Top Issue 1-2024

9 October 2003 Edition

Resize: A A A Print

Uisce Coisricthe

BY AN DRAOI RUA

The shortage of good quality water is a concern that affects us all now and may become an even more serious problem in the future, warns AN DRAOI RUA.

Is cuimhin liom go raibh duine ar cuairt ar theach mo mháthara agus mé óg. Chonaic sé buidéal áirithe ar an tseilf agus d'iarr sé ar mo mháthair cad a bhí ann. Léirigh sí dó gur uisce coisricthe a bhí aici ann ach níor thuig sé an coincheap agus cheistigh sé:

"Nach bhfuil gach cinéal uisce coisricthe?"

Ar ndóigh, bhí an ceart ag an chuairteoir, ach is cosúil nach bhfuil an meas céanna ag muintir na hÉireann ar an eilimint agus a bhí ag ár sinsear. Creideadh go raibh spioraid in aice le nó istigh i ngach aon foinse uisce. Bhíodh síoga aonaracha taobh le toibreacha, déithe sna aibhneacha is sna locha agus fir is maighdeána mhara le fáil san fharraige mhór.

Sa lá atá inniu ann, ní féidir le duine ar bith againn brath ar caighdeán uisce reatha atá le fáil inár tithe féin. Faraor, b'fhearr le neart daoine uisce a cheannach i mbuidéal in ionad an iomarca clóirín a slogadh siar. Cinnte, ní chreideadh ár sinsear go mbeadh uisce níos daoire ná bainne.

Ag deireadh na seachtaine, bhí mé ag léamh go bhfuil Comhairle Bhaile Átha Cliath buartha anois nach mbeidh go leor uisce reatha ar fáil dóibh i gceann tamaill. Dar leo, beidh dhá oiread an méid uisce atá in úsáid anois de dhíth faoin bhliain 2031 toisc go bhfuil an oiread sin fás beartaithe ar thithe cónaithe sa cheantar máguaird. Creidtear go mbeidh breis agus 350,000 tithe cónaithe nua tógtha thart fá chathair Bhaile Átha Cliath taobh istigh de dheich mbliain.

Caitheadh dhá bhliain i mbun taighde ag iarraidh foinsí uisce a aimsiú le freastal ar an daonra mór seo agus tuigtear do na taighdeoirí nach féidir uisce a sholáthar don phobal ón cheantar féin.

Anois, tá moltaí ar leith ag teacht chun tosaigh. Cuid acu ag smaointiú go dtiocfadh uisce a iompar ó abhann na Sionainne nó ó Shléibhte Chill Mantáin nó ó áit éigin eile. Ba é an moladh is dochreidte a bhí ann ná uisce na farraige a úsáid agus an salann a bhaint as an tsáile.

Caithfidh mé a rá gur chuala mé saineolaithe agus teoiricí iontacha acu i ndiaidh blianta caite i mbun staidéir ar ábhar éigin. Bhí lucht NASA i Meiriceá den tuairim gurbh fhiú go mór árthach spáís a chur chuig Mars agus iad den tuairim go dtiocfadh leo uisce a aimsiú ansin agus a chruthú don domhan seo go bhfuil rud éigin beo thuas ansin. Is dócha go raibh na barúlacha céanna ag a leithéid sna seascaidí agus iad ag ullmhú turas chuig an gealach.

Leis an fhírinne a rá, níl aon freagra agam do Chomhairle Bhaile Átha Cliath ach b'fhéidir go mbeidh siad sásta leis na ceisteanna atá agam dóibh:

  • An gcaithfidh an 350,000 tithe breise seo a thógáil thart fá Bhaile Átha Cliath, nach dtiocfadh iad a lonnú áit éigin eile in Éirinn?
  • Cén fáth nach raibh ganntanas uisce ag ár sinsear fadó?
  • Nár chóir dúinn uilig a bheith níos cúramaí fá láimhseáil an uisce agus an méid atá againn a choinneáil glan?
  • Cad chuige a bhfuil an oiread sin uisce truaillithe in Éirinn? (deirtear go bhfuil níos mó ná 70% d'aibhneacha na tíre truaillithe)

Seanfhocal na Seachtaine

'Ní dhéanadh sé uisce coisricthe dúinn.'

Is é an bhrí atá leis an fhrása seo ná nach bhfuil go leor ann le freastal ar riachtanas s'againne.

Gluais

coisricthe blessed

coincheap concept

aonarach lonesome

aibhneacha rivers

beartaithe planned

máguaird surrounding

taighdeoirí researchers

soláthar provide

saineolaithe experts

teoiricí theories

árthach spáis space ship

ganntanas shortage


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland