Top Issue 1-2024

14 February 2002 Edition

Resize: A A A Print

Stair na hÉireann sna scoileanna

Ag deireadh na seachtaine, bhí comhrá suimiúil agam le cara de mo chuid atá ag múineadh staire i meánscoil. Bhí caighdeán na dtéacsleabhair á phlé agus caithfidh a rá nach raibh ceachtar againn iomlán sásta fán mhéid atá curtha ar fáil.

Cuimhnítear go raibh sé mar phríomhchuspóir ag an Phiarsach a chuid daltaí a chur ar a gcumas eolas a chuartú, ceisteanna a chur, a smaointí is a samhlaíocht féin a fhorbairt taobh istigh den chóras oideachais. Is cosúil go bhfuil an Teastas Sóisearach breá sásta an t-eolas a chur ar fáil agus fanacht ar athrá ó na mic léinn sna scrúdaithe.

I ndiaidh a bheith ag breathnú ar cuid de na leabhair staire, níl amhras ar bith orm ach go bhfuil teipthe ag an chóras oideachais daoine óga a chothú le tuairimí criticiúil agus samhlaíocht cruthaíochta a fhorbairt. Cuirtear síos go lom ar bhunfhíricí agus ní dhéantar argóint ná plé ar taobhanna éagsúla d'eachtraí staire a léiriú. Ní thugtar mórán réamheolais ná cúlra ar thréimhse ach tugtar cur síos simplí díreach ar an am. Le fírinne, cuirtear dearcadh chomh simplí sin os comhair na ndaltaí sna leabhair staire seo nach gcothaítear iad le 'cad chuige?' a rá in am ar bith.

Ní chreidim gur gá do leabharthaí staire a bheith chomh simplí sin go ndéantar neamhaird ar scileanna fiosraithe na bpáiste scoile. Ós rud é go bhfuil cur síos lom tugtha sna leabhair seo, is léir go dtacaíonn siad le barúlacha an stadas quo. Ba cheart go mbeadh sé mar phríomhaidhm i gcónaí na daltaí a spreagadh le léargas níos iomláine a fháil ar thréimhse.

Mothaím nach dtugtar mórán ama sna leabhair staire cúrsaí eacnamaíochta agus sóisialta a léiriú i gcomhthéacs na heachtraí a thiteann amach. Mar aon leis sin, is cosúil go bhfuil claonadh iontu an choimhlint idir aicmí a sheachaint. Is beag tuiscint a léiritear dúinn i dtaobh dearcaidh éagsúla ó thaobh chúrsaí tíreolaíochta mar atá idir mhuintir na mbailte móra agus daoine amuigh faoin tuath.

B'fhéidir gur chóir dom cuid na pointí thuasluaite a léiriú agus roinnt samplaí a thabhairt. Níl aon amhras ach go gcuirtear gluaiseacht na bpoblachtánaithe go fíor-simplí os ár gcomhair. Cuirtear na fíricí is bunúsaí os comhair na léitheoirí go gcothaítear cúngaigeantacht i measc daltaí scoile. De réir na leabharthaí staire seo, bhí na hÉireannaigh Aontaithe, na Fíníní agus Poblachtánaithe 1916 uilig ag iarraidh scaradh a dhéanamh le rialtas Shasana. Ach, níl trácht ar na cúiseanna. Ní thugtar cur síos ar leatrom an chórais ghallda a choinnigh na Gaeil faoi dhiansmacht ar feadh na cianta. Lena leithéid a léamh, shílfeá gur bhuail an smaoineamh na réabhlóidí de réir a chéile agus iad den bharúil gur deas an rud é rialtas gan Sasanaigh a bheith in Éirinn agus gur sin an méid.

Ní théitear ró-dhomhain isteach i dtréimhse Dhónall Uí Chonaill ach oiread ná ina ghluaiseacht nach raibh ach cuspóirí mheán-aicme amháin aige. Ní luaitear go raibh sé i gconne na Gaeilge agus é ag moladh d'Éireannaigh a linne gurbh fhearr dóibh Béarla a fhoghlaim ar mhaithe l'airgead a dhéanamh i gcúrsaí gnó.

Creidim gurb é an slat tomhais is simplí maidir le cothromacht leabhar staire a mheas ná an léargas a bhíonn le fáil ar an Ghorta Mhór. Le fírinne, cuirtear an locht ar an phráta bhocht go fóill. Leoga, tá sé intuigthe go raibh neart bia sa tír ar fad ach go raibh brú eacnamaíochta millteanach ann ó na tiarnaí talúin agus ó rialtas Shasana.

'God sent the potato blight, the English sent the famine.' Seán Mistéil

Ar ndóigh, nuair a thagann sé chuig an phointe a bhfuil na sé chontae le plé, cuirtear síos ar an scéal mar míthuiscint éigin idir Chaitlicigh agus Protastúnaigh. Faraor, is beag iarracht atá déanta iniúchadh níos iomláine a thabhairt ná sin.

Níl thuasluaite ach cuid de na deacrachtaí a fheicimse i dtaobh na téacsleabhair staire atá in úsáid i scoileanna ar fud na tíre. Leis an chúlra seo tugtha do dhaltaí scoile, ní mór an t-ionadh go bhfágann an chuid is mó acu aineolach ar cúrsaí staire ina dtír féin.

Tuigim, áfach, gur féidir le múinteoir éifeachtach úsáid foirfe a bhaint astu agus ábhair díospóireachta, tionscadail ná taighde a bhunadh ar na bunsmaointe atá nochtaithe sna leabhair céanna. Ar an drochuair, tá claonadh ag a lán múinteoirí na téacsleabhair a leanstan focal ar fhocal agus ansin bogadh ar aghaidh chuig an chéad chaibidil eile.

AN DRAOI RUA


Seanfhocal na Seachtaine



'Ní heolach go léitear stair'


Is cinnte go mbeidh i bhfad níos mó ná na téacsleabhair staire de dhíth ag duine le bheith eolach ar chúrsaí.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland