Top Issue 1-2024

13 December 2001 Edition

Resize: A A A Print

Gaeilge ag PSNI?

Tharla go raibh mé ag tiomáint tríd na Sé Chontae ar na mallaibh nuair a stop baill den fórsa PSNI mé. Nuair a tugadh fá deara go raibh m'ainm agus mo sheoladh i nGaeilge ar mo cheadúnas tiomána, iarradh orm mo ghluaisteáin a bhogadh go taobh an bhóthair.

Níorbh é gur tharla a dhath ar bith as an ghnáth dom ar thaobh an bhóthair, ach bhí comhrá suimiúil go leor agam leis an fhear péas a bhí ag cuardadh thart fán ghluaisteáin. "What does your address say sir?", a d'iarr sé, "We don't understand Gaelic in this police force."

Is ag an phointe seo a ghlac mé féin an deis toiseacht ar an scéalaíocht is ar an chumadóireacht:

"Nach bhfuil Gaeilge agaibh san péasfhórsa nua seo?"

Dúradh liom nach raibh dualgas orthu sa PSNI Gaeilge a fhoghlaim ná a labhairt in am ar bith. Bhí mé den bharúil go raibh ábhar imní tuillte ag mo dhuine agus chum mé roinnt firicí bréagacha dó.

"Tá mé cinnte go mbeidh ar gach ball den PSNI Gaeilge líofa den scoth a fhoghlaim mar cuid de na dualgasaí a bhí le comhlíonadh le teacht i bhfeidhm Comhaontú Aoine an Chéasta..... Léigh mé altanna le déanaí ins san Irish Times agus bhí sé pléite go minic sna meáin go mbeadh ar na baill ar fad den fhórsa nua freastal ar dhianchúrsaí Gaeilge agus scrúdaithe labhartha is scríofa a dhéanamh...Bheadh orthu uilig caighdeán cainteoirí dúchais a bhaint amach nó ní bheadh postanna acu a thuilleadh...Bhí Teach Laighean ag brú an polasaí áirithe seo mar chuid den proiséas síochána...Bhí an tAire Stáit Máire Ní Chlocháin i mbun cainteanna leis na Gardaí, ag déanamh cinnte go mbeidh comhoibriú leanúnach ar siúl eadarthu féin is an péasfhórsa nua sna Sé Chontae sa dóigh is go mbeadh Gaeilge blasta binn den scoth acu ar fad mar atá ag gach Garda is Bangharda sna Sé Chontae is fiche...Ó, cinnte, bhí Gaeilge iontach acu uilig ó dheas..."

Le fírinne, thug mé crá croí ceart don bhoc seo. Bhí sé buartha go raibh fadhbanna go leor aige féin agus Fraicís le déanamh aige ar scoil. Ar ndóigh, mhínigh mé dó go mbeadh an Ghaeilge i bhfad níos fusa aige agus nach nglacfadh sé i bhfad dó teacht isteach uirthi.... Thiocfadh leis seal a chaitheamh ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta atá craolta chan amháin ar fud na tíre ach ar fud na cruinne...Maise, bhí cláracha íontacha le feiceáil anois ar TG4...B'fhéidir gurbh fhearr leis toiseacht ag breathnú ar cláracha na bpáistí, ní amháin nach mbeadh siad ró-chasta dó ach bhí roinnt cláracha i mBéarla ina measc fosta.

Bhuel, i ndiaidh tamaill, bhí an ball áirithe seo den PSNI trína chéile ag smaointiú fán mhéid a bhí i ndán dó sa todhchaí. Rinne sé dearmad fá drocham a thabhairt dom ar thaobh an bhóthair agus bhí mé ar mo bhealach arís.

Tuigim, ar ndóigh nach bhfuil i gceist san fhórsa nua seo PSNI ach ainm úr cumtha don RUC. Beidh an craobh speisialta i bhfeidhm acu ar fad, tá neart piléir plaisteacha i stóras acu l'aghaidh deich mbliain eile ar a laghad, níor tugadh duine ar bith acu chun na cúirte as dunmharú...Tá liosta fada le leasú go fóill agus ní fheicim fáth ar bith ar chóir do phoblachtánaithe tacú lena leithéid de cur i gcéill. Ní fiú ainm úr a chumadh nuair nach ndéantar iarracht fadhbanna a leigheas. Cuimhnítear gur seo seanchleas ag Sasanaigh ainm nua a chur ar drochrud; Windscale - Sellafield, An Cheis Fhada - The Maze.


Seanfhocal na Seachtaine



'An t-aonú aithne déag:- tabhair aire duit féin'


Níl amhras ar bith ann ach gur chóir cuimhne ar an aithne thuasluaite i gcónaí i gnó ar bith leis an PSNI.


An Draoi Rua

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland