Top Issue 1-2024

9 March 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint, le Seán ó Donaile

'Marathon'

Tá sé ait na rudaí a spreagann thú nuair a éiríonn túí níos sinne- níor cheap me riamh go mbeinn i mo Phríomhoide scoile- bhí mé lán sásta fanacht ar an imeall mar mhúinteoir ranga, ag amharc ar na Phríomhoidí lena seacéid tweed agus a mbosca lóin l'úll glas ach tá mé sa suíomh ceánna le deich mbliana anuas, cé nár cheannaigh mé na farah slacks go fóill.

Níor cheap me ríamh go mbeadh Shinners ag caitheamh culaith sa Dáil agus níos measa, tá siad in ann a gcarbhait a cheangailt ach 'tháinig ár mani' agus scanra ar an eite dheis fúinn.

Agus ní raibh ám agam ríamh i gcomhair lúthchleasaíocht - daoine a bhí ró-thanaí nó ar steroids de shaghas éigin , ag rith timpeall i gciorcail- an t-aon fáth a raibh siad a cur a n-ám amú le seo nár gur theip orthu san iomáint agus nach raibh an bean chéile ag caint leo!

Ach is ait 'rothaí mór an tsaoil' agus thosaigh mé ag dul timpeall Páirc an Fionnuisce i 2000, áit a chónaigh na Dublin Fusiliers agus a chur na 'Invinvcibles' deireadh le Cavendish agus Burke, Runaí Stait Shasana i 1880.

Is iomai fear a thosnaíonn ar sport agus iad i gcruachás- ní feidir linn ar bhfadhbanna a phlé sa bhealach céanna le mná agus muna theimíd ar an drabhlas , tosnaímíd ag siúl timpeall na cruinne nó ag rith ó Malin go Mizen, cosúil le Forest Gump.

Chaith mé go leor de mo shaol i seomraí lán le deatach agus caife, ag plé todhchaí na tíre agus ag ithe breakfast rolls agus réitigh mé mo shaol a athrú i ndiaidh mo colscaradh - ní raibh mé ábalta Dia a fháil agus bhí me caite leis an iomaint- bhí an iomarca beer-bellies ar na Junior B's agus chaith siad tobac ag leath ám, so fuair mé veist téada ó Rab C. Nesbitt agus luígh me isteach ar na marathons- thóg se ceithre uair go leith mo chéad ceann a chríochnú agus rith mé tríd Oirthear Bhéal Feirste don chéad uair i 2001 agus na dílseoirí ramhar le geansaí Rangers agus piontaí cider ag scairteadh orainn.

Rith me faoin Arc De Triumphe agus an Túr Eifffel an t-Earrach ina dhiaidh agus ar shléibhte Chonnamara agus arais i mo chathair dhílis anuraidh.

Buaileann tú l'athann saghas geailt sna marathons- chas mé le Poncánach a rith ó LA go Nua Eabhrac agus l'Éireannach a chaith dhá lá ar treadmill ionas nach mbeidh air dul abhaile agus le go leor daoine a chaill paiste nó fear cheile, iar alcóiligh agus iar aindiúligh drugaí agus fir ag éiri a saoil a chasadh thart.

Fuair mé spreagadh ó Lance Armstrong a tháinig arais ó ailse chun an Tour De France a bhuacaint faoi sé agus spreagadh ó Ranulph Fiennes a chaill a méara sa Mol Thuaidh agus náire orm a rá a chaith seal in arm na Breataine- agus níor chuala se ríamh faoin INC!

Té mé ag díríú isteach ar mo 8ú marathon an mhí seo chugainn i Rotterdam agus muinín agam nach rachaidh mé ar strae in Amsterdam an oíche roimhe, coinneoidh mé mo shúile ó na fuinneoga agus mo bhéal amach as na siopaí caife - ar aon nós ní ligfidh siad isteach mé le mo veist -téada orm!

Ní bhíonn go leor ama ag Poblachtánnaigh díriú isteach ar an craic seo ach chuala me go raibh chomhairleoirí an phairtí ag freastal ar chluiche iomana Cill Mhantain, agus iadsan ag cur na réiteoirí faoi ghlas i mboot a gcarr muna raibh siad sásta leis an toradh!

N'fheadar cén caitheamh aimsire a bheidh agam agus me i mo chaogaidí- b'fheidir go dtosnóidh mé ag bailiú bataí líreachain nó ceannóidh mé binoculars agus anorak agus thíos liom go Staisiún uí Chonnghaile chun amharc ar na traein nó cosúil le Tom King, iar Runai an Tuaisceairt a bhí dúil aige rith i ndiaidh caoraigh. Beidh orm 'wello's' a cheannach ar dtús!

Mar a bhogann an saol ar aghaidh agus tú ag dul i ngleic le fadhbanna an tsaoil éiríonn tú níos oscailte agus cailleann tú suim i d'íomhá-is iontach an rud an aois- tchífidh me thú ar an líne go luath- coinnigh súil amach i gcomhair an té leis an veist téada!


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland