Top Issue 1-2024

15 August 2002 Edition

Resize: A A A Print

Déithe is Bandéithe

This week, AN DRAOI RUA discusses some of the legacy of the gods and goddesses in Ireland


Níl amhras ar bith ann ach go bhfuil traidisiúin láidir na ndéithe le sonrú go soiléir i litríocht na nGael. Cuimhnítear, áfach, go raibh na lámhscríbhinní seo breacaithe ag Críostaithe. Go fírinne, ní dhearna siad mórán iarrachta drochchlú a tharraingt ar na sean-nósanna agus san am céanna ní raibh dualgas ar bith ar na manaigh an cultúr págánta a chaomhnú in aon chor. Níorbh é gur chuireadh síos ar na déithe i suíomh osnádúrtha ach rinne na Críostaithe a ndícheall daoine daonna a dhéanamh astu agus iad a lonnadh i gcomhthéacs stairiúil. B'iontach na daoine iad agus maireann a gclú i mbéaloideas an phobail go fóill. Dá bhrí sin, caithfidh a admháil go bhfuil léargas measartha tugtha ar na déithe sa litríocht ársa a d'fhág na manaigh ina ndiaidh.

Ar ndóigh, tá trácht ar gach cineál dia agus is cosúil go raibh creideamh láidir ann in éirinn go raibh dia ann do gach cineál ainmhí, éan, iasc, planda, ceird agus eile. Tá a lán cosúlachtaí idir an seanchreideamh seo agus an méid naoimh atá mar patrúin ar gnéithe éagsúla san Eaglais Caitliceach an lae inniu.

Cé go raibh méid iontach déithe ann, tá sé soiléir go raibh creideamh láidir i ndia amháin uilechumhachtach i bhfad ó shin. Is dócha gurb é Lugh an dia is aitheanta mar príomhdhia óir tuigtear ón bhéaloideas go raibh aghaidh gach dia eile le feiceáil in aghaidh s'aigesean. Leoga, ba é Cúchulainn a mhac agus tá roinnt cosúlachtaí idir é féin agus Críost. I rith tréimhse eile, bhí Daghdha mar rí ar na Tuatha Dé Danann agus is cinnte go raibh ról-lárnach aige mar phatrún ar shaibhreas talmhaíochta. Ansin, tá tuairim ag scoláirí go raibh Fionn Mac Cumhaill mar dhia uilechumhachtach tráth agus rinneadh duine daonna dó. Níl dabht ar bith ann ach go maireann a gclú go tréan i mbéaloideas na tíre go fóill.

Bhí béim ar léith curtha i gcumhacht na mbandéithe riamh. B'fhéidir gur sin an fáth a bhfuil tionchar iontach ag an Mhaighdeán Mhuire in éirinn go fóill. Bhí formhór na mbandéithe bainte le talamh na tíre. [Tuigtear go mbeadh barr na sléibhte baineann fiú - Dá Chíoch Dhanann i gContae Ciarraí] Ní amháin go raibh an talamh faoi thionchar na mbandéithe ach tá ainm baininscneach ag aibhneacha na héireann ar fad. Bhí smacht ag na bandéithe ar chumhachtaí an nádúir agus bhí torthúlacht na tíre i gcónaí ag brath orthu chomh maith. Bhí ról cogaíochta ag an bhandhia fosta agus í mar phríomhchosantóir ar a ceantar féin.

ós rud é go raibh an oiread sin tábhacht ag baint leis an bhandhia, bhí dualgas ar gach taoiseach gabháil faoi gheasa bhandia na háite. Bhí cionníollacha éagsúla le comhlíonadh ag taoiseach áitiúil i bpósadh s'aigesean leis an bhandia áitiúil. Munar éirigh leis an taoiseach a chuid dualgasaí a chur i gcríoch, bhíodh droch-rath sa cheantar áirithe. Bhí dualgasaí breise ar Ard-rí na tíre agus é le bandia na héireann a phósadh. Cuirtear síos ar éire go minic mar mhaighdeán aoibheann galánta le linn tréimhsí maithe ach seanchailleach a bhí inti nuair nach raibh cúrsaí chomh maith sin.

Bhí bua na gceird ag na bandéithe riamh agus thar rud ar bith eile choinnigh siad teagmháil speisialta le filí na tíre nuair a d'éag smacht na ndraoithe. Is iomaí aisling a bhí cumtha ag filí meán-aoiseacha agus iad ag trácht ar mhothúcháin is ar staid na tíre i ndiaidh cumarsáid osnádúrtha a dhéanamh le bean síogach nó le bandia. - Níl a fhios agam ach b'fhéidir go ndéanfaidh éire, Banba agus Fódla teagmháil linn arís.


Seanfhocal na Seachtaine


'Chan ionann bodach is Dia.'

Ar an drochuair, mothaím nár ghlac éinne an t-am an seanfhocal thuasluaite a mhíniú do George W riamh


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland