27 September 2001 Edition

Resize: A A A Print

Slógadh Shinn Féin i Ráth Cairn

Beidh Slógadh Shinn Féin i Ráth Cairn arís i mbliana ar an 19, 20 agus 21 Deireadh Fómhair 2001. Cuirfear tús leis an Slógadh oíche Dé hAoine, 19 Deireadh Fómhair le míreanna de ``Seó an tSamhraidh - Seó Ráth Cairn'' agus leanfar ar aghaidh ansin le hOíche Cheoil le ceoltóirí agus amhránaithe áitiúla.

``Sinn Féin - Cén difear don Ghaeilge'' téama Shlógadh 2001. I measc na gcainteoirí a bheas ann Dé Satharn beidh Bairbre de Brún, MLA, Aire Sláinte ó Thuaidh agus Daithí Ó hÓgáin, Ollamh Comhaltach in Ollscoil Bhaile Átha Cliath. Toisc go bhfuil an Páirtí i gcumhacht sna Sé Chontae agus go bhféadfadh sé a bheith i gcumhacht sna Sé Chontae Fichead nó coimheá na cumhachta sa Dáil a bheith ag Sinn Féin, ní mór go bpléifí ceist na Gaeilge agus polasaí Shinn Féin ina leith.

Beifear ag súil ní amháin go dtiocfadh moltaí praticiúla as an Slógadh seo ach go ndíreodh Slógadh 2001 ar bhealaí éifeachtacha leis na moltaí sin a chur i gcrích go dáiríre ag gach leibhéal laistigh agus lasmuigh de Shinn Féin. Chun na críche sin beidh béim faoi leith ar cheardlanna a reáchtáil tráthnóna Dé Sathairn le moltaí na mball a bhailiú d'fhonn teacht ar thoradh fiúntach ar Shlógadh 2001.

I ndiaidh obair lae an tSathairn beidh Dínnéar Mór an tSlógadh san Áras Pobail ag a mbronnfar Gradam na Poblachta. Leanfar ar aghaidh ansin le hOíche Cheoil. Maidin Domhnaigh críochnóidh an Slógadh le turas stairiúil.

I mbliana beidh bus speisialta curtha ar fáil le rannpháirtithe a bhailiú agus a thabhairt ar ais go Stáisiún Traenach Dhroichid Átha. Mar sin do dhaoine ag taisteal ó Bhéal Feirste, Bhaile Átha Cliath, Chorcaigh, Luimneach, Gaillimh nó Port Láirge teacht go Droichead Átha d'fhéadfaidís Bus an tSlógaidh a fháil go Ráth Cairn agus ar ais. Tuilleadh eolas faoi seo ach é a iarradh agus sa mbróisiur.

Tá spéis as cuimse léirithe sa Slógadh go dtí seo agus moltar dóibh siúd a bheidh teacht go Ráth Cairn áirithint a dhéanamh go luath go háirithe más lóistín Gaeltachta a theastaíonn.

Tuilleadh Eolais, bróisiúir, áirithintí ó Shinn Féin na hUaime ag (00353) (0)46 21345 [email protected] nó ó Rúnaí an Chumainn i Ráth Cairn ag (00353) (0)46 32652 nó ag [email protected]

SEÁN Ó RIAIN, OCP CHUMANN RÁTH CAIRN


Sinn Féin's Slógadh in Ráth Cairn Gaelacht



Ráth Cairn's Sinn Féin Cumann plays host to the Sinn Féin's Annual Slógadh again this year during the weekend of 19, 20 and 21 October. The Slógadh will commence with a selection of acts from the successful and acclaimed Ráth Cairn summer show followed by an Oíche Cheoil with local musicians.

``Sinn Féin - What difference for the Irish Language?'' is the theme of Slógadh 2001. Bairbre de Brún, MLA, the North's Health Minister together with UCD, Professor Dáithí Ó hÓgáin will be the main speakers on Saturday morning. It is important that a study of the Party's position and policy regarding the language is updated especially in view of the Party's participation in the Six County Executive and the possibility of sharing power or holding the balance of power in the 26 Counties in the near future

This year's Slógadh be directed towards discussion workshops in which the serious language issues can be discussed and collated for forming a strong language policy but it will also look at ways of ensuring that such policy is put into effect and that effectiveness be monitored. The Saturday afternoon session will consist mostly of discussion groups with that in mind.

Later in the early evening, events will continue with Dinnéar Mór an tSlógaidh at which Gradam na Poblachta will be presented to a deserving republican for his or her work on behalf of the republican movement. This will be followed by an Oíche Cheoil with local and visiting musicians, singers and dancers in Ráth Cairn.

This year, a special bus will service Drogheda Train Station to ferry participants to the Slógadh in Ráth Cairn and back on Sunday. There is an excellent train service from all over the country to Drogheda and details of Bus an tSlógaidh ar available on request and in the Slógadh Brochure.

Following last year's success, great interest has already been expressed in this year's Slógadh and early booking is recommended, especially if Gaeltacht accommodation is required.

Further information, brochures, booking available from Sinn Féin na hUaime at (00353) (0)46 21345 [email protected] or from Cumann Secretary in Ráth Cairn at (00353) (0)46 32652 nó ag [email protected]

SEÁN Ó RIAIN, OCP CHUMANN RÁTH CAIRN


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland