Top Issue 1-2024

28 March 2002 Edition

Resize: A A A Print

Cúlra Creidimh

Bhuel, tá an Cásc anuas orainn arís. Dá bhrí sin, shíl mé go mbeadh sé de leithscéal agam tagairt a dhéanamh do roinnt scéalta béaloideasa ina bhfuil téamaí creidimh. Caithfidh a rá áfach, nár thug eaglas ar bith údarás dá laghad don bhéaloideas riamh. Ar ndóigh, tá cuid de na scéalta seo le fáil ar fud na hEorpa:


.... Lá de na laethanta, tháinig stráinséar ar cuairt chuig gabhann áirithe agus é ag rá go raibh bróga úra de dhíth ag a chapall. Dúirt an stráinséar gurbh fhearr leis féin an obair a dhéanamh agus ligeadh dó. Níor chreid an gabhann an méid a bhí le feiceáil aige. Bhain an strainséar na ceithre chosa den chapall, chuir sé na bróga ar na cosa agus ansin, chuir sé na cosa ar ais ar an chapall. Ina dhiaidh sin, tháinig seanbhean ar cuairt agus dúirt an stráinséar léi go dtiocfadh leis cuma níba óige a chur uirthi, rud a rinne sé agus í caite sa tine bhruite ar feadh tamaillín.

Rinne an gabhann iarracht an méid a chonaic sé a chur i gcrích é féin. Bhain sé na ceithre cosa de chapall ach fuair an t-ainmhí bocht bás. Ansin, chaith sé a bhean chéile isteach sa tine bhruite ach maraíodh í. Tháinig an strainséar ar ais agus d'éirigh leis an bhean chéile agus an capall a thabhairt ar ais ó na marbh arís. I ndiaidh rabhadh a thabhairt don ghabhann gan a bheith chomh bródúil sin is gan freagracht, léiríodh don ghabhann gurb é féin Críost....Nach áit an boc Críost!


.... Bhí fear cráifeach ann fadó. Bhí an fear seo chomh cráifeach sin agus chomh gnóthach sin ag dul do phaidreacha gur chuir Dia béiltí ar phlátaí chuige ó Neamh. Bhuel, chreid Dia nár chóir don fhear chráifeach am a chur amú ag ullmhú bia dó féin.

Bhí go maith is ní raibh go holc go dtí go ndearna an fear cráifeach gearán le Dia fán drochaimsear a bhí ann le tamall. Ní raibh Dia sásta go raibh an fear cráifeach ag gearán faoi agus níor bhac sé lena thuilleadh bia a chur chuige. Chuir sé aingeal ó Neamh chuige le teachtaireacht dó ag inse go mbeadh air aithrí a dhéanamh agus seasamh san abhann go dtí go bhfásfadh bláthanna ar a bhata.

I ndiaidh tréimhse fhada a chaitheamh san abhann, tháinig gadaí ar an bhealach agus é fiosrach cad chuige a raibh mo dhuine san abhann. Nuair a chuala an gadaí scéal an fhir chráifigh, léim sé isteach san abhann láithreach óir bhí na mílte peacaí déanta aige i rith a shaoil agus mhothaigh sé go raibh sé thar am dó aithrí a dhéanamh ar a son. Cuireadh iontas ar an fhear chráifeach, áfach, nuair a thosaigh bláthanna ag fás ar bhata an ghadaí. Léirigh an gadaí do Dhia go raibh fíor-bhrón air as ucht a chuid peacaí, rud nár léirigh an fear cráifeach.


.... Bhí fear ann fadó a chónaigh thuas sna sléibhte leis féin. Ní raibh teagmháil ar bith aige leis an chine daonna ach bhí sé sona sásta leis féin. Lá amháin, chuaigh sagart ag spáisteoireacht sna sléibhte agus bhuail sé leis an fhear. Mhol an sagart dó gur chóir dó dul ar aifreann gach Domhnach agus aithne níos fearr a chur ar Dhia. Chuaigh an fear ar aifreann an Domhnach ina dhiaidh ach nuair a bhain sé a chóta dó, chroch sé é ar gha ghriansholais. Ní amháin sin, ach tharla an rud céanna ar an dara Domhnach. Ar an triú Domhnach, thit a chóta ar an urlár nuair a rinne sé iarracht é a chrochadh ar gha ghriansholais.

Phléigh an sagart na heachtraí seo leis an fhear sléibhe agus i ndiaidh tamaill dúirt sé leis an sagart gur mhothaigh sé nach ndearna sé rud ar bith as an ghnáth. Ansin, chuimhnigh sé gur thosaigh sé ag tabhairt cluas l'éisteacht don mhéid a bhí le rá ag cuid de na daoine a bhí ag freastal ar an aifreann.

Ag an phointe seo, thuig an sagart go mbeadh an fear sléibhe i bhfad níos fearr as gan freastal ar aifreann ar chor ar bith agus b'é an chomhairle a thug sé ná filleadh ar na sléibhte agus a shaol a chaitheamh mar ba mhian leis ansin.

AN DRAOI RUA


Seanfhocal na Seachtaine



'Níor ordaigh Dia béal gan bia.'


Ní dóigh liom gur chóir don chine daonna a bheith chomh cráifeach sin choíche go ndéantar dearmad cad é atá ag tarlú sa domhan seo.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland