Top Issue 1-2024

10 April 2003 Edition

Resize: A A A Print

Tiocfaidh ár 'Gach Lá'

AN DRAOI RUA gives a big 'céad míle fáilte' to the Irish Language daily national newspaper 'Gach Lá', to be launched at the end of the month.


28 Aibreán 2003 an spriocdáta atá ann don nuachtán laethiúil 'Gach Lá'. Is cinnte gur dáta stairiúil a bhéas ann le haghaidh meán cumarsáide na Gaeilge. Tá stáisiún teilifíse náisiúnta ar fáil i TG4, stáisiún raidió náisiúnta ar fáil i RnaG agus ó dheireadh na míosa seo beidh nuachtáin náisiúnta laethiúil ar fáil do Ghaeil.

Tá forbairt iontach déanta ag na nuachtáin Gaeilge ar na mallaibh idir 'Lá' agus 'Foinse'. Guím gach rath ar Sheán Tadhg Ó Gairbhí, eagarthóir nua ceaptha ag 'Foinse', a bheas i mbun a chuid pleananna féin a chur i gcrích leis an nuachtán seachtainiúil a fheabhsú is a fhorbairt. Faoin am a thiocfas 'Gach Lá' amach, is dócha nach mbeidh an oiread sin comórtas ach comh-oibriú le feiceáil idir 'Lá' agus 'Foinse'. Cinnte, tá spás sa domhan gaelach seo don bheirt acu.

Caithfidh mé a rá go bhfuil gach cuma ar an scéal go bhfuil an 'obair bhaile' ar fad déanta ag foireann 'Lá'. Tá taighdí margaíochta mar aon le staidéir féidireachta déanta acu agus is léir go bhfuil cur chuige iontach gairmiúil ag gach duine bainte leis an togra. Tuigeann siad cad é go díreach atá le déanamh acu, agus is cosúil go bhfuil an misneach, an muinín agus an fuinneamh iontu an méid atá os a gcomhair a chomhlíonadh.

Tuigtear go bhfuil timpeall 50 nuachtán laethiúil ar fáil i mionteangacha na hEorpa cheana féin. Le cúpla bliain anois, rinne 'Lá' teagmháil le dreamanna éagsúla ar fud na hEorpa agus tá ceachtanna tábhachtacha foghlamtha acu agus iad ag cur plean gnó le cheile. Bhí siad i mbun cainte le 'Egunkaria' i dTír na Bascach, le dreamanna eile sa Chatalóin, san Fhionlainn agus sa Bhreatain Bheag. [Tá súil agam nach mbeidh fórsaí na tíre seo ag iarraidh fhoireann 'Gach Lá' a ghabhadh agus oifigí a dhúnadh mar a tharla do 'Egunkaria']

Dar le suirbhé amháin a rinneadh le déanaí, bheadh fonn ar 69% de Ghaeilgeoirí nuachtán gaelach laethiúil a cheannach. Tá foireann 'Lá' den bharúil go mbeidh siad ábalta 8,000 cóip a dhíol gach lá agus iad lán-cinnte go bhfuil an córas scaipiúcháin réidh le freastal ar an éileamh. Ar ndóigh, tá sé beartaithe acu cur leis an fhoireann gan mhoill chomh maith. Beidh oifigí nua oscailte i mBaile Átha Cliath agus sna Forbacha i nGaillimh go luath.

Tá sé i gceist 'Gach lá' a chur amach ó Luan go hAoine agus beidh 12 leathanach sa nuachtán laethiúil. Beidh freastal ar dhaoine ó dhearcaidh éagsúla polaitíochta, beidh leagan amach agus cuma spreagúil ar an nuachtán úr agus é dírithe ar léitheoirí óga a mhealladh go háirithe. Tá an teicneolaíocht is déanaí in úsáid ag foireann 'Lá' cheana féin agus beidh deis ag léitheoirí ar fud na cruinne 'Gach Lá' a léamh ar an suíomh idirghréasáin ag www.nuacht.com

Tá a lán tacaíochta faighte ag na ceannródaithe le 'Gach Lá' a eisiúint. Is léir go bhfuil comhoibriú leanúnach ar siúl eadarthu agus díograiseoirí teanga ar fud na hÉireann. Ní amháin go gcreideann Gaeil sa togra seo ach mothaíonn an formhór acu go bhfuil sé thar a bheith riachtanach. Níl amhras ar bith ann ach go gcuirfidh sé le stadas na teanga agus go mbeidh náscanna tábhachtacha cothaithe idir Ghaeil na tíre.

Fá láthair tá céad scair ar díol acu ar §750. Leathnóidh an scaireanna seo úinéireacht an phaipéir, cuirfidh na húinéirí spéis i bhforbairt an nuachtáin agus cuideoidh sé leis an togra a neartú fosta. Má tá éinne ábalta tacú leo, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an fhoireann ag 048 90 605050 nó ag [email protected]

Beidh léamh eile ar na scéalta beaga is móra i 'Gach Lá' agus is cinnte go mbeidh léargas ar leith ar fáil ann chomh maith. Go n-éireoidh leo, Bail ó Dhia (is ó na déithe uile) ar an obair os a gcomhair.



Seanfhocal na Seachtaine



'Thug sé a lá is a shaol ag gabháil dó.'

B'fhéidir go mothaíonn cuid d'fhoireann 'lá' nach bhfuil a dhath eile déanta acu thar na blianta ach díriú ar nuachtán laethiúil a sheoladh.



Gluais



Spriocdáta    appointed date

meán cumarsáide    media

eagarthóir    editor

taighdí margaíochta    marketing studies

comhlíonadh    complete

mionteangacha    minority languages

córas scaipiúchain    system of distribrution

éileamh    demand

suíomh idirghréasáin    website

díograiseoirí teanga    language enthusiasts

riachtanach    necessary

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland