Top Issue 1-2024

8 November 2001 Edition

Resize: A A A Print

Locht na dTeifigh

B'fhéidir nár thug an oiread sin daoine faoi deara ach tá an seachtain seo 5 go dtí 11 Samhain roghnaithe ag an Úadarás Cothromachta (The Equality Authority) l'áird an phobail a dhíriú ar chiníochas i suíomhanna oibre. Dá bhrí sin, cuirtear Seachtain Frith-chiníochas ar Láithreáin Oibre ar an seachtain seo.

Anois, níl a fhios agam cé chomh éifeachtach is atá an feachtas seo l'áird an phobail a dhíriú ar an fhadhb, ach is cinnte nach ndeachaigh sé i bhfeidhm ar an Tánaiste Mary Harney ar chor ar bith. Le déanaí, scaoil sí ráiteas go raibh sé ar intinn ag Teach Laighean athbhreathnú a dhéanamh ar ceadúnais oibre a thabhairt do theifigh. Bhí sí den bharúil go bhfaigheann 99 fán gcéad teifigh cead a gcinn a bheith ag obair in áite ar bith ar fud na Sé Chontae is Fiche. Mar sin de, tá sí ag iarraidh gearradh siar ar an mhéid postanna a bhfaigheann teifigh agus í ag cur locht orthu as fadhbanna eacnamaóchrta na tíre chomh maith.

Níl amhras ar bith ann ach go gcothaíonn dearcadh Mary Harney a thuilleadh tuairimí ciníocha ar fud na tíre. Tá daoine ag gearán cheana féin ag rá go bhfuil coimhthígh agus teifigh ag goideadh 'jabanna s'acusan'. Is é an rud atá Harney á dhéanamh ná ag tacú leis an bharúil cúng thuasluaite.

Ní luaitear gur ghlac stráinséir le postanna éagsúla toisc nach raibh tuarastal sásúil ná ceart a thabhairt do dhaoine ó úinéirí monarcháin, bainisteoirí óstáin agus eile. Tuigtear go bhfuil na postanna is measa agus is contúirtí ag teifigh atá an t-ádh orthu post a fháil. Tá coinníollacha oibre úafásach agus an pá is ísle in Éirinn acu. Anois, cuirtear an milleáin ar theifigh as fadhbanna eacnamaíochta a chruthú in Éirinn. 'Divide and Rule' an Béarla a thugtar ar a leithéid de fhealsúnacht.

Léirítear 'céad míle fáilte mo thóin' sa mhéid thuasluaite óir níor tugadh aitheantais ceart do theifigh riamh in Éirinn.

Is cosúil anois go bhfuil an eacnamaíocht bréagach a chruthaigh na Sé Chontae is Fiche ar an fhinscéal faoin 'Tíogar Ceilteach' ar tí pléascadh. Ní thiocfadh l'eacnamaíocht a bheith ag brath ar mhonarcháin ilnáisiúnta agus ar impiriúlachas caipitleach ach seal beag gairid. Chomh luath agus atá an brabús déanta agus is féidir a dhéanamh, nó a luaithe is atá baol go caillfear airgead, imíonn na boic móra lena bpócaí lán agus fágtar oibrithe gan postanna, gan deochas ach le billí is le morgáistí móra.

Déantar dearmad fosta go bhfuil na milliúin Éireannaigh ar fud na cruinne ag obair mar theifigh go neamhdhlítheach. Ba cheart go mbeadh níos mó tuiscint ag Teach Laighean ar chás teifigh i gcruachás.

Ní amhlaidh mar atá an scéal, áfach, ach is dócha nach dtuigeann Mary Harney go bhfuil dearcadh cúngaigeanta s'aicise ag cothú i bhfad níos mó deacrachtaí ar láithreáin oibre. Mar aon leis sin, b'fhédir nach dtuigeann siad ach chruthaíonn tacaíocht Teach Laighean do George W. Bush ag buamáil na hAfaganastáine na miliún teifigh eile sa domhan.


Seanfhocal na Seachtaine



'Níl duine ar bith níos fusa a chur amach ná an té nach bhfuil teach aige féin.'


Is minic a roghnaíonn polaiteoirí ar dhream daoine nach feeidir iad féin a chosaint i gceart.


An Draoi Rua


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland