Top Issue 1-2024

23 May 2002 Edition

Resize: A A A Print

Cromail sa Bhéaloideas

Following on from last week's article about Oliver Cromwell, AN DRAOI RUA takes a look at the folklore that concerns Cromwell, his connections to the devil and how one Irish chieftain had the gift of foresight and knew of his coming



Tá scéal ann i dtaobh Cromail ag teacht go hÉireann le staidéar a dhéanamh ar mhuintir na tíre sula ndéanfadh sé iarracht iad a chur faoi smacht. Le linn dó a bheith anseo, chuaigh sé ar cuairt go teach faire, áit a raibh fear ina luí ar leac lom. Thairg sé airgead dona bhean dá mbeadh sí sásta giota a ghearradh dá chorp. Dhiúltaigh sí arís is arís eile, ach sa deireadh ghéill sí dó agus ghlac sí leis an tairiscint ba mhó uaidh. Sa teach céanna, d'éirigh leis fear eile a bhreabadh cara dá chuid a bhí ar meisce a leagadh go dtitfeadh sé isteach sa tine. Bhí Cromail iontach sásta leis féin nuair a d'fhill sé ar Shasana. Dúirt sé go mbeadh Éire faoina smacht go luath toisc go raibh na hÉireannaigh sásta iad féin a dhíol is a dhó ar mhaithe l'airgead.

Tá trácht ar leith ar Mhaoilsheachlainn Mac Amhlaidh as Corcaigh agus Cromail i gCúige Mumhain. Tuigtear gur thit máthair Mhaoilseachlainn i ngrá le spiorad osnádúrtha agus í ina gcodladh ag lios síogach. Bhí bua na tairngreachta ag Maoilseachlainn dá bharr agus nuair a d'fhás aníos roghnaíodh é mar cheannaire ar an teaghlach. Oíche amháin, bhí brionglóid aige go mbeadh gréasaí bróig i gceannas ar Éire lá éigin. Chuir an bhrionglóid isteach go mór air agus réitigh sé turas fadálach a dhéanamh leis an ghréasaí bróig a fháil. Fá dheireadh, d'aimsigh sé é, Cromail óg. Níor thuig Cromail an scéal a bhí le cloisteáil aige ó Mhaoilseachlainn agus bhí sé sásta cúnant a shíniú lena fhuil ag rá nach mbeadh sé ag iarraidh Maoilseachlainn a dhíbirt óna cheantar dúchais choíche. Bhí Cromail i mbun creiche blianta ina dhiaidh sin in Éirinn. Nuair a bhain sé ceantar Mhaoilseachlainn amach i gCorcaigh, chloígh sé lena fhocal agus a shíniú feicthe aige ar an chúnant.

Is dócha nach gcuirfeadh sé iontas ar dhuine ar bith le cloisteáil go raibh an diabhal féin i gcuideachta Chromail go minic. Bhuel, sin de réir na tuairiscí béaloideasa cibé.

Bhíodh an dara fhear(an diabhal) le feiceáil ar chapall taobh leis go minic agus é ag marcaíocht leis féin. De réir scéalta eile, bhíodh an diabhal ina shuí ag an gheata le linn do na saighdiúirí a bheith ag cleachtadh troda agus bheannaigh sé Cromail is na saighdiúirí leis.

Fuair Cromail bás 3 Meán Fómhair 1658, seacht mbliain go díreach i ndiaidh cath Worcester 1651, an bua is mó a bhí aige ina shaol. Creidtear mar sin, gur dhíol Cromail a anam don diabhal an mhaidin roimh chath Worcester agus gur ón dhiabhal féin a bhfuair sé bua na cogaíochta ar feadh seacht mbliain.

Agus Cromail ina luí ar leaba a bháis, bhí stoirm uafásach ar fud na hÉireann agus i Sasana leis. De réir scéil a thágann anuas chugainn ónár sinsear, bhí bád ón Ifreann le feiceáil go soiléir ar an fharraige idir Éire agus Sasana. Bhí madaidh dubha le feiceáil ar an long agus an captaen le cloisteáil ag glaoch ar anam Chromail.

Le linn do Chromail a bheith beo, chuala sé fán tairngreacht a dúirt go mairfeadh a chumhacht in Éirinn a fhad agus a bhí sé féin sa tír. Dá bhrí sin, d'fhógair sé ina thiomna gur chóir a chorp a chur in Éirinn. Oíche i ndiaidh dó a bheith curtha, áfach, chaith talamh na hÉireann corp Chromail as an uaigh isteach san fharraige. Tá an fharraige idir Éire agus Sasana garbh ó shin.



Seanfhocal na Seachtaine


'Is crua an cath ó nach dtig fear inse an scéil.'

Is iomaí cath crua a bhí ag Cromail in Éirinn agus ní minic a d'fhág sé fear fianaise ina dhiaidh ach maireann béaloideas ina thaobh go fóill.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland