AP front 1 - 2025 small

20 December 2002 Edition

Resize: A A A Print

Brí na Nollag

Tá an oiread sin teachtaireachtaí curtha ós ár gcomhair ag an am seo den bhliain agus lucht fógraíochta ag déanamh a ndícheall aird s'againne a dhíriú le rudaí nach bhfuil de dhíth orainn a cheannach. Níl amhras ar bith ann gur féile ollmhór an chaipitleachais atá ins sa tréimhse seo, a chuireann daoine ar strae ag siopadóireacht agus ag caitheamh airgid nach bhfuil acu i ndáiríre. Is iomaí duine a théann i bhfiacha i rith an seasúir agus iad curtha ar mire ag iarraidh freastal ar éilimh le bronntanais a fháil.

Ní féidir le duine ar bith beo an brú cumarsáide a sheachaint agus muid uilig bodhar agus dall ag éisteacht, ag léamh agus ag féachaint ar fhógraí na Nollag. Sílim go raibh an buaicphointe bainte amach ag fógra ar leith, ceann a chuir Superquinn amach gan náire:

"Sausages - that's what Christmas is all about."

Caithfidh mé a admháil nár thuig mé fíorbhrí na Nollag go dtí go bhfaca mé an fógra áirithe seo. Is dócha go bhfuil neart daoine ar fud na cruinne gan tuiscint cruinn ar an fhíric seo go mbaineann an seasúr ceiliúrtha l'ispíní. Is cuma cén cúlra reiligiúnda atá i gceist leis an Nollag comhaimseartha, is dócha nár thuig muintir an domhain riamh gurb iad na hispíní ar na rudaí is tábhachtaí.

Ar feadh na cianta, chreid daoine gur chóir grianstad an gheimhridh a cheiliúradh agus fáilte a chur roimh éirí na gréine ar an lá is giorra. Bhí dreamanna eile ón tseanam a thug ómós do dhia mór na gréine Attis, nó Mithras nó Saturnalia. Deirtear gurb é an t-impire Romhánach Constantine a bhain leas as an féasta áirithe seo a réitigh ar an dáta céanna a roghnú le breithlá Chríost a cheiliúradh.

Fiú i rith na laetha is dorcha sa bhliain, mhothaigh daoine riamh gur cheart meas a bheith acu don bheatha a mhair sa dúlra ina measc. Tugadh faoi deara go raibh beatha ann go fóill agus bhíodh áit speisialta tugtha do na crainn fíorglasa. Níl amhras ar bith ann ná go raibh tábhacht nach beag ag baint le tinte agus le soilse chomh maith - comharthaí an bheatha a bhí iontu seo riamh agus bhíodh daoine i gcónaí ag brath orthu.

In Éirinn, ba ghnách coinnle a lasadh agus a fhágáil ag an fhuinneog le fáilte a chur roimh dhaoine ag taisteal ar an bhealach. Bhí roinnt pisreoga bainte leis an Nollaig, agus tabhair maithiúnas dom as ceann nó dhá a lua anseo:

Creidtear go bhfosclaítear geataí na Flaitheas go hiomlán Oíche Nollag agus go bhfuil Naomh Peadar i bhfad níos flaithiúla as daoine a ligint isteach ar feadh tréimhse 12 lá.

Tagann cumas labhartha chuig beithigh feirme ar feadh tamaillín, Oíche Nollag, díreach ag meán oíche, sa dóigh is go dtig leo paidir a rá don ócáid. Meán oíche ar an dara lá déag, déantar fíon d'uisce toibreacha, síoda de luachra agus ór de ghaineamhchlocha. Leoga, má chuireann duine daonna lámh ar na nithe seo ag an phointe seo, déantar cloch den duine céanna.

Bhuel is cuma cén cúlra creidimh atá ag daoine, tá mé den tuairim go bhfuil sos tuillte ag an chine daonna ar fad ó streachailtí an tsaoil. Ar an drochuair, ní bhíonn an deis sin ag gach duine agus is léir go bhfuil dearmad déanta orthu ag lucht an rachmais. Sea, agus an rud is tábhachtaí ag an am seo den bhliain ná - ispíní.

Beannachtaí na Féile!




Seanfhocal na Seachtaine



'Is maith an scéal a líonann bolg'


Déarfainn go mbeidh deis ag a lán daoine a mbolga a líonadh thar tréimhse na Nollag, ach an éireoidh le duine ar bith scéal thuasluaite a aimsiú.


An Draoi Rua



An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland