4 March 2011
Gaillimh Thiar | TREVOR Ó CLOCHARTAIGH
Sinn Féin i bhfad níos láidre i nGaillimh Thiar
RUD AMHÁIN atá soiléir ó thorthaí Olltoghcháin 2011 ná go bhfuil tacaíocht do Shinn Féin agus ár bhfís pholaitiúil i gContae na Gaillimhe agus go náisiúnta ag fás go mór. Tá ár vóta méadaithe faoi thrí i nGaillimh Thiar agus bhí méadú de 2000 ar vóta Shinn Féin i ndáilcheantair na Gaillimhe Thoir. Sin rud a thug misneach iontach dom féin mar iarrthóir Shinn Féin Ghaillimh Thiar agus do bhaill an pháirtí ar fad san Iarthar. Comhghairdeachas le mo chomhleacaí, Dermot Connolly taobh thoir, tiocfaidh a lá siúd tá mé cinnte.
Tá sé le feiceáil san olltoghchán seo gur fíor athrú i réimeas pholaitíochta na tíre seo atá de dhíth ar mhuintir Ghaillimh Thiar. Le rudaí a chur i gcomhthéacs, d’éirigh níos fearr le Sinn Féin anseo ná TD agus Iar aire, Seanadóir, Comhairleoirí Cathrach, Comhairleoir Chontae agus Méara reatha na Cathrach. Measaim go dtugann sé seo teachtaireacht shoiléir do na Teachtaí nuathofa chomh maith leo siúd a chaill a suíocháin.
Go náisiúnta, léiríonn an tacaíocht iontach do Shinn Féin go bhfuil glacadh níos leithne freisin le polasaithe an pháirtí. Is cinnte go mbeidh glór níos láidre sna meáin náisiúnta ag Sinn Féin anois agus daoine nua cumasacha tagtha chun cinn chun cuidiú leis an dream atá ag feidhmiú go fíor éifeachtach dúinn cheana féin. Is muid chomh maith an t-aon pháirtí a bhfuil ionadaíocht agus dearcadh 32 contae againn agus is buntáíste mór dúinn é seo.
Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na Teachtaí Dála nuathofa i nGaillimh Thiar. Is é ról na bpolaiteoirí ná feabhas a chuir ar bheatha na ndaoine agus tá súil agam go ndéanfaidh siad a ndícheall chun a bheith mar ghuth láidir ar son phobal na Gaillimhe Thiar uile sa Dáil. Is féidir liom a chinntiú don dream a chaith vóta domsa agus Sinn Féin san olltoghchán seo nár chuir siad amú a gcuid vótaí, mar gheall mé, dá dtoghfaí mise nó muna dtoghfaí, go leanfainn ag feidhmiú ar a son agus tá sé i gceist agam sin a dhéanamh. Táimid an-bródúil as toradh s’againne san olltoghchán agus beidh muid ag fanacht go fonnmhar ar na toghcháin áitiúla i 2014.
Beidh muid ag obair go dúthrachtach i nGaillimh Thiar anois chun cur le líon na mball, na cumainn a neartú agus dúshlán na bpáirtithe eile a thabhairt sna meáin agus i ndíospóireachtaí poiblí. Trid sin is uile beidh muid ag déanamh ionadaiochta ar son an phobal ar fad chun leas an phobail ar fad a chur chun cinn.
Follow us on Facebook
An Phoblacht on Twitter
Uncomfortable Conversations
An initiative for dialogue
for reconciliation
— — — — — — —
Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures