Top Issue 1-2024

23 May 2002 Edition

Resize: A A A Print

Caimiléireacht nuachtán

Scéala an Lae
Máirt 1 Bealtaine go dtí Sathairn 1 Meitheamh
Theatre Space, The Mint,
Plás Anraí, Baile Átha Cliath
Áirintí 01 8729977
Léirithe ag Aisling Ghéar
Scríofa ag Eoghan Ó Néill

In aineoinn an tuirse a bhí orm, bhain mé ana-sult as an drama úr seo ó pheann Eoghan Ó Néill. Bhí sé bríomharach, spéisiúl agus glic, leis an casadh ag an deireadh mar bhíonn ag thriller maith.

Ceithre caraictéir atá i gceist, eagarthóir an nuachtán Scéala an Lae, Padaí; iar-iriseoir asgus iarrathóir don Ard-Mhéara Bhéal Feirtse, Conor Ó Raghallaigh; Brónach agus Séamas iriseoirí san nuachtán. Tá scéal an chaimiléireacht fite fuaite mór thimpeall ar toghchán an Ard-Mhéara agus an na uaireanta cloig roimh sprioc chló an nuachtán. Tá an-seans ag an páirtí poblachtánach an slabhra a fháil, ach cad atá i bhfolach, cé atá i bpóca an comhlacht drámhialla, cé aige nó aici a bhfuil le stair dorcha le ceilt, cad a bhéas mar ceann teideal ar Scéala an Lae ar lá na vótála agus cén tionchar a bhéas ag sin ar thoradh an toghchán.

Dhéan Bríd Ó Gallchóir an stiúrthóir, ana-jab leis an scéal casta a bhronn Ó Néill uirthi agus b'fhiú dul chun an drama seo a fheiscint, ní amháin toisc gur drama Gaeilge é ach toisc gur drama maith é in aon teanga. Anois agus arís bhí sé deacar orm Pól Mac Peanróís a thuiscint agus agus bhfiú iarracht a línte bheith ráíte beagáinín níos soiléire, ach go háirithe do lucht féachana atá ar bheagán Gaeilge, nó atá díeach tar éis í a fhoghlaim.

In aineoinn, drama maith a bhí ann agus tá mé a dúil leis an chéad ceann eile ó Eoghan Ó Néill, nó an compántas amharclainne, Aisling Ghéar.

LE AENGUS Ó SNODAIGH

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland