Top Issue 1-2024

9 January 2003 Edition

Resize: A A A Print

Stevie Carroll - Seanchara agus Seanchaí iontach

This week, AN DRAOI RUA writes in praise of an old friend, Stevie Carroll, an enlightened republican and seanchaí from County Fermanagh who died on 4 January.



Fuair Stevie Carroll bás 4 Eanáir 2003. Seanchara de mo chuid a bhí ann a raibh tionchar mhór aige orm féin mar chara, mar phoblachtánach, mar staraí agus mar sheanchaí. Bhí sé ina cheoltóir chumasach ar an bhosca ceoil fosta agus é gníomhach go leor le Comhaltas Ceoltóirí Éireann.

Chuir mé aithne ar Stevie don chéad uair i 1989 agus mé i mbun taighde ar stair áitiúil i gceantar Ros Liath, Co. Fhear Manach. Caithfidh mé a rá nach mbeinn ábalta an obair seo a dhéanamh gan cuidiú uaidh féin is óna dheartháir Pat atá ar shlí na fírinne le roinnt blianta anois.

Bhí léargas ar leith acu ar stair áitiúil an cheantair agus an bua acu gach éachtra a chur i gcomhthéacs náisiúnta is idirnáisiúnta. Le fírinne, cuireadh iontas orm an méid eolais a bhí de ghlanmheabhair ag an bheirt. Ní amháin gur léiríodh dom go raibh gach leabhar agus ábhar scríofa léite acu ach bhí tuiscint iontach acu ar bhéaloideas an cheantair chomh maith. Mar is eol dúinn, ní féidir linn a bheith ag brath go hiomlán ar an leagan scríofa den stair agus ba mhinic a raibh sé i gcumas na beirte cur síos níos cruinne a thabhairt ar imeachtaí éagsúla i stair na háite. Ní scéal scéil a bhíodh nochtaithe acu ach oiread óir thiocfadh leo a dtuairimí a chruthú le fírící loma. Ar ndóigh, is ó na glúnta a tháinig rompu, ó bhéal go béal, a tháinig siad ar an fhios. Bhí siad breá ábalta gabháil siar agus cúrsaí ó aimsir réamhstaire agus gach tréimhse eile go dtí an lá inniu a phlé agus tuairimí speisiúla a léiriú ina dtaobh. Maise, is iomaí oíche a raibh an deis agam féin a chaitheamh ina gcuideachta agus muid i mbun comhrá go dtí breacadh an lae - ní bhíodh sé de chead agam an teach a fhágáil go dtí gur scairteadh an coileach.

Cé nach raibh labhairt na Gaeilge ar a dtoil acu, bhí siad breá ábalta logainmneacha na háite a mhíniú go beacht. Ní amháin sin ach bhí scéalta áirithe acu ar cad é mar a tháinig logainmneacha éagsúla chun cinn. Íorónta go leor ach ní thiocfadh leo a bheith iomlán cinnte fán bhunleagan Gaeilge a bhí ar a bhaile fearainn dúchasach féin - Drumshanfrick (Droim na sean cnoic/fraoch/Phádraic).

Ba chosúil go raibh stair gach teaghlach sa cheantair ar eolas acu. Bhí sé ina gcumas cur síos ar an dóigh a tháinig teaghlaigh éagsúla isteach sa cheantar don chéad uair, cur síos a dhéanamh ar a gceirdeanna, na carachtair ina measc, na héachtraí a bhain leo agus cá háit ar chlár na cruinne ina bhfuil a muintir anois.

Cé go bhfuil an chuid is mó den saibhreas seo ag gabháil faoin fhód anois, tá roinnt den bhéaloideas breacaithe síos ar phár agus ar stór ar réimse leathan téipeanna san Ionad Oidhreachta i Ros Liath go fóill.

Maidir le muintir Uí Chearúill féin, tuigtear gur tháinig an chéad ghlún acu isteach sa cheantar seo le linn scrios Chromail. Bhí cath ins sna sléibhte faoi scáth Shliabh Bheatha os cionn Ros Liath ina maraíodh breis agus trí chéad duine sa bhaile fearainn, Doire Geanainn. Níor tháinig ach beirt shaighdiúir Éireannach slán as an chath chéanna, beirt dheartháir darbh ainm Ó Cearúill a bhí iontu ó chontae an Lú ó dhúchas agus lonnaigh siad ansin sa cheantar.

Is den sliocht seo a bhí Stevie go cinnte, poblachtánach a bhí ann riamh a thuig go rí-mhaith an leatrom a bhí déanta ar ghlúnta na nGael. Ghlac sé páirt nach beag i ngluaiseacht na poblachta ó na caogaidí ar aghaidh. Ní leor dom a rá nach mbeidh a leithéid arís ann mar ní raibh an t-ádh orm bualadh le duine chomh huasal, chomh macánta, chomh heolach leis ó bhunphobal na hÉireann roimhe ná ó shin.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland