Top Issue 1-2024

30 January 2003 Edition

Resize: A A A Print

Reamh-Choiriúlacht Saddem Hussein

This week, AN DRAOI RUA compares the pre-crime police force of the film 'Minority Report' to the George W Bush administration's reasoning for war against Iraq



Tarlaíonn sé uaireanta go mbíonn sé deacair an difir a aithint idir an shaol réalach agus sin atá ósréalach!

Chonaic mé an scannán 'Minority Report' agus an nuacht ag deireadh na seachtaine seo chaite. Bhí sé furasta go leor na téamaí céanna a fheiceáil idir an dhá rud agus comparáid a dhéanamh eadarthu chomh maith.

Sa scannán, 'Minority Report', atá suite sa bhliain 2054, cúisítear daoine sula ndéantar cóiriúlacht. Is cosúil gurb amhlaidh atá an scéal maidir le cás Saddem Hussein. Ba mhaith le SAM ionsaí a dhéanamh ar an Iaraic sula bhfuil a dhath ar bith déanta aige.

Le fírinne, is beag seans go bhfuil Saddem Hussein ag dul ionsaí a dhéanamh ar thír ar bith. Is cinnte, áfach, go mbeidh fonn díoltais ar an Iaraic má thosaíonn Sam agus na Sasanaigh ag buamáil na tíre.

Creideann SAM go mór ina gcuid cumhachta agus iad den tuairim go gcosnaíonn a láidreacht mhíleata iad. Lena chois sin, creideann siad go bhfuil sé mar dhualgas orthu smacht a chur ar éinne a fheiceann siad mar namhad. Dá bhrí sin, má tá SAM amhrasach fá rialtas ar leith, creideann siad go bhfuil sé de cheart acu ionsaí a dhéanamh orthu.

Má tá arma ollscriosacha ag Saddem Hussein, b'iad SAM agus na Sasanaigh a dhíol iad dó. Lena chois sin, is iontach an rud é nár tháinig saineolaithe SAM agus Shasana ar na hairm thar dhá bhliain déag ina raibh smachtbhannaí i bhfeidhm ar an Iaraic.

Dála an scéil, tuigtear go bhfaigheann idir 3,500 agus 5,000 duine bás gach mí de bharr na smachtbhannaí céanna sa tír. Tá 40% de dhaonra na hIaraice i mbaol as siocair go bhfuil a gcuid uisce truaillithe agus tá ráta bhás linbh ag 13% anois.

Tá amhras ollmhór ann fán mhéid tacaíochta atá ag rialtas Bush l'ionsaí a dhéanamh ar an chúis go bhfuil airm ollscriosacha ag an Iaraic. Is iomaí feachtas síochánta atá eagraithe ar fud an domhain, sna Stáit Aontaithe féin ina measc. Faraor, de réir na pobalbhreithe, níl tacaíocht ag rialtas Bush ó mhuintir Mheiriceá ionsaí a dhéanamh ar an Iaraic gan cead ó na Náisiúin Aontaithe.

Tá cleasaíocht millteanach ar siúl i measc na meáin cumarsáide ar fad maidir le láimhseáil an ábhair seo. Tá dallamullóg curtha ar mhuintir na cruinne, agus gach iarracht déanta fíor-chuspóirí na bponcánach a cheilt. Fá láthair, tá an bolscaireacht ar fad i dtaobh Saddem Hussein agus fán mhéid airm ollscriosacha atá aige. Ní hé sin an príomhaidhm l'ionsaí a dhéanamh ar an Iaraic ach leithscéal.

Is é bun agus barr an scéil ná gur mhaith le SAM smacht a fháil ar ola na hIaraice. Fá láthair, tá ola na hIaraice iontach saor, ar chaighdeán ard agus ar chostas $0.50 ar bhairille. Má tá smacht ag rialtas Bush ar an ola seo, is cosúil go mbeidh tíortha na cruinne ag brath ar SAM l'ola a fháil. Mar sin, beidh tíortha na cruinne faoi ordóg SAM agus breis cumhachta ag Meiriceá dá bharr.

Cé go bhfuil an Fhranc agus an Ghearmáin ag rá anois nach dtig leo tacú le cogadh i gcoinne Saddem Hussein anois, is dócha go mbeidh athrú poirt le cloisteáil uathu má thosaíonn na poncánaigh lena n-ollscrios ar an Iaraic. Má ionsaíonn SAM an Iaraic gan cead ó na Náisiúin Aontaithe, creidim féin nach mbeidh mórán gearáin déanta ina gcoinne. Beidh tíortha móra na Náisiúin Aontaithe go mór faoi smacht SAM de thairbhe bhrú ó na comhlachtaí ola.

Cén luach a bheas ar an ola? Má thosaíonn cogadh i gcoinne na hIaraice, creidtear go mbeidh suas le 260,000 duine maraithe, go mbeidh cogadh na gcarad ann ina marófar breis agus 20,000, go bhfaighidh 200,000 bás as gorta agus as galair éagsúla, go mbeidh 2 mhilliún teifigh ag iarraidh éalú agus go mbeidh 3 milliún daoine ag brath ar dhreamanna carthannachta le bia a sholáthar dóibh. Cinnte, tá na hairm ollscriosacha i lámha na bponcánach.

Is cúis náire é nach bhfuil tíortha na cruinne sásta seasamh níos láidre a ghlacadh i gcoinne cogaidh, go ligeann rialtas na hÉireann do na poncánaigh úsáid a bhaint as aerphort na Sionainne, go nglactar le leithscéal maidir l'airm ollscriosacha go forleathan agus nach n-éisteann SAM le guth an phobail ag guí ar son síochána. Tá dualgas ar gach duine againn ár bhfearg is ár mí-shástacht a léiriú le stop a chur leis an chogadh i gcoinne shaoránaigh na hIaraice - b'fhéidir gurb é an t-aon seans atá acu!


Seanfhocal na Seachtaine


'Beidh sé ina chogadh dhearg eadarthu.'

Má thosaíonn l'ionsaí i gcoinne Saddem Hussein, leanfar le cogadh fuilteach go cinnte.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland