15 September 2005 Edition
Filleadh ar ais ar scoil
LE
CATHAL Ó MURCHÚ
It is often asserted that Ireland has a free system of education. However, as parents know only too well, this is misleading as there are a myriad of costs associated with sending children to school.
Ag an am seo den bhliain nuair a bhíonn na gasúir ag filleadh ar ais ar an scoil, is minic a mhaítear go bhfuil córas oideachais saor in aisce againn sa tír seo - bíodh tú sna Sé Chontae nó sna Sé Chontae is Fichead. Ach mar atá fios ag tuismitheoirí ar meánioncaim nó ar ísealioncaim is costasach ar fad gasúir a chur chun na scoile. Mar sin níl ann ach cur i gcéill maidir le oidachas saor in aisce ar an oileán seo. Cé nach bhfuil táillí le híoc chun gasúr a chur chun na scoile, tá an-chostas ag baint le filleadh ar ais ar an scoil gach bliain. Mar shampla ní féidir le gasúr dul ar scoil gan fearas agus feisteas ar leith. Is ionann an scéal do pháistí bunscoile agus meánscoile.
I gcuid is mó de scoileanna anois, caithfidh daltaí éide scoile a chaitheamh. Bíonn ar thuismitheoirí íoc as fearas ceachta, éide scoile, leabhair scoile, bia agus deoch. Ag brath ar an méid gasúr, tagann na costais bheaga go léir le chéile chun cuid shuntasach a bhaint ó dhaoine ar bheagán acmhainne. Níl ansin ach na costais bhunúsacha. Os rud é go bhfuilimid ag maireachtáil i sochaí ábharthach, bíonn an-bhrú ar ghasúir agus ar thuismitheoirí togha agus rogha d'ábhar feistis agus fearais a cheannach.
Má tá gasúir bainteach le gníomhaíochtaí iarscoile ar nós spóirt, caithimh aimsire, srl., tá breischostas ag roinnt go mór le seo. In ainneoin le mar atá in a lán tíortha eile, níl béilí scoile saor in aisce le fáil sna Sé Chontae is Fichead. Fadhb eile atá ann ná an chaoi nach maireann leabhair scoile ach tréimhse cúig bliana ar a méid, mar sin, fiú amháin na leabhair a thabhairt amach ar cíos (agus is feabhas é seo ón am nuair a bhí ar thuimitheoirí leabhair a cheannach) tá costas suntasach i gceist.
Nuair a thagann scoláirí ag an gcéim Ardteiste nó Leibhéal-A is iad siúd a bhfuil an-chuid acmhainne ag a dtuismitheoirí a fhaigheann an tairbhe is fearr ón gcóras oideachais os rud é go bhfuil siad in ann dul chun breis ceachtanna ar ábhair áirithe a fháil.
Mar sin níl a leithéid de rud ann é oideachas saor in aisce agus mar gheal ar sin ní fhaigheann gasúir sa tír oideachas ionannach in ainneoin a n-acmhainn. Is léir nach bhfuil an tír seo "chomh ceannúil céanna ar chlann uile an náisiúin."
Stór Focal
saor in aisce ...... free of charge
meánioncaim ...... medium income
ísealioncaim ...... low income
fearas ...... equipment
feisteas ...... gear
éide scoile ...... school uniform
beagán acmhainne ...... scant resources
sochaí ábharthach ...... materialistic society
gníomhaíochtaí iarscoile ...... afterschool activies
Ardteist ...... Leaving Certificate
Leibhéal-A ...... A-Levels
oideachas ionannach ...... equal education