtaí Meiriceánacha trastíortha agus an chaoi a bhrathann cuid mhaith de gheilleagar na tíre ar sin. Is é seo an chúis is mó a thugtar cead do na Meiriceánaigh a rogha rud a dhéanamh in Aerfort na Sionainne agus bíodh cinnte go bhfuil baill den lucht rialaithe breá sásta é seo a dhéanamh in ainneoin an choiriúlacht idirnáisiúnta a ghabhann leis seo, os rud é go nglacann siad leis an tuairim 'go bhfuil ceart ag neart'.

Glacann lucht rialaithe na bréagphoblachta seo le haon cinneadh a dhéanann an t-Aontas Eorpach thar ceann mhuintir na tíre. B'fhiú a mheabhrú go dtagann breis is 70% de dhlíthe na tíre seo ó mhaorlathaigh neamhthofa neamhchuntasach. In ainneoin neodrachta, tá na ceannairí polaitiúla réidh chun páirt a ghlacadh i bpolasaí míleata na hEorpa.

Díreach mar a mhaígh an Conghaíleach, ní fiú brat na himpireachta a tharraing síos muna bhfuil réabhlóid go foirfe ar son saoirse agus ar son smach na ndaoine ar a dtír féin.

Foclóir

meon an chomhoibreora ...... the collaborator mentality

cos ar bolg ...... oppresion

comhréiteach ...... accord

in uasal réim ...... at the height of power

tiomnaithe ...... committed

comhlachtaí trastíortha ...... transnational companies

choiriúlacht idirnáisiúnta ...... international criminality

maorlathaigh ...... bureaucrats

neamhthofa ...... unelected

neamhchuntasach ...... unaccountable


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland