Top Issue 1-2024

7 March 2002 Edition

Resize: A A A Print

Buile Shuibhne

Caithfidh mé a rá go bhfuil suim ar leith agam sa scéal seo i dtaobh Suibhne atá lonnaithe sa seachtú haois. Níl bunús stairiúil ag baint leis an charachtar ach níor tugadh cead don fhírinne cur isteach ar scéal maith riamh.

Bhí Suibhne mar rí agus é i gceannas i ndeisceart Chontae Aontoma agus tuaisceart Chontae an Dúin. Tharla go raibh Naomh Rónán sa cheantar agus é i mbun oibre teach pobail a thógáil i ríocht Shuibhne. Bhí Suibhne ar buile nuair a chuala sé cad é a bhí ar siúl ag Rónán. Rith Suibhne feargach faoi dheifir le ruaig a chur ar an naomh. Rinne a bhean chéile iarracht cosc a chur ar Shuibhne agus chaill sé a chlóca dá bharr. Lean Suibhne ar aghaidh lomnocht l'ionsaí a dhéanamh ar Rónán. Ós rud é go raibh a leithéid d'ionsaí déanta, chuir Rónán mallacht ar Shuibhne go mbeadh air taisteal sa domhan lomnocht.

Ina dhiaidh sin, bhí Suibhne lán-páirteach i gcath agus rinne Rónán a dhícheall síocháin a dhéanamh idir an dhá dhream. Bheannaigh Rónán na saighdiúirí ar an dhá thaobh ach bhí Suibhne ar buile arís nuair a thit braon d'uisce coisricthe air. D'ionsaigh sé Rónán arís agus mharaigh sé cléireach dá chuid le sleá. D'ionsaigh sé an naomh féin ach briseadh an sleá nuair a bhuail sé clog an naoimh agus d'eitil sé san aer. Chuir Rónán an dara mhallacht ar Shuibhne; go mbeadh sé féin ag eiteal go minic agus go bhfaigheadh sé bás le sleá. Is ag an phointe seo a d'imigh Suibhne ar strae ar fad, rith sé ó pháirc an chatha agus rinne sé cónaí i gcrann iúir.

Chuaigh muintir Shuibhne chuige sa chrann iúir agus iad ag iarraidh é a mhealladh ar ais chucu. D'éalaigh Suibhne uathu go Tír Chonaill, áit ar fhan sé i gcrann eile ar feadh i bhfad.

I ndiaidh tamaill chuaigh Ardrí na hÉireann, Domhnall Mac Aodha, ar cuairt chuig Suibhne. Rinne sé iarracht Suibhne a chur ar bhóthar a leasa ach d'éalaigh sé arís agus thosaigh sé ag taisteal ar fud na hÉireann. Níor réitigh sé in áit ar bith go fíreannach.

Faoi dheireadh, tháinig a chara Loingseachán ar Shuibhne agus thug sé comhairle dó teacht ar ais agus labhairt lena mhuintir. Bhí cumha ar Shuibhne agus mhothaigh sé gur bhreá leis bualadh lena bhean chéile arís. Chasadh a bhean chéile air, maith go leor, ach tugadh le fios dó go raibh sí le fear eile anois agus mhol sé dithe go mbeadh sí níos fearr as i gcuideachta an fhir eile. Nuair a chonaic Suibhne go raibh scaifte daoine ag bailiú ina thimpeall, d'imigh sé ar mire le cónaí a dhéanamh ar chraobhacha crainn arís.

D'aimsigh Loingseachán Suibhne don dara uair i gcoill. Dhiúltaigh Suibhne teacht anuas óna chrann chuige. D'inis Loingseachán dó go raibh a athair, a mháthair, a dheartháir, a mhac is a iníon marbh anois. Bhí an oiread sin geit bainte as Suibhne leis an bhrón a bhí air gur thit sé i laige go talamh. Chuireadh ceangal na gcúig caol ar Shuibhne agus tugadh é ar ais chuig a ríocht féin, áit a chonaic sé a mhuintir ar fad beo sláintiúil.

Tháinig ciall ar ais chuig Suibhne agus ghlac sé ceannaireacht ar a ríocht arís. Lá amháin, agus é ina aonar sa chaisleán, tháinig sean-cailleach ar cuairt chuige agus ag iarraidh é a mhealladh dul i gcomórtas léi agus a bheith ag bocléimniú ar fud na háite. Níorbh fhada go raibh Suibhne ar a shean-léim arís ag taisteal na tíre i gcuideachta an cailligh. Chaith siad an t-am i síor-chomórtas lena chéile go dtí gur thit an cailleach thar an aill agus isteach san fharraige ag Dún Sobhairce i gContae Aontroma.

I ndiaidh na heachtraí seo, réitigh Suibhne dul ar strae ar fad i Sasana. Chaith sé roinnt blianta i gcuideachta duine eile a bhí ar strae leis. Chuir a chara lámh lena bhás féin agus shocraigh Suibhne go bpillfeadh sé arís ar Éirinn.

Mhothaigh sé mí-chompordach i ndiaidh labhairt lena bhean chéile agus d'imigh sé ag taisteal sna coillte arís mar ba ghnách. Oíche de na hoícheanta, chuaigh an fhuacht i bhfeidhm chomh mór sin air gur tháinig ciall ar ais chuige. Réitigh sé pilleadh ar a cheantar dúchais arís.

Chuala Rónán go raibh Suibhne ar a bhealach abhaile agus ghuígh sé nach mbeadh sé in ann pilleadh ar eagla go ndéanfadh sé damáiste don Eaglais arís. Bhí Suibhne ar a bhealach trí Chontae Ard Mhacha nuair a d'ionsaigh scaifte de thaibhsí é. Ar ndóigh, cuireadh Suibhne ar strae arís.

I ndiaidh tamaill eile ag stopadh sna crainn agus taisteal tríd na coillte, chuir an manach, Moling aithne ar Shuibhne. Bhí trua ag Moling dó agus thug sé cuireadh dó stopadh sa mhainistir i gCeatharlach san oíche. Chaith Suibhne na laethanta ag léim agus ag rith ar mire trí na coillte agus d'fhan sé sa mhainistir gach oíche.

Bhí cócaire sa mhainistir agus trua aici do Shuibhne chomh maith. Ba ghnách léi poll a dhéanamh i gcac bhó agus an poll a líonadh le báinne dó. Bhí éad ar fear chéile an chócaire agus lá amháin, mharaigh sé Suibhne le sleá le linn dó a bheith ag ól a chuid báinne. Cinnte, bhí an t-am ag Suibhne faoistín a dhéanamh agus dul faoi bhaisteadh an mhanaigh, sula bhfuair sé bás.

AN DRAOI RUA


Seanfhocal na Seachtaine



'Is fusa titim ná éirigh.'

Is dócha go raibh an méid seo ráite ag Suibhne bocht go minic.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland