31 March 2005 Edition

Resize: A A A Print

Comóradh na Cásca ag Teach an Phiarsaigh

Níorbh é suíomh fisiciúil an tí ba thabhachtaí ag teach an Phiarsaigh Ros Muc Domhnach na Cásca 2005, ach an cúlra polaitiúil a bhaineann leis an teach beag cois locha, i gcomhthéacs streachailt mhuintir na hÉireann ar son na saoirse.

Bhailigh ós cionn leathchéad duine Dé Domhnaigh seo caite taobh amuigh de theach beag le ceann tuí, suite i measc na gcloch agus na gcnoc, i gcroílár Chonamara, chun ceiliúradh a dhéanamh ar dhuine de cheannródaithe na réabhlóide cultúrtha agus polaitiúla san aois seo caite.

Cuireadh i gcuimhne don slua a bhí i láthair gur ann a traenáladh cuid de phoblachtánaithe na haoise seo caite, gur ann a fuair an Piarsach an ionsparáid do go leor dá shaothar próis agus filíochta, agus gur sa teach céanna a scríobh Pádraig Mac Piarais an óráid cháiliúil a tugadh ag uaigh Uí Dhonnabháin Rossa. Ba léir ón óráid a thug an Feisire Eorpach nuathofa, Bairbre de Brún, an tábhacht a bhaineann leis an bPiarsach chomh maith leis na fir is na mná a throid lena thaobh do phoblachtánaithe agus do Ghaeil an lae inniu.

Léadh amach Forógra na Cásca, Ráiteas an Airm agus Liosta na Marbh do Chontae na Gaillimhe san ócáid lánGhaeilge seo. Leagadh bláthleascanna le balla an tí i ndílchuimhne ar na laochra a fuair bás ar son na haislinge a leagtar amach i bhForógra 1916.

Mar a dúirt an Colm Ó Ceannabháin, a rinne cathaoirleacht ar an ócaid, bheadh bród ar an bPiarsach leis an slua a bhí i láthair agus leis an gcomóradh a eagraíodh ar a shon. Is mó an bród a bheidh air nuair a bhainfear na spriocanna a shaothraigh sé ar a son amach.

Ba é seo an dara bliain as a chéile a d'eagraigh Sinn Féin Chontae na Gaillimhe comóradh ag Teach an Phiarsaigh. Agus na huimhreacha ag dul i méid cheana féin, comóradh é seo a mbeidh tóir mhór air sna blianta amach romhainn.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland