Top Issue 1-2024

21 February 2002 Edition

Resize: A A A Print

Éilimh phobal na Gaeilge

Tháining pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le chéile i nGaillimh ar an deireadh seachtaine seo chaite ag Tóstal na Gaeilge 2002. D'eagraigh Comhdáil Náisiúnta na Gaeilge an Tóstal chun áit na Gaeilge a chinntiú i gclár an chéad Rialtas eile agus an olltoghchán amach romhainn.

Dírigh clár oibre Thóstal na Gaeilge ar na hábhair is mó atá aitheanta ag pobail na Gaeilge agus na Gaeltachta le cúpla bliain anuas mar na príomhréimsí ó thaobh na Gaeilge de.

Bhí an Óstán Radisson plódaithe ar an Aoine nuair a phlé an tAire Stáit, Éamon Ó Cuív, TD, ceannaire na Ghlasaigh, Trevor Sargent, TD, Mícheál D Ó hUiginn, TD, agus an tionadaí Shinn Féin, Gearóid Ó hEára, agus polaiteoirí eile nach iad polasaithe a bpáirtithe maidir leis an teanga. Ar an Sathairn bhí diaspóireacht agus caibidil faoi áit na Gaeilge sa chóras oideachas, an oideachas triú leibhéal ach go háirithe.

Bhí An tOllamh Joseph-G Turi, Stiuthóir an Acadamh Idirnáisiúnta um Dlí Teangeolaíoch, Ceanada, John Walter Jones, An príomhfheidhmeannach, Bord na Breatnaise sa Bhreatain Bheag agus Janet Muller ó Phobal i measc na cainteoirí a labhair faoin gceangal idir cearta daona agus cearta teanga.

Rinne Janet Muller cur síos ar an idirdhealú a bhí á dhéanamh ag Rialtas na Breataine

idir stádas an Ghaeilge sna Sé Chontae agus stádas Gaidhlig na hAlban ó thaobh cur i bhfeidhm an Chairt Eorpach do Mhionteangacha agus Teangacha Reigiúnacha de. Tá 36 forálacha na Cairte dearbhaithe ag rialtas na Breataine don Ghaeilge, ach tá 39 forálacha dearbhaithe maidir le Gaidhlig na hAlban.

Chuir Muireann Ní Mhóráin ó Chomhluadar tábhtacht na naíscoileanna agus na naíonlainne don Ghaeilge in iúil don Thóstal. Labhair Séamus Mac Seáin ó Phobal Bhéal Feirste faoi "fealsúnancht an 'reservation'", an dearcadh a deireann gur féidir an teanga a choinneáilt beo sa Ghaeltacht, beag beann, ar an chuid eile den tír. "Nach réidh leis an bhunaíocht ceist na Gaeilge a fhágáil ar imeallbhórd iarthar na tíre seo i 'reservations' agus peanuts a chaitheamh leo ag dúil ar dhóigh mhíorúilteach éigin go mairfidh sí beo nó má fhaigheann sí bás féin, amhail an tsean uncail nach bhfaca siad le blianta, gur fearr gur i dteach banaltrais a gheobhfadh sí bás seachas ar á dtairseach féin i gKilliney nó Foxrock."

B'é príomhaidhm na Tóstála Dréacht Éilimh Phobal na Gaeilge ar an gcéad rialtas eile a phlé agus a aontú.

I measc príomh éilimh Phobal na Gaeilge tá:


Acht Comhionnais Teanga don Ghaeilge;
Promhadh Gaeilge & Gaeltachta a bheith déanta ar gach píosa reachtaíochta sula bhfoilsítear í;
Go mbunófaí Údarás Phleanáil Teanga don Ghaeltacht;
Polasaí gníomhach cuimsitheach a ligfidh do phobal na Gaeilge a gcearta teanga a chleactadh gan bac i ngach réimse den saol;
Seirbhís éifeachtach chomhuaineach trí Ghaeilge ón Státchóras ar aon dul leis an tseirbhis trí Bhéarla;
Go mbeidh gach foirm / cáipéis dhátheangach ón tús;
Dearbhú roimh ré ó na páirtithe polaitiúla go mbeidh Gaeilge ag na daoine a ainmneofaí le bheith mar Aire Sinsearach Oideachas agus an Aire Sinsearach ar Roinn na Gaeltachta agu go mbeidh cúraimí Gaeilge agus Gaeltachta ag an Aire Sinsearach;
Go mbeidh suímh idirlín ag na Ranna Rialtais ar fáil trí mhéan na Gaeilge;
Go mbainfeadh Teachtaí Dála leas as an tseirbhís aistriúcháin chomhuaineach i dTeach Laighean;
Maidir leis an Aontas Eorpach eilíotar stádas iomlán oifigiúil oibre don Ghaeilge.

Tugann na héilimh aird ar leith do chúrsaí craolacháin, fiontar agus fostaíocht, oideachas agus rialtas áitiúil. Eílítear ach go háirithe go n-aithneofar an Ghaeltacht mar réigiún agus mar aonad riaracháin ar leith ó thaobh oideachais, tithíochta, infrastructúir, sláinte agus na cúirteanna de.

Is céim suntasach é, Éilimh Phobal na Gaeilge a aontú ag Thóstal na Gaeilge. Deir Caitríona Ní Cheallaigh Uachtarán Chomhdáil Náisiúnta na Gaeilge, "Is gá anois na príomhréimsí ó thaobh na Gaeilge de agus na héilimh atá bunaithe orthu a bheith san áireamh i gclár an Rialtais."


Pleanáil l'aghaidh Scrios




Tuigimid uilig cad chuige a bhfuil goradh domhanda ag tarlú. Tá gásanna truaillithe ag dul isteach san atmaisféar go laethúil ar léibhéal ró-ard ar fad. Dá bharr an truailliú, tá teocht na cruinne ardaithe, tá sioc ag leá sa leathsféar thuaidh agus tá léibhéal na farraige ardaithe idir cheathar agus deich n-órlach thar céad bliain cheana féin. Ní amháin go bhfuil teocht na cruinne ag ardú ach tá tubáistí aimsire millteanacha ag tarlú níos minice. Is léir fosta go bhfuil na hathraithe seo ag dul i bhfeidhm ar gach uile gné den slabhra bia.

Níor chuir an ráiteas anuraidh ó George W. Bush i dtaobh Chonradh Kyoto 1997 iontas ar bith orainn. Anois, ar Lá Fhéile Vailintín i mbliana, d'eisigh sé a phlean féin faoin timpeallacht.

Molann an Teach Bán do chomhlachtaí tionsclaíochta gearradh siar ar an mhéid gáis sceithithe más mian leo. De réir an bolscaireacht is déanaí uathu, beidh na comhlachtaí meallta níos mó aire a thabhairt don scrios leanúnach toisc go mbeidh siad ábalta airgead a shaothrú i gcáin. Tuigtear go leanfar leis an mhéadú gáis sceithithe agus iad den tuairim nach mbeidh sé chomh mór sin.

Mar aon leis sin, dúirt George W. go mbeidh sé ag spreagadh feirmeoirí a thuilleadh crainn a chur. Lena chois sin, chuir sé in iúl go ndéanfaidh sé iarracht poncánaigh a threorú le painéil gréine agus gluaisteáin a bhaineann leas éifeachtach as ola a cheannach.

I gceann deich mbliana, i 2012, deir sé go mbeidh rialtas Mheirícea in ann athbhreithniú agus smaointe eile a cheapadh más gá. Is baolach, áfach, go scriosfar neart taobh istigh den deich mbliain céanna.

Cé go nglacann le comhlachtaí Mheirícea leis an phlean atá leagtha amach i Washington, tuigimid gur cur i gcéill uafásach atá ann agus George W. ag iarraidh dallamullóg a chur ar mhuintir na cruinne arís. Fiú agus a phlean curtha i gcrích, beidh méadú do 29% de ghásanna truaillithe sceithithe ag na Stáit Aontaithe faoin bhliain 2012.

Níl aon amhras go bhfuil cúrsaí go holc ar feadh i bhfad. I 1985, dúirt saineolaithe go raibh an poll sa chiseal ósóin chomh mór leis na Stáit Aontaithe féin. Ansin, le linn do Chonradh Kyoto á bplé i 1997, dúirt saineolaithe go raibh an oiread sin scrios déanta cheana féin go raibh idir 60-80% gearradh siar ar ghásanna truaillithe de dhíth le maitheas ar bith a dhéanamh. Socraíodh 160 tíortha i Kyoto faoi dheireadh go mbeadh sé de chuspóir acu 5% de ghearradh siar a dhéanamh.

Fiú ag an léibhéal seo de 5%, tháinig méadú in ionad laghdú in úsáid na gásanna truaillithe. In Éirinn, bhí cead againn 15% níos mó gásanna truaillithe a úsáid as siocair gur tír beag atá ionainn ach chuaigh muid thar an teorainn sin chomh maith.

I ndáiríre, ní raibh i gConradh Kyoto ach iarracht lag dul i dtreo an scrios ar fad a leigheas.

Tá an Teach Bán den bharúil nach féidir leo gearradh siar ar bith a dhéanamh ar ghásanna truaillithe as siocair go mbeidh tionchar ollmhór ar eacnamaíocht na tíre. Le fírinne, tá an rialtas céanna ag brath chomh mór sin ar thacaíocht na comhlachtaí ola, gluaisteáin agus núicleacha, nár mhaith leo cur isteach ná amach orthu. A mhalairt, ba mhaith leo gach cuidiú a thabhairt dóibh a thuilleadh brabúis a dhéanamh. A fhad is atá airgead le déanamh acu, leanfar ar aghaidh leis an domhan a scrios.

Nuair a deir George Bush go bhfuil eacnamaíocht na Stáit Aontaithe níos tábhachtaí dó ná timpeallacht na cruinne, caithfidh a thuiscint go bhfuil sé ag tagairt d'eacnamaíocht a chairde atá i mbun na gcomhlachtaí móra ola. Níl ciall ar bith l'argóint George W. Bush nuair a smaoinítear fán chostas ar dhúlra an domhain agus fán chostas a bheas ar an damáiste le tubaistí aimsire. Ar ndóigh, is cuma le Bush fá thubaistí uafásacha nuair a tharlaíonn siad in áiteanna eile taobh amuigh de na Stáit Aontaithe.

Creidim gur chóir fuinnimh úra a fhorbairt agus fostaíocht iomlán nua a chruthú. Cinnte, tá gach seans ann go bhfuil an t-eolas ar fad ann cheana féin ach go bhfuil curtha faoi chois ag na gcomhlachtaí ola. Ba cheart leanstan le boycott a dhéanamh ar na comhlachtaí ola ó Mheiríceá. Cuimhnítear fosta go bhfuil 159 tír a glacann le Conradh Kyoto go fóill agus gur cheart dóibh uilig brú ollmhór idirnáisiúnta a chur ar na Stáit Aontaithe go dtí go n-athraíonn siad a polasaithe timpeallachta.

AN DRAOI RUA


Seanfhocal na Seachtaine



'Maireann an chraobh ar a fál, ach ní mhaireann an lámh a chur í.'

Ba cheart dúinn ar fad a bheith ag smaointiú fá na glúnta atá le teacht inár ndiaidh.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland