Top Issue 1-2024

5 September 2002 Edition

Resize: A A A Print

Macha

This week, AN DRAOI RUA takes the opportunity to relate a few stories about the goddess of land, war and horses, Macha of Eamhain Mhacha and of Ard Mhacha (Armagh).



I ndiaidh do pheileadóirí Ard Mhacha dul chun cinn chuig an chluiche ceannais, chreid mé go raibh leithscéal agam tráchtaireacht a dhéanamh ar chlú Mhacha féin.

Bandia an cogaidh ab ea Macha, rud atá le tuiscint ón bhéaloideas. Mar aon leis sin, tuigtear ón ainm 'macha' go raibh dlúthbhaint ag an bhandia céanna leis an talamh. Níl amhras ar bith, áfach, go raibh tábhacht ríoga le Macha i gCúige Uladh agus Eamhain Mhacha mar phríomhionad ríogach sa cheantar.

Tá dhá thuairim ann i dtaobh ainmniú na háite, Eamhain Mhacha. I scéal amháin, mhair Macha i dtréimhse inar roinneadh Ardríogacht na héireann idir tríúr, Aodh, Díthorba agus Ciombaoth. Bhíodh sealanna seacht mbliana an duine acu. Iníon l'Aodh ab ea Macha agus tharla go bhfuair Aodh féin bás i ndiaidh trí sheal aige mar Ardrí.

Bhí Macha láncinnte go mbeadh dualgas an Ardrí le bheith faoina chúram aici gach tríú seal ach bhí uirthi dul i mbun cogaíochta leis an chearta sin a bhaint amach. I ndiaidh bás Dhíthorba, dhiúltaigh sí féin Ardríogacht na héireann a roinnt lena chúigear mhac agus chuir sí ruaig orthu go Cúige Chonnachta. Ansin, phós sí Ciombath, an rí eile. I ndiaidh na bainise, chuaigh sí go Connachta agus í faoi cheil.

Bhuail sí le cúigear mac Dhíthorba agus chuaigh sí a luí le gach duine acu, duine i ndiaidh duine. B'é an rud a tharla, áfach, ná gur chuir sí ceangail na gcúig caol orthu, duine i ndiaidh duine, agus ghlac sí an cúigear acu i ngéibheann ar ais go Cúige Uladh. D'ordaigh sí don chúigear rath ollmhór a thógáil in ónóir di agus nuair a bhí siad réidh, léirigh sí teorainn an ratha le claspa muiníl a bhí aici.

Dá bhrí sin:- Eo - seangaeilge ar 'claspa', muin - leagan de 'mhuineál', eo muin = Eamhain (Mhacha).

I scéal eile, bhí Macha ag taisteal na tíre nuair a bhuail sí le feirmeoir Ultach darbh ainm Crunn. Bhí Macha go haoibheann agus í breá óg ag an am. Mhothaigh Crunn go raibh an t-ádh dearg air óir thug sí aire mhaith dó féin is í breá tuillteanach gach saghas oibre a dhéanamh ar a shon. I ndiaidh tamaill, bhí sí ag iompar clainne ach b'fhearr le Macha go mbeadh caidreamh s'acusan rúnda go fóill.

Ansin, b'éigean do Chrunn freastal ar chruinniú d'uaisle Uladh agus d'iarr Macha air gan insint d'éinne go raibh sí sa teach aige. Bhí rásaí capaill ar siúl an lá ar fad ag na hUltaigh. Bhí dhá chapall rása ag Conchúr Mac Neasa, rí Uladh, agus d'éirigh leo gach uile rás a bhaint. Tugadh an oiread sin moltaí do chapall Mhic Neasa gur mhothaigh Crunn as áit agus éad bocht air. Faoi dheireadh, mhaígh Crunn go raibh bean chomh hiontach sin sa teach aige go mbeadh sí in ann capaill rása Mhic Neasa a bhuachaint.

Cuireadh Crunn i ngéibheann as Conchúr Mhic Neasa a mhaslú agus chuireadh saighdiúirí le Macha a fháil. Ordaíodh do Mhacha rásaíocht a dhéanamh i gcoinne capaill rása Mhic Neasa. Cé go ndúirt sí go raibh sí ag iompar clainne, dúradh léi go gcuirfear Crunn chun báis muna raibh sí sásta rith. Mhothaigh Macha nach raibh an dara rogha aici ach páirt a ghlacadh sa rás leis na capaill. D'éirigh léi sa rás ach thit sí i laige chomh luath agus a bhí sí críochnaithe. Rugadh cúpla dithe ar an phointe agus í beagnach marbh. Sula bhfuair sí bás, chuir sí mallacht ar na hUltaigh go mbeadh na pianta céanna orthu agus iad i gcruachás (tháinig an tuar faoin tairngreacht i dTáin Bó Chuailgne).

Mar sin, eamhain - seanghaeilge ar 'chúpla' - Eamhain Mhacha.



Seanfhocal na Seachtaine


'Ríogacht gan dua, ní dual go bhfaightear.'

Bhuel, is dócha gur chóir dúinn a admháil go bhfuil a trioblóidí féin ag gach duine, fiú ag na ríthe féin.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland