Top Issue 1-2024

6 March 2003 Edition

Resize: A A A Print

Sciúirse na nDrugaí

This week, AN DRAOI RUA discusses the scourge of drugs in society and questions the willingness of authorities and governments worldwide to seriously try to eradicate the problem.



Caithfidh mé a admháil nach minic a bheinn ag breathnú ar thuairisc ón 'Oireachtas' ar RTÉ. Cibé ar bith, is dócha nach raibh mé in ann socrú síos le codladh na hoíche a fháil agus d'fhéach mé ar chuid dó seachtain ó shin.

Le linn an chláir áirithe seo, bhí an Teachta Dála Aonghus Ó Snodaigh i mbun óráide. Dúirt an t-Uasal Ó Snodaigh go raibh i bhfad níos mó daoine maraithe i ndáilcheantar s'aigesean ná in áit ar bith eile sna sé chontae is fiche. Mar aon leis sin, léirigh sé go raibh ráta na coiriúlachta ar an ráta is airde sa tír agus go raibh an bochtanas go forleathan sa cheantar fosta. Cheistigh sé, áfach, an raibh Teach Laighin sásta dul i ngleic leis an bhunfhadhb - is í sin sciúirse na ndrugaí.

Tionscal ollmhór é margaíocht na ndrugaí sa lá atá inniu. Tionscal neamhscrupallach idirnáisiúnta a scriosann sochaithe agus a loiteann beatha daoine ar fud na cruinne. Iad siúd atá i gceannas an tionscail seo, is cuma leo sa tsioc faoin fhulaingt agus faoin léirscrios atá a dhéanamh acu. Tá airgead ollmhór le déanamh ag na barúin móra. Deirtear go saothraíonn tionsal na ndrugaí níos mó airgid ná na comhlachtaí ilnáisiúnta Coca-cola, McDonald's agus Microsoft le chéile.

Cé chomh dáiríre is atá rialtais an Iarthair dul i ngleic leis an fhadhb?

Cuimhnítear go ndúirt Karl Marx 'Religion is the opium of the people.' Is é a bhí i gceist aige ná nuair a bhí daoine ag guí nó tógtha faoi reiligiún nach raibh siad i gcoimhlint leis an stát le stadas s'acusan a fheabhsú. Anois, nuair atá greim docht ag fíor-dhrugaí ar an sochaí, is cinnte nach bhfuil sé i gcumas an phobail iad féin a eagrú agus troid is seasamh a dhéanamh ar son a gcearta. Ar ndóigh, nuair atá andúiligh gafa agus iad ag déanamh a seacht ndícheall an t-airgead a fháil leis an chéad 'fix' eile a fháil; níl siad in achrann leis an stát ach is mó an scrios a bhíonn acu ar an tsochaí.

Tuigeann poblachtánaithe na sé chontae an méid seo go rí-mhaith. Go minic, lig údaráis na Breataine orthu nach bhfaca siad drugaí ar a mbealach isteach chuig eastáit tithíochta. Le fírinne, rinneadh iarracht fadhbanna drugaí a chothú i gceantracha poblachtánaithe go háirithe. Maise, tá samplaí éagsúla ann ina raibh saighdiúirí Sasanacha le feiceáil go hoscailte ag díol drugaí. Bhí iarracht á dhéanamh cumhacht an phobail a laghdú, fadhbanna sóisialta a chruthú agus an locht a chur ar an ghluaiseacht phoblachtánach dá bharr.

Is léir go nglactar leis an ólachán go forleathan i sochaí an lae inniu. Ní minic a chuirtear an t-ólachán sa chomhthéacs céanna le drugaí eile. Cinnte, cruthaíonn an t-ólachán neart foréigin agus scriostar a lán teaglaigh de bharr mhí-úsáide. Tuigtear go bhfuil an fhadhb ólacháin is measa san Eoraip ag an tír seo. Is beag iarracht atá déanta leis an fhadhb a leigheas óir tá i bhfad barraíocht airgid le déanamh ag tionscal an ólacháin agus tá go leor cáin ar alcól ag an rialtas. Níl srian ar bith curtha ar fhorbairt a leithéid d'alko pops' agus is cosúil go bhfuil líon na bhfógraíochta ag méadú i rith an ama.

Agus an méid seo ráite, an bhfuil an dearcadh céanna ag rialtais ar gach cinéal druga is atá acu ar ólachán? 'Daoine gnó measúla' atá sna barúin móra i láthair na huaire. Cén tionchar atá acu ar údaráis rialtais an Iarthar? An dtugtar neamhaird de gnéithe éagsúla den 'ghnó'? Cén brabús a dhéanann lucht an rachmais agus muintir áirithe na húdaráis as? Seans nach bhfuil siad ach ag cur i gcéill go bhfuil rud éigin á dhéanamh acu leis an fhadhb a leigheas.

Tuigim go bhfuil a lán daoine a déanamh sáriarracht sciúirse na ndrugaí a dhíothú. Cuirtear troid i gcoinne na faidhbe sna scoileanna is sna ollscoileanna trí oideachas faoi chontúirtí na ndrugaí a chur ar fáil. Tá córas leighis ar fáil do roinnt andúiligh agus beirtear ar lastaí móra drugaí ar bhonn rialta. Is cinnte nach leor na hiarrachtaí seo ach go gcaithfear cath fíochmhar dáiríre a throid in éadan tionscal na ndrugaí ar fud an domhain. Is dócha gur cheart toiseacht leis na 'daoine gnó measúla' a chúiseamh.



Seanfhocal na Seachtaine


'Is milis fíon ach is searbh a íoc.'

Ní amháin go bhfuil sé deacair poit a fhulaingt uaireanta ach níor mhaith l'éinne a bheith tugtha don ól ná do dhruga ar bith eile



Gluais


Sciúirse    scourge

Dáilcheantar    constituency

ráta na coiriúlachta    crime rate

tionscal    industry

comhlachtaí ilnáisiúnta    multinational companies

andúiligh gafa    hooked addicts

údaráis na Breataine    British authorities

eastáit tithíochta    housing estates

sa chomhthéacs    in the context

fadhb ólacháin    drink problem

srian    restraint

líon na fógraíochta    amount of advertising

daoine gnó measúla    respectable business people

gnéithe éagsúla    various aspects

a dhíothú    to eradicate

beirtear ar lastaí móra    big consignments are caught


An Ghaeilge agus an Dlí Pleanála



Beidh an abhcóide dlí Eoin Ó hIcí agus an teangeolaí Dr. Tadhg Ó hIfearnán ó Ollscoil Luimnuí ag labhairt ar an ábhar ëAn Ghaeilge agus an Dlí Pleanálaí ar an 11ú Márta. Is iad Comhairle Abhcóidí Éireann atá ag eagrú na Comhdhála, a mbeidh ar siúl ar 19 i.n. i bhFoirgneamh na Drioglainne (Distillery Building), Sráid na hEaglaise, Baile Átha Cliath 7, taobh thiar de na Ceithre Chúirt.

Dar le foinsí dlí, tá béim ar leith tagtha ar ról na Gaeilge sa chóras phleanála le déannaí. Tá forálacha leagtha sios maidir leis an nGaeilge agus na Gaeltachtaí san Acht um Rialtas Áitiúl, 2001 agus san Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000.

Annuraidh, mar shampla, chuir an Ard-Chúirt cinneadh Chomhairle Chontae na Gaillimhe scéim tithíochta a thógáil sa Cheathrú Rua ar neamhní de bhua teip an Chomhairle ráiteas tionchur teangan a ullmhú, rud a bhí riachtannach de réir Pleann-Fhorbartha an Chontae. Tá géar diaspóireacht as siúl i láthair na huaire i gContae na Gaillimhe maidir leis Dréacht-Phleann-Fhorbartha an Chontae agus moltaí áirithe atá déanata maidir leis an nGaeilge.

Beidh an comhdháil ar An Ghaeilge agus an Dlí Pleanála ar oscailt don phobal agus tuigtear go mbeidh treallamh aistriucháin chomhuainneach ar fáil ann.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland