Top Issue 1-2024

15 November 2001 Edition

Resize: A A A Print

Aimsir na dTaibhsí

Níl amhras ar bith ann ach is maith le muintir na hÉireann scéaltaí i dtaobh taibhsí a chloisteáil le linn oícheanta fhada an gheimhridh. Níl cur síos cruinn ná beacht ag duine ar bith ar thaibhsí, ach amháin le rá gur daoine daonna a bhí iontu tráth.

Maidir leis an seanchreideamh Ceilteach in Éirinn, cuirtear síos ar thaibhsí mar spioraid a mhaireann mar phobal an domhan iarbháis. Ar ndóigh, maireann cuid den lucht marbh mar shíoga agus cosúil le daoine daonna tá cuid acu maith agus cuid eile olc.

De ghnáth, fanann na mairbh sa domhan eile ach déanann siad teagmháil le muintir an tsaol seo ar fháthanna éagsúla.

Uaireanta, is maith le taibhsí cuidiú leis an phobal i gcoitinne ar dhóigh éigin ach cuidíonn siad le gaolta leo, go háirithe. In amanta eile, is mian leis na mairbh cuidiú a fháil dóibh féin. Tugadh meas agus urraim do na mairbh i gcónaí in Éirinn agus tuigeadh go raibh eolas agus taithí ar leith ag taibhsí. Dá bhrí sin, rinne draoithe agus filí teagmháil leis na mairbh go rialta agus iad ag brath ar an t-eolas agus ar an chomhairle speisialta a bhí acu. Mar aon leis an mhéid thuasluaite , ba mhinic a tháinig daoine ar ais ón domhan eile le díoltas a fháil ar a naimhde.

Caithfidh a rá, go bhfuil i bhfad níos mó tagairtí do thaibhsí ó Ré na Críostaíochta ar aghaidh. Baineann cuid mhór de na scéalta taibhsiúla l'anamacha purgadóra nó le páistí gan baisteadh . Cuirtear síos ar ríocht purgadóra ar dhóigheanna éagsúla, mar thine fíochmhar, mar loch fuar leadránach, nó in áiteanna iargúlta uaigneach ar an domhan seo, faoi chlocha, idir choirt agus idirshnamh i gcrann agus araile. Leoga, deirtear nach féidir l'anamacha purgadóra labhairt go dtí go labhraíonn duine beo leo. Is í an chomhairle a thugtar má chasann taibhse ón Phurgadóir ort ná an cheist seo a leanas a chur;

"In ainm Dé, cad é atá ag cur as duit?"

Maidir l'anamacha purgadóra, deirtear go bhfuil paidreacha de dhíth ag an chuid is mó acu. Tá scéal clúiteach a chuireann síos ar dhuine a bhí ag taisteal agus a bhuail le stráinséar ar an bhóthar. Chaith siad tamall ag comhrá lena chéile ar an bhealach.

Thug an stráinséar a phíopa ar iasacht do mo dhuine agus nuair a bhronn sé an phíopa ar ais don stráinséar, dúirt sé:

"Go mbeannaí Dia thú!"

Leis sin, d'imigh an strainséar as radharc agus anam s'aigesean ar aghaidh chun na Flaitheas. Mar sin de, deirtear gur chóir paidir a rá d'anamacha purgadóra gach uair a bhfuil píopa, toitín ná a dhath eile á chaitheamh ag duine.

Uaireanta eile, tá níos mó ná paidir amháin de dhíth ag anam bocht. Tá scéal as Lios na Sceiche i gCo. Fhear Manach ina tháinig taibhse ar ais seacht n-uaire lena mhac a fheiceáil. Ní go dtí an seachtú oíche a d'iarr an mac ar a athair cad é a bhí de dhíth air. Dúirt an t-athair leis gur chóir dó mála coirce a thabhairt ar ais don chomharsan béal dorais. Rinne an mac amhlaidh ach tháinig cumha air ina dhiaidh óir b'fhearr leis cuideachta a athair a bheith aige go fóill.

Tá scéal eile ann a chuireann síos ar an fhear áirithe seo a bhí ag taisteal. Tharla gur bhuail sé isteach ar teach a' phobail le paidir a rá agus é ag éirí dorcha. Trí thimpiste, cuireadh faoi ghlas é agus d'ullmhaigh sé féin leis an oíche a chaitheamh ann. Mar a tharla see tháinig sagart amach ar an altór díreach ag meán oíche agus d'iarr sé ar an taistealaí a bheith mar chuideachta aige nuair a léadh sé aifreann. Nuair a bhí an t-aifreann thart, ghuígh an sagart na mílte buíochas ar an taistealaí agus é á rá leis nach mbeadh anam s'aigeasan slánaithe go dtí go mbeadh an t-aifreann deireanach seo ráite i gcuideachta duine daonna. D'imigh an sagart as radharc agus osclaíodh na doirse ar theach a'phobail. Dá bhrí sin, chuaigh an sagart chun na Flaitheas agus bhí an taistealaí ábalta gabháil ar aghaidh ar a bhealach féin.

Tuigtear go raibh tionchar mhór ag an chléir ar na scéalta thuasluaite agus is dócha gurb iadsan a bhí a d'inis a leithéid arís is arís eile. Ar ndóigh, spreag scéalta mar seo daoine lena thuilleadh paidreacha a rá agus freastal ar aifreann níos minice.


Seanfhocal na Seachtaine



'Tuigeann gach taibhse a gnó féin.'


Is cinnte nach bhfuil an oiread sin tuiscint ag an ghnáthduine ar thaibhsí ach ar a laghad tuigeann siad féin cad chuige a bhfuil siad ann.


An Draoi Rua.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland