24 May 2001 Edition

Resize: A A A Print

Fógraí bháis

Tommy Kelly (Big Jack)


Tommy Kelly, known to all his friends as Big Jack, died on 7 February aged 64.

Born in Ahascragh, the son of the local school principal, he was a lifelong republican. He worked for many years in Tynagh mines.

Tommy had a big interest in Gaelic games and played hurling in his youth. Throughout his life, he held republicans and the republican cause in the highest esteem. He admired the unselfish sacrifice of republican families and held regular collections for An Cumann Cabhrach.

As an outspoken critic of British occupation in Ireland, he was a regular recipient of the unwanted and unwarranted attentions of the Free State police but he never wavered in his republican beliefs, despite this regular intimidation.

In the aftermath of Bloody Sunday, Tommy led a walkout of Tynagh Mines and a closedown of production as a mark of respect to the victims and also to highlight the situation in the occupied Six Counties.

Galway republicans are much the poorer for the passing of this committed activist whose contribution to Ireland's freedom struggle will be fully chronicled in the fullness of time.

Tommy Kelly, died suddenly in February 2001. He will always be remembered by his comrades in Ahascragh, Loughrea and Óglaigh na hÉireann.


Seán MacStíofáin 1928-2001



Bhí Seán MacStíofáin ina Cheann-Foirne, Óglaigh na hÉireann, i mblianta tosaigh na tréimhse seo den streachailt ar son saoirse na tíre. Saighdiúir poblachtánach agus Gaeilgeoir a bhí ann óna óige agus chreid sé in athghabháil na hÉireann i rith a shaoil.

I Londain a rugadh agus a tógadh é agus Éireannach ab ea a mháthair. Coinscríobhadh é san RAF i 1945. Dúirt sé go bhfuair sé tuiscint ar an impiriúlachas agus é i Jamaica leis an RAF. Ar ais i Londain chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge agus i nGluaiseacht na Poblachta. In aois 21 i 1959 bhí sé ina Óglach Poblachtach.

B'shin iad na blianta ina raibh na hÓglaigh á atógáil agus á ullmhú do bhfeachtas míleata nua. Mar chuid de sin bhí Séan páirteach i ruathar i bhFelsted, Essex i 1953 nuair a ghabh na hÓglaigh armlón mór ó bhfoirgneamh de chuid Arm na Breataine ansin. Bhí an triúr - MacStiofáin, Cathal Goulding agus Manus Canning - ag éalú nuair a ghabhadh iad ag na póilíní.

Príosún ocht mbliana a ghearradh ar Seán MacStíofáin agus i Wormwoods Scrubs a chaith sé na blianta sin. Bhuail sé ann le phríosúnaigh ó EOKA, trodairí ar son saoirse na Cipire, a bhí faoi smacht na Breataine ag an am agus chuir siad a dá streachailt i gcomparáid. Ar an lá a scaoileadh Seán MacStíofáin saor in 1959 tháinig sé go hÉirinn.

Ar ais leis ansin ag obair leis na hÓglaigh agus bhí sé ar Fhoireann Cheann-Ceathrú an Airm sna 60í. Bhí sé mar chuspóir aige i gcónaí an Arm a bheith ullamh chun troid in aghaidh fórsaí na Breataine agus ar an bhonn sin chuir sé i gcoinne an athrú bhunúsach pholasaí a bhí á chur i bhfeidhm sa Ghluaiseacht sa tréimhse sin.

Faoin am ar tháinig an ghéarchéim sna Sé Chontae i 1969 bhí scoilt sna hÓglaigh dosheachanta agus bhí Seán MacStíofáin chun tosaigh i measc siúd a bhí ag atógáil an Airm arís ó Nollaig 1969. B'iad na poblachtánaigh fhéin, idir Óglaigh óga ar sráideanna Bhéal Feirste agus Doire agus daoine cosúil le Seán MacStíofáin a bhunaigh na `Sealadaigh'. I gcomhthéacs an chonspóid nua faoi triail na nArm tá sé ráite arís gur spreag daoine i bhFianna Fáil iad chun scoilt ach is mífhaisnéis amach is amach é sin.

Bhí Séan MacStíofáin ina Cheann-Foirne ar Óglaigh na hÉireann ó 1969 go 1972. Sna blianta sin chuaigh na hÓglaigh ó stráitéis cosanta sna Sé Chontae go dtí stráitéis ionsaitheach. Sa tréimhse sin d'éirigh leis na hÓglaigh dúshlán a thabhairt do fhórsaí na Breataine nár tugadh dóibh ó am na nDúchrónach. Bhí ar rialtas na Breataine é sin a aithint go poiblí i Meitheamh 1972 nuair a bhí sos chogaidh déthaobhach idir na hÓglaigh agus Arm na Breataine. Tugadh stadas polaitiúl do na príosúnaigh poblachtánacha ó thuaidh tar éis agóidí, stailceanna ocrais san áireamh.

Ar an 7 Iúil 1972 bhí Seán MacStíofáin mar cheannaire ar an toscaireacht poblachtánach a bhuail le ionadaithe Rialtas na Breataine i Londain.

Ba léir nach raibh rialtas na Breataine chun a pholasaí míleata agus polaitiúil a athrú agus go luath tar éis na gcainteanna sin tháinig deireadh leis an sos chogaidh nuair a bhris Arm na Breataine é i mBéal Feirste. Chuir rialtas Shasana agus rialtas Jack Lynch réim coisctheach i bhfeidhm ar an dá thaobh den teorainn.

Gabhadh Seán MacStíofáin i mí na Samhna 1972 tar éis dó agallamh a dhéanamh le iriseoir RTÉ Kevin O'Kelly. Cuireadh an dlí ar O'Kelly, briseadh údarás RTÉ as a bpostanna agus cuireadh Seán MacStiofáin i bpríosún. I Mountjoy chuaigh sé ar stailc ocrais a lean 57 lá. Scaoileadh Seán saor i 1973. Lean sé mar poblachtánach gníomhach.

Bhí Sean MacStiofáin chomh ghníomach i gcónaí i nGluaiseacht na Gaeilge is a bhí sé i nGluaiseacht na Poblachta. Ó 1975 ar aghaidh bhí sé ar Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge. Bhí sé ina Chathaoirleach ar Choiste Dúiche na Mí agus san aít ina raibh cónaí ar le blianta fada, Baile Ghib, Contae na Mí, ghlac sé páirt sa chraobh áitiúl den gConradh. Bhí suim ar leith aige i gcearta teanga, cúrsaí oideachais, litríocht agus scríobhnóireacht na Gaeilge. Go dtí go luath sular bhfuair sé bás d'fhreastal sé ar chruinnithe den gCoiste Gnó.

Bhí Seán MacStíofáin dílis do idéalacha an Phiarsaigh - Éire ní hamháin saor ach Gaelach, ní hamháin Gaelach ach saor. Leaba i measc laochra na hÉireann go raibh aige.

Comhbhrón dá bhean Máire, dá iníonacha Catherine, Máire agus Sinéad agus dá chlann uile.

LE MÍCHEÁL MacDONNCHA

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland