Top Issue 1-2024

29 January 2004 Edition

Resize: A A A Print

Cás Mary Kelly

Mary Kelly

Mary Kelly

A year has passed since Mary Kelly attacked an airplane in Shannon and she still awaits trial for her actions, wites AN DRAOI RUA.

Bliain ó shin, ar an 29 Eanáir 2003, d'éirigh le Mary Kelly dul isteach ar thalamh aerphort na Sionna agus damáiste a dhéanamh d'eitleán cogaíochta ó Mheiriceá. Thóg sí casúr agus bhris sí srón an eitleáin agus píopaí bhreosla.

Cáineadh gníomhartha Mary Kelly, gabhadh í agus cuireadh i bpríosúin í ar feadh seachtaine. Tamall ina dhiadh sin, tógadh os comhair na cúirte í ach níor réitigh an ghiúiré eatarthu an raibh sí ciontach nó gan locht. Anois agus bliain caite ó na gníomhartha seo, is cosúil nach féidir le muintir na hÉireann a bheith cinnte faoina cás go fóill. Tá Mary Kelly ag fanacht le dul ar ais chun na cúirte agus má réitíonn an ghiúiré go bhfuil sí ciontach, thiocfadh go mbeadh deich mbliain le caitheamh aici taobh istigh.

Is iorónta an rud é gur mhothaigh léirseoir síochánta go raibh dualgas uirthi damáiste a dhéanamh don eitleán úd in aerphort na Sionna anuraidh. Ach cén rogha a bhí aici i ndáiríre?

Mhothaigh Mary Kelly mar a mhothaigh neart daoine eile ná nach raibh rialtas Bhaile Átha Cliath ag tabhairt aon airde ar aerphort na Sionna mar chuid den uirlis mhíleata SAM. B'fhearr i bhfad le Teach Laighin dearmad a dhéanamh fán mhéid eitleáin cogaíochta a bhí ag taisteal tríd ar a mbealach le chun na hIaráice. Bhí na céadta mílte daoine ar mhórshiúlta ar sráideanna cathracha na tíre seo ach tugadh neamhaird dona agóidí síochánta ar fad.

D'éirigh le Mary Kelly iontach frustrach faoin ábhar seo ar fad agus shocraigh sí gabháil i mbun gníomhartha díreacha. Ní ghá do dhaoine a rá go n-aontaíonn siad go hiomlán leis an mhéid a rinne Kelly ach ba cheart go dtuigfeadh gach duine cén fáth a rinne sí an méid a rinne.

Cén fáth a rinne SAM agus an Bhreatain ionsaí ar an Iaráic? Dúradh linn go raibh airm ollscriosta ag Saddam Hussein agus go raibh gach uile tír ar chlár na cruinne i mbaol. Anois agus na mílte Iaráicigh maraithe agus Saddam Hussein féin i ngéibheann níor tháinig éinne ar airm ollscriosta go fóill.

Is í an fhírinne ná go raibh na hairm ollscriosta in úsáid ag na sceimhlitheoirí míleata SAM agus an Bhreatain. Cuireadh i gcoinne Mary Kelly ná gur bhain sí úsáid as foréigean le pointe a dhéanamh. Cuimhnítear nár mharaigh sí ná níor ghortaigh sí duine ar bith. Is dócha gur chóir dúinn a rá ná go ndearna sí damáiste d'arm ollscriosta í féin. B'fhéidir nár chuir Mary Kelly stop leis an inneall ollmhór cogaíochta ach, ar a laghad, ghlac sí seasamh coinsiasacha ar son mhuintir na hIaráice.

Seanfhocal na Seachtaine

'Tá seasamh a coda inti.'

B'fhéidir go bhfuil an méid seo fíor i dtaobh Mary Kelly ach creidim go bhfuil tacaíocht de dhíth uirthi.

Gluais

breosla fuel

giúiré jury

iorónta ironic

frustrach frustrated

airm ollscriosta weapons of mass destruction


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland