Top Issue 1-2024

6 June 2002 Edition

Resize: A A A Print

Colmcille

This Sunday, 9 June, is Lá Fhéile Cholmcille, the Feastday of Saint Colmcille. This is the first of a two-part account by AN DRAOI RUA of his history and folklore.


Ní mór an t-ionadh é go mbíonn Colmcille i mbéal an phobail go minic óir ba naomh, file agus fear troda é. Cé nach bhfuair sé aitheantas oifigiúil riamh ón Róimh, tá meas as cuimse ag Éireannaigh, ag Albanaigh agus ag a lán eile air go dtí an lá inniu.

Rugadh é i nGartán i dTír Chonaill sa bhliain 521. Sular rugadh é, d'ordaigh aingeal ó Fhláitheas gur chóir leac áirithe, (a bhí ag snámh sa loch ag an am), a chur faoin mháthair sular shaolaíodh an leanbh. Creidtear go bhfuil tionchar na fola ón bhreith le feiceáil i gcré Ghartáin go fóill. Ar ndóigh, tá cumhacht ar leith ins sa chré agus ins sa leac go fóill. Tá cosaint ó thine agus ó luchóga mhóra i gcré Ghartáin agus ba cheart giota a choinneáil sa teach i gcónaí. Mar aon leis sin, ba ghnách le daoine a bhí le dul ar imirce oíche a chaitheamh ar leac Cholmcille sular imigh siad. Chreid siad go raibh ádh mór i gceist lena leithéid toisc gur thuig Colmcille a gcás.

'Criomhthann' a tugadh air mar pháiste ach tugadh Colmcille mar leasainm air toisc gur chaith sé an oiread sin ama ag guí sa chill. Ba de shliocht ríoga Uí Néill Colmcille. Bhí a uncail mar Ardrí na hÉireann nuair a rugadh é agus ina dhiaidh, bhí col ceathrar aige mar Ardrí. D'fhreastal sé ar na scoileanna is fearr in Éirinn agus nuair a rinneadh sagart dó, d'fhill sé ar a cheantar dúchais. Is ansin a thosaigh sé ag bunnadh mainistreacha agus creidtear gur bhunaigh sé breis agus trí chéad mhainistir i rith a shaoil. Tugadh faoi deara go raibh sé i gcónaí cúramach aire a thabhairt don timpeallacht i ngach áit. Bhris sé nósanna na hama ar thógáil na mainistreach i nDoire ar mhaithe leis an mhéad is mó de na crainn daracha a shábháilt - acht a tharraing meas agus urraim air sa cheantar agus tugtar 'Doire Cholm Cille' ar an bhaile go fóill.

Thaisteal Colmcille ar fud na tíre ach b'fhéidir go maireann a chlú is mó i dTír Chonaill. Chaith sé tamall ag argóint le beirt naomh eile ar 'Chnoc na Naoimh' taobh amuigh de Ghort a' Choirce. D'éirigh leis a bhata a chaitheamh thall go Toraigh nuair a dúirt: 'Le cuidiú Dé, rachaidh mo bhatasa go Toraigh.' Bhí níos mó cumhachta i bpaidir s'aigesean toisc go ndúirt sé 'Le cuidiú Dé' ag tús na habairte. Ar oileán Thoraigh, bhí sé i ngleic le cú nimhe an rí, bhunaigh sé mainistir agus turas naofa inar lonnaigh sé cloch beannaithe agus cloch mallaithe. Chuir sé ruaig ar na mílte diabhail i nGleann Cholmcille agus bhunaigh sé tearmann ann ar mhaithe leis na bocht agus gach duine eile i gcruachás. Tá turas naofa bunaithe sa cheantar sin fosta. Tá roinnt toibreacha naofa aige ar fud na tíre agus leigheasanna de gach saghas le fáil uathu. Deirtear go bhfuil leigheas don chroí le fáil ó thobar Cholmcille, Port Salainn, i dTír Chonaill. Níor chóir an t-uisce seo a bhruith choíche óir chomh luath agus a bhí seo déanta ag fear áitiúil, thit sé marbh le taom croí.

Bhí go maith is ní raibh go holc go dtí go raibh achrann aige le Naomh Finnian as Maigh Bhile, Co. an Dúin. Tharla go raibh leabhar naofa ar iasacht ag Colmcille ar feadh tréimhse. Rinne Colmcille cóip den leabhar. Nuair a fuair Finnian amach go raibh cóip déanta ag Colmcille, ní leor dó an leabhar amháin a bheith ar ais aige ach an cóip chomh maith. Dhiúltaigh Colmcille an cóip a thabhairt dó. Ní raibh na naoimh ábalta an cás a réiteach eadarthu agus chuaigh siad chuig an Ardrí, Diarmaid Mac Cearrbheoil le comhairle a fháil. B'eisean a leag amach na rialacha i dtaobh cheartchóipe don chéad uair lena bhreithiúnas: 'Le gach bó a bhóinín, le gach leabhar a chóip.' Ní raibh Colmcille ar dhóigh ar bith sásta leis an bhreithiúnas seo.

Bhí easaontas eile ag Colmcille leis an Ardrí Diarmaid nuair a tháinig Cúran, mac Rí Chonnachta chuige. Tharla go raibh Cúran i bpríosiún ag Diarmaid i dTeamhair na Ríthe. Lá amháin, bhí Cúran ag imirt iománaíochta agus mharaigh sé maor an Ardrí de thimpiste sa chluiche. Chuaigh Cúran go Colmcille le tearmann a fháil i gceann de na mainistreacha. Níor léirigh Diarmaid meas dá laghad ar thearmann na mainistreach agus d'ordaigh sé dá laochra greim a fháil ar Chúran agus é a mharú ar an toirt.

Bhí fearg an domhain ar Cholmcille agus chuir sé arm mór le chéile i gcuideachta mhuintir Uí Néill agus arm Rí Chonnachta. I ndeireadh an lae, bhí cath fíochmhar idir arm Cholmcille agus arm Dhiarmada i gCúl Dreimhne i Sligeach 561. Fágadh breis agus trí mhíle chorp ar an pháirc agus an bua ag arm Cholmcille.

Bhí an deis ag Colmcille a bheith mar Ardrí é féin anois ach mhothaigh sé brónach agus ciontach as an mhéad a maraíodh. Ba é an comhairle a thug Naomh Molaise, as Damh Inis i gCo. Fhear Manach, dó ná gur chóir dó aithrí a dhéanamh as a chuid pheacaí agus Éire a fhágáil go deo. Dúradh leis nach mbeadh cead aige, Éire a fheiceáil, cos a chur ar thalamh na tíre ná bia na hÉireann a bhlaiseadh arís go deo.


Seanfhocal na Seachtaine


'Labhrann duine, insíonn Dia.'

Tá a bhrí féin ag gach duine ar an seanfhocal seo, ach is dócha gur chreid ár muintir gur tháinig gach uile scéal ó Dhia.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland