Top Issue 1-2024

11 August 2005 Edition

Resize: A A A Print

Dúshlán gan Ola!

A little known South American Indian tribe gave the world a warning of the dangers the world faced if respect wasn't shown to the environment. This message was given little credence at the time but as oil peaks gloom, climate change beckons and disasters threaten, their words seem all the more immediate now, in building a world that can survive without carbon-based fuels.

Blianta ó shin, is cuimhin liom léamh fá threibh dhúchasach áirithe i nDeisceart Mheiriceá a rinne iarracht teachtaireacht práinneach a thabhairt don domhan mhór. Cinnte, bhí práinn nach beag sa teachtaireacht uathu ach is cosúil gur tugadh cluas bodhar dóibh.

Chónaigh na Cogi thuas sna sléibhte, iad scartha amach ó mhuintir eile na cruinne. D'fhógair seanfhondúirí na treibhe ráiteas uathu i bhfoirm scéil a bhí an-chosúil leis an fhabhailscéal 'An Mac Drabhlásach' ar dhóigh.

Chreid an treibh seo go raibh siad síolaithe ó na daoine is ársa ar chlár na cruinne. Bhí sé de dhualgas ar an duine aire a thabhairt do thimpeallacht an domhain agus dá bharr sin, bhí nósanna agus traidisiúin s'acusan go hiomlán fréamhaithe in ómós don nádúr agus urraim don dúlra. Mar shampla, rinne na fir an obair leis an talamh a dhéanamh réidh don síol ach ba iad na mná a chur na síolta óir is iadsan atá torthúil. Leoga, le haghaidh gach rud a ghlac siad óna dtimpeallacht, bhí orthu an méid céanna a chur ar ais. Bhí go maith is ní raibh go holc go dtí gur thosaigh boc óg ag glacadh óna dtimpeallacht gan a dhath ar bith a chur ar ais. Ar an drochuair, ní raibh an boc óg ina aonar. Chuir muintir na treibhe 'deartháir mór' orthu siúd a chloígh le nósanna is traidisiúin an dúlra ach 'deartháir beag' orthu siúd a ghlac cibé rud gan a dhath a chur ar ais.

Rinne an deartháir is sine iarracht a dhéartháir óg a chur ar bhóthar a leasa ach ní raibh sé tuillteanach éisteacht. Bhí an deartháir beag imithe ó smacht agus faoi dheireadh, mhothaigh an deartháir mór nach raibh an dara rogha sa bhuaille aige ach an deartháir óg a dhíbhirt. Cuireadh an deartháir beag i mbád trasna na farraige móire.

Na cianta ina dhiaidh sin, tháinig sliocht an dhearthár bheag ar ais go deisceart Mheiriceá ach an uair seo, bhí longa cogaíochta agus gunnaí ollmhóra aige. Lean sé le scrios agus ag glacadh ón nádúr agus bhí sé sásta a dheartháir mhór a mharú fiú. Bhí an deartháir beag iontach cumhachtach ar fad agus ba chosúil go raibh sé ag glacadh i bhfad níos mó ón dúlra ná riamh. D'éalaigh deartháir mór chuig na sléibhte agus chuaigh sé i bhfolach ansin agus é an-lag ar fad.

D'fhan deartháir mór i bhfolach go dtí gur shíl sé go raibh sé in am teachtaireacht soiléir a thabhairt dá dheartháir bheag arís. Ba léir ón mhéid a bhí le feiceáil sna sléibhte aige go raibh timpeallacht na cruinne i gcontúirt. Thuig an deartháir mór go raibh gual, ola agus gás a dhó ag an deartháir óg. Dúirt seanfhondúirí na treibhe gurbh ionann seo agus croí, fuil agus scamhóga an domhain a dhó. Bhí sé thar am don deartháir óg smaointiú fá dhóigheanna eile ar mhaithe le slánú na cruinne.

B'fhéidir gur thug na ollchomhlachtaí ilnáisiúnta neamhaird ar an teachtaireacht simplí ón treibh dúchasach i nDeisceart Mheiriceá, ach bhí daoine inár measc i gcónaí ag déanamh a ndícheall cloí le rialacha an dúlra, ag iarraidh nósanna eile a fhorbairt is araile.

Tuigtear nach bhfuil ann ach ceist ama agus buaicphointe ag teacht ina mbeidh ganntanas ola ann. Ní fios ag éinne go cinnte ach tá tuairim ag beagnach gach saineolaí go sroichfidh muid an phointe seo idir 2006 agus 2030. B'fhéidir nach raibh mórán airde tugtha don 'deartháir mór' blianta ó shin ach leis an ghéarchéim ag bagairt ar mhuintir na cruinne, beidh tubaistí uafásacha i ndán do chách muna dtugtar cluas le éisteacht leis an teachtaireacht práinneach láithreach. Níl sé i gcumas an dhearthár is sine fadhbanna an domhain a leigheas gan cuidiú óna dheartháir bheag.

Tá na scileanna, an teicneolaíocht agus an cumhacht ag an 'deartháir óg' bogadh i dtreo shlánú na cruinne ach an bhfuil an toil aige. B'fhéidir gurbh fhearr le fórsaí an chaipitleachais smacht daingean a choinneáil ar an chóras mar atá agus gach píosa guail, gach deoirín ola is gach puth gáis a dhó. Ní amháin sin, b'fhearr lena leithéid a bheith i mbun cogaíochta leis an mhéid dheireannach a fháil agus cumhacht núicleach a fhorbairt chomh maith. I ndáiríre, áfach, greim docht a fhir bháite a bheadh ann.

Tá an oiread sin truaillithe ar thalamh, san aer is san uisce go bhfuil cinéalacha éagsúla ainmhíthe is éisc i gcontúirt imeacht in éag, go bhfuil tionchar nach beag ar an aimsir, go bhfuil sláinte an duine agus slánú na cruinne féin go mór i mbaol.

Ní amháin go bhfuil sé thar am breathnú ar fhorbairt fuinnimh eile ach caithfidh gníomhiú go háitiúil agus muid ag smaointiú ar bhun dhomhanda. Tá i bhfad barraíocht fuinnimh curtha amú i sochaí an lae inniu. Mar shampla, cad chuige a mbíonn muintir na hÉireann ar na Spáinnigh meacáin dearga a sholáthar dóibh?

Cé go bhfuil spásárthaigh ag taisteal sna spéartha os ár gcloigne is an oiread sin teicneolaíocht nua-aoiseach feabhasaithe sa lá atá inniu ann an bhfuil an cine daonna ciallmhar go leor éisteacht leis an teachtaireacht simplí soiléir ó na 'Cogi'.

An Draoi Rua

Seanfhocal na Seachtaine

'Ní galar duine amháin é.'

Níl amhras ar bith ach go mbeidh muintir na cruinne ar fad ag fulaingt de bharr an scrios atá déanta dár dtimpeallacht.

Gluais

treibh ...... tribe

An Mac Drabhlásach ...... The Prodigal Son

síolaithe ...... descended/seeded

díbirt ...... banish

longa cogaíochta ...... ships of war

seanfhondúirí ...... old timers

buaicphointe ...... peak

fuinneamh ...... energy

spásárthaigh ...... spaceships


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland