Top Issue 1-2024

25 September 2003 Edition

Resize: A A A Print

Rúraíocht

BY AN DRAOI RUA

Le fírinne, níl leithscéal ar bith de dhíth le trácht a dhéanamh do Cúchulainn is dona chairde sa chraobh rua. Ach, ós rud é go bhfuil cluiche ceannais peile na hÉireann uile Ultach ann don chéad uair i stair an Chumann Lúthchléas Gael, chreid mé nach ndéanfadh sé dochar tagairt a dhéanamh don rúraíocht.

Tá a fhios againn gur chónaigh na Ulaidh in oirthear an chúige ó thuaidh. 'Rúraí' an t-ainm a chuir na hUlaidh orthu féin. Creidtear go raibh sé de cheart agus de chóir ag na rúraí cónaí a dhéanamh sa taobh sin tíre. Dá bhrí sin, 'rúraíocht' an t-ainm a cuirtear ar na scéalta bainte leo.

I ndáiríre, is é 'Táin Bó Chuailnge' an príomhscéal ins sa rúraíocht. Deirtear gur scríobhadh síos an chéad leagan den scéal ársa seo go luath ins sa seachtó haois, ach go bhfuil an scéal féin suite i réamhstair na tíre. Deirtear go bhfuil an scéal céanna ar an dara scéal is sine san Eoraip. (Scríobh Homer an Illiad, an scéal is ársa, eachtraí laochais eile ina raibh Helen as Traoi is araile.)

Uaireanta cluintear daoine ag cur síos ar Chúchulainn agus shílfeá le bheith ag éisteacht leo go bhfuil siad ag cur síos ar uncail dá gcuid toisc go bhfuil an oiread sin aithne acu air. Anois, b'fhéidir go bhfuil siad den tuairim go bhfuil aithne pearsanta acu air. Déantar tagairtí do gnéithe áirithe den 'Táin Bó Chuailnge' agus éisteoirí den bharúil go bhfuil an cainteoir ag trácht ar ghníomhartha a tharla arú inné.

Níl amhras ar bith ann ach go ndeachaigh an scéal seo go mór i bhfeidhm ar ár sinsear agus go bhfuil tionchar nach beag orainn féin go fóill.

Ní amháin go bhfuil eachtraí Chúchlainn le sonrú i rith an scéil ach tá neart coimhlintí eile le feiceáil eile ann.

Tá cúlra miotaseolaíochta taobh thiar de na tairbh agus creidtear gur déithe a bhí iontu tráth den saol. Ba mhór an troid a mhair idir Fhinnbhearrach agus an Donn Cuailnge. Bhí siad le cloisteáil ar fud na hÉireann agus iad in achrann lena chéile thar oíche. Le breacadh an lae, bhí le feiceáil go raibh an bua ag an Donn Cuailnge agus chuaigh sé abhaile agus é ag scaipeadh giotaí de chorp Fhinnbhearraigh ar a bhealach. Nuair a bhain sé a cheantar féin amach arís, phléasc a chroí agus d'éag sé.

Mar chúlra ar an scéal, ghlac na Connachtaigh seilbh ar Teamhair na Ríthe, rud a d'ísligh méid an talamh a bhí faoi réim ag na hUlaidh. Ag an am céanna, chuaigh Fearghus Mac Róich ar thaobh na Connachtach. Lean na hionsaithe ar cúige Uladh i rith an tréimhse seo agus bhí coimhlint idir Fhearghus agus Conchúr Mac Neasa le sonrú go soiléir tríd an scéil.

Is scéal casta go leor é 'Táin Bó Chuailnge' agus is féidir le gach Gael againn tagairtí a dhéanamh dó. Tá neart le léamh idir na línte ar ndóigh. Faraor, tá le feiceáil go bhfuil roinnt de na Dílseoirí ó thuaidh ag déanamh a ndícheall seilbh a ghlacadh ar an charachtar 'Cúchulainn' anois chomh maith.

Seanfhocal na Seachtaine

'Nárbh í an t-Ultach alltach í!'

Seo frása a bhí ag Phádaig Ua Duinnín ach níl a fhios agam cén cailleach a bhí i gceist aige. Seans maith, áfach, go dtiocfadh le roinnt daoine tomhas a dhéanamh.

Gluais

leithscéal excuse

dochar harm

ársa ancient

tagairtí references

gníomhartha exploits

eachtraí adventures

cúlra miotaseolaíochta mythical background

in achrann in contention with

ag scaipeadh spreading

coimhlint dispute

casta complex


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland