Top Issue 1-2024

20 October 2005 Edition

Resize: A A A Print

Riarachán Críocha in Éirinn - LE CATHAL Ó MURCHÚ

Carbh as a dtáinig na 32 Contae? Cén fáth go bhfuil an-dílseacht ag gabháil le contae dúchais chomh fada is a bhaineann sé le muintir na tíre seo? An bhfuil a fhios ag muintir na tíre seo gur rian den chóilíneachais is ea na contaetha atá mar rannóg riaracháin againn? Nuair a tháinig na hAngla-Normanaigh, shocraigh ar uaslathas an ionraidh seo tiarnais dá gcuid féin a tharraingt amach ar an gcríoch seo againne. Ach bhí leas ag Ríocht Shasana san ionradh seo chomh maith agus bheartaigh siad ar a gcuid riaracháin a chur i bhfeidhm ar an tír seo. Chuige seo, tarraingíodh limistéirí riaracháin ar an gcríoch inar dtugtar contaetha orthu sa lá atá inniu ann.

Sular tháinig na hAngla-Normanaigh go hÉirinn, bhí an tír seo roinnte idir naoi gcríocha. Ba iad Aileach, Ulaidh, Oirialla, Bréifne, Connacht, An Mhí, Laighin, Tuamhumha agus Deasmhumha. Cé go raibh na cathairstáit Lochlannacha faoi smacht na ríthe Gaelacha faoin am seo, bhí féinrial á gcleachtadh acu. Na cathairstáit a mhair faoin am seo ná Baile Átha Cliath, Loch Garman, Port Láirge, Corcaigh agus Luimneach agus mar gheall ar na naisc thrádála agus thráchtála a bhí ag na cathairstáit, aithníodh iad mar láithreacha straitéiseacha le linn cogaí idir na taoisigh agus na ríthe Gaelacha a rinne iarracht an tír a aontú faoina smacht féin.

Chuir an t-ionradh Angla-Normanach an chaidhp báis ar an bpróiseas seo. Cé gur ghabh na hionradóirí críoch shuntasach den tír seo, tuairim is trí cheathrú de sa chéad céad, níor éirigh an tír go léir a ghabháil. Fiú amháin an chuid den tír a bhí gafa ag na hionradóirí seo, is ar éigean go raibh a smacht iomlán curtha i bhfeidhm acu. Cé go ndéanann a lán de na staraithe oifigiúla iarracht neamhaird a dhéanamh ar stair an fhrithbhirt i gcoinne na gcóilíneach, tharla sé, agus mar gheall ar sin níor éirigh leis na cóliínigh Angla-Normanacha nó le Rialtas na gCóilíneach concas críochnúil a chur i bhfeidhm. Tar éis céad bliain, chualaigh na cóilínigh nó gur ghaelaíodh iad go dtí go raibh cumhacht Rí Shasana teorannaithe sa Pháil. In ainneoin an fhrithbhirt, ní raibh na Gaeil aontaithe agus d'fhéadfaidís na cóilínigh a ruaigeadh go dtí an fharraige ach de dheasca sin.

Ar aon nós, tuairim is faoin mbliain1300, bhí sé chontae déag tarraingte - Baile Átha Cliath, Cill Dara, Loch Garman, Ceatharlach, Cill Chainnigh, Port Láirge, Tiobrad Árann, Corcaigh, Ciarraí, Luimneach, An Clár, An Mhí, Baile Átha Troim (nach maireann a thuilleadh), Ros Comáin, Connacht agus Ulaidh. I ndáiríre, d'imigh na contaethe seo as feidhm go dtí gur tháinig lucht na dTiúdar i gcumhacht i Sasana. Tarraingíodh contaethe Uíbh Fhailí agus Laoise le linn Phlandáil Bhanríon Máire Tiúdar. Tarraingíodh Aontroim, An Dún, An Lú, Muineachán, Ard Mhacha, An Iarmhí nuair a rinne Banríon Éilís Tiúdar iarracht a riarachán a chur i bhfeidhm anseo. Tarraingíodh Maigh Eo agus Gaillimh as críoch Mhuintir de Búrca, Sligeach Uí Chonchúir as Ros Comáin, An Cabhán agus Liatroim as sean-chríoch Bhréifne, agus tar a claíodh na nGael i gCionn tSáile tarraingíodh Tír Chonaill, Doire, Fear Manach agus Tír Eoghain as an gcuid eile. Ba é Cill Mhantáin an contae ba dheireannaí a tarraingíodh sa bhliain 1606 tar éis Muintir Uí Bhroin a bheith cloíte.

Ach in ainneoin Cionn tSáile, ní raibh an frithbheart cloíte.

Stór Focal

contae dúchais ...... native county

rian den chóilíneachais ...... traces of colonialism

rannóg riaracháin ...... administrative divisions

cathairstáit Lochlannacha ...... Viking city states

láithreacha straitéiseacha ...... strategic locations

an t-ionradh Angla-Normanach ...... the Anglo-Norman invasion

hionradóirí ...... invaders

plandáil ...... plantation

frithbheart ...... resistance


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland