Top Issue 1-2024

24 October 2002 Edition

Resize: A A A Print

An Broc Bocht!

The Department of Agriculture in Dublin is set to begin an assault on the badger population and will employ 75 personnel to 'remove infection'. Alternatives have not been given enough consideration, says AN DRAOI RUA


Is cosúil go mbeidh broic na tíre faoi ionsaí fíochmhar roimh i bhfad. Tá sé deamhnaithe ag an Roinn Talmhaíochta go bhfuil slad tuillte ag na broic toisc go bhfuil eitinn á scaipeadh acu i measc béithigh feirme.

Tá pleananna réitithe ag an Roinn 75 duine a fhostú i gCo. Muineacháin leis na broic a mharú ins sa chuid sin tíre ina bhfuil an méid is mó eitinn le fáil i measc na mbó.

Níorbh é seo an chéad uair ar chuireadh an locht ar na broic as eitinn a scaipeadh agus maraíodh na mílte acu thar na blianta. Ar ndóigh, tuigtear go maraítear broic go minic ar na bóithre agus tá mé den bharúil go ndéantar a leithéid d'aonturas ag roinnt feirmeoirí.

De réir saineolaithe na Roinne, ní bhíonn an oiread sin eitinn le fáil in áiteanna ina maraítear na broic. Mar aon leis sin, creideann siad go bhfuil an eitinn ag méadú i measc na mbroc. Rinneadh taighde ar uimhir áirithe broic agus tugadh faoi deara go raibh eitinn ag 21.2% acu.-- Is docha go gcaillíonn sé sin gur cheart iad uilig a mharú!

Tá mé go mór in amhras an bhfuil go leor déanta ag an Roinn Talmhaíochta ar mhaithe le slánú na mbroc. B'fhearr i bhfad leo na broic a mharú ná dóigheanna a aimsiú l'iad a leigheas. Is dócha go bhfuil socrú is leisciúla roghnaithe acu.

Deir an Roinn go bhfuil sé ar intinn acu suirbhé náisiúnta a dhéanamh l'áiteanna cónaí na mbroc a aimsiú agus go ndéanfaidh siad scrúdaithe maidir le leigheasanna a thriail. Le fírinne, cé go bhfuil an méid seo ráite acu, is dócha go mbeidh níos mó fuinnimh curtha ins sa fheachtas le broic a mharú.

Má tá 75 duine fostaithe ag an rialtas le broic a mharú i gceantar amháin, nach mbeidh siad ag iarraidh conraithe measartha buan a chruthú dóibh féin. Ní chuirfidh an 75 seo fáilte roimh leigheas ar bith. Lena chois sin, cén cineál teachtaireachta atá á chur ós comhair an phobail? Gach seans go mbeidh scaiftí de mharfóirí ag dul amach le broic a scrios agus go mbeidh feirmeoirí le cogadh a thoiseacht ar na broic bochta ar fud na hÉireann.

B'fhéidir go bhfuil sé in am don Roinn Talmhaíochta dóigheanna eile feirmeoireachta a chothú chomh maith. Cad chuige a bhfuil feirmeoirí ag brath an oiread sin ar na ba cibé ar bith? Nár smaoin siad riamh go raibh i bhfad barraíocht béithigh feirme sa tír agus nach bhfuil sé thar am do fheirmeoirí níos mó barrthaí agus eile a sholáthar?

Is cinnte nach bhfuil meas madaidh ar an bhroc bhocht a thuilleadh. Bhí ardmheas ag ár sinsear ar an ainmhí seo agus chreideadh go raibh sé i gcumas an bhroic féar bainte a shábhailt ón fhearthainn thar oíche. Ní fios go cruinn cad é mar a d'éirigh le broc a leithéid a dhéanamh óir d'oibrigh sé go rúnda sa dorchadas. Bhí cleas iontach ag an bhroc fosta agus é ag iarraidh taisteal go gasta. Chuireadh sé a shrón faoina ruball sa dóigh is go mbíodh liathróid déanta aige dá chorp agus bhíodh sé ag roithleageadh síos cnoic is sléibhte. --- Seans go mbeidh ar na broic pilleadh ar na seanchleas seo l'éalú ón Roinn Talmhaíochta!



Seanfhocal na Seachtaine


'Ní léir do dhuine a locht féin.'

Molaim gur chóir don Roinn Talmhaíochta an seanfhocal thuasluaite a mheas sula dtosaíonn siad ar slad na mbroc.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland