Top Issue 1-2024

10 May 2001 Edition

Resize: A A A Print

George Glan ar Mire

Is cosúil go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas le linn do George W Bush a bheith i gcumhacht. Níl ach cúpla mí caite aige i bpost an Uachtaráin ach tá timpeallacht iontach contúirteach cruthaithe aige cheana féin. Anois, ba mhaith leis forbairt a dhéanamh in airm núicléacha.

     
Níl amhras ar bith ann ná go mbeidh todhchaí ár bpáistí féin go mór i mbaol má ligtear do George W Bush leanstan ar aghaidh lena chuid pleannana le airm núicléacha a fhorbairt
Lá Bealtaine, thug sé óráid agus é den tuairim go raibh gá práinneach don Roinn Cosanta Mheiriceá airm núicléacha úrnua a chruthú leis na Stáit Aontaithe a chosaint. Tá sé den bharúil go bhfuil bagairtí ann sa lá atá inniú ann nach raibh ann i 1972, nuair a síníodh an Conradh i gcoinne Airm Núicléacha. Sa mhéid a bhí le rá aige, bhí sé ag tagairt do dháta an Conartha seo i 1972 agus é ag maíomh go raibh gach rud a bhí ann go mór as dáta. Maidir liom féin, creidim gur mór an trua é nach raibh a leithéid de Chonradh sa domhan tríocha bliain níos luaithe sa dóigh is nach mbeadh ar mhuintir Hiroshima agus Nagasaki ionsaithe núicleacha a fhulaingt i Lúnasa 1945.

Tuigimid gur cumhacht scanrúil ghránna atá sna buamaí núicleacha. Maraíodh 80,000 duine i Hiroskima amháin agus scriosadh saol na mílte eile. Cuireann sé eagla agus alltacht orainn go bhfuil sé i gcumas an chine daonna gach uile rud beo ar an phlanéid seo a mhilleadh ina iomlán. Ar a laghad, bhí cosaint de shaghas éigin sa Chonradh 1972 nach scriosfar an domhan. Feictear, áfach, go bhfuil pleananna eile ag George W Bush.

Níl amhras ar bith ann ná go mbeidh todhchaí ár bpáistí féin go mór i mbaol má ligtear do George W Bush leanstan ar aghaidh lena chuid pleannana le airm núicléacha a fhorbairt. Cuirfidh sé deireadh le gach conradh atá sínithe agus beidh rás ollmhór tosaithe l'airm núicleacha a thógáil ar fud na cruinne.

Is cinnte go mbeidh praghas uafásach l'íoc ag an domhan mhór a leanann na Meiriceánaigh leis na hairm seo a fhorbairt. Feictear fosta go bhfuil luach mhór airgid i gceist chomh maith. $60 billiúin an figiúir atá luaite le caitheamh ar na buamaí uafásach seo. Nach dtiocfadh i bhfad níos mó a dhéanamh ar son na mbocht ar fud na cruinne ná a bheith ag cruthú contúirte leis an domhan a scrios? Níl ciall ná réasún leis an chaiteachas seo ar chor ar bith.

Tá sé ar intinn ag údarás Bush trí chineáil buamaí a fhorbairt. Airm núicleacha ar talamh, cinn farraige agus cinn spáis. Is bréag amach is amach é le rá go bhfuil sé riachtanach dóibh airm neuicleacha ollmhóra a chruthú le SAM a chosaint. Cé atá ag gabháil ionsaí a dhéanamh orthú?

Creidim nach bhfuil suim ar bith ag na polaiteoirí fadhbanna a réiteach. B'fhearr i bhfad l'údarás Bush an domhan ar fad a choinneáil faoi smacht ós rud é go bhfuil na buamaí ba mhó acu. B'fhearr leo an lámh láidir a úsáid in ionad deacrachtaí polaitúla a phlé. I ndáiríre, b'fhearr le George W Bush an domhan ar fad a choinneáil faoina ordóg agus na buamaí is mó ina lámha aige.

An Draoi Rua


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland